Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE6298

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí lena rannchuidítear leis an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích (COM(2023) 225 final) — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú (COM(2023) 226 final — 2023/0111 (COD)) — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a mhaoiniú (COM(2023) 227 final — 2023/0112 (COD)) — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe den íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (COM(2023) 229 final — 2023/0113 (COD))

    EESC 2022/06298

    IO C 349, 29.9.2023, p. 161–166 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 349/161


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí lena rannchuidítear leis an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích

    (COM(2023) 225 final)

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú

    (COM(2023) 226 final — 2023/0111 (COD))

    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a mhaoiniú

    (COM(2023) 227 final — 2023/0112 (COD))

    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe den íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe

    (COM(2023) 229 final — 2023/0113 (COD))

    (2023/C 349/24)

    Rapóirtéir:

    Giuseppe GUERINI

    Comhrapóirtéir:

    Christophe LEFÈVRE

    Comhairliúchán

    8.12.2022, litir ó Aireacht na Spáinne um Ghnóthaí Eachtracha, um an Aontas Eorpach agus um Chomhar

    Comhairle an Aontais Eorpaigh, 23/06/2023 (COM(2023) 229 final), 11.7.2023 (COM(2023) 226 final), 11.7.2023 (COM(2023) 227 final)

    Parlaimint na hEorpa, 12.6.2023 (COM(2023) 229 final), 10.7.2023 (COM(2023) 226 final agus 227 final)

    An Coimisiún Eorpach, 2.6.2023 (COM(2023) 225 final)

    Bunús dlí

    Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

    Dáta a glactha sa rannóg

    27 Meitheamh 2023

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    13.7.2023

    Seisiún iomlánach Uimh.

    580

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    175/0/2

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Is mór ag CESE an tionscnamh cuimsitheach ón gCoimisiún chun an reachtaíocht maidir le bainistíocht géarchéime banc agus árachais taiscí a chur i gcrích, ós rud é gur céim ríthábhachtach é an tAontas Baincéireachta a chur chun cinn chun an margadh aonair Eorpach a neartú tuilleadh ar mhaithe le taisceoirí agus cáiníocóirí.

    1.2.

    Creideann CESE gur léiríodh sna géarchéimeanna baincéireachta a bhí ann le déanaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá cé chomh tábhachtach is atá sé gníomhú go tapa chun srian a chur ar an riosca tógálachta, chun suaimhneas intinne i leith cúrsaí airgid a chinntiú d’infheisteoirí agus do thaisceoirí, chomh maith leis an ngá atá le solúbthacht chun freagairt do ghéarchéimeanna bainc. Léiríonn an taithí a fuarthas le déanaí freisin an tábhacht a bhaineann le banc anásta a aistriú i gceart chuig banc eile laistigh d’achar ama an-ghairid.

    1.3.

    Is mór ag CESE gur leathnaíodh cosaint na scéime ráthaithe taiscí chuig taiscí na n-údarás poiblí leis an togra ón gCoimisiún, agus go bhfuil an Coimisiún ag obair i dtreo uirlisí cosanta taiscí a chomhchuibhiú níos fearr ar fud an Aontais. Ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach ag cistí árachais taiscí arna gcistiú go leordhóthanach agus arna n-eagrú go cuí, is cinnte go mbeidh tairbhe ag baint leis an gcomhchuibhiú feabhsaithe atá molta ag an gCoimisiún.

    1.4.

    Tugann CESE dá aire go bhfuil sé ar cheann de phríomhchuspóirí an togra ón gCoimisiún raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le réiteach baincéireachta a leathnú. Tuigeann CESE go hiomlán cur chuige an Choimisiúin, mar aon leis an gcomhthéacs, an réasúnaíocht rialála agus na cuspóirí fadtéarmacha a bhaineann leis.

    1.5.

    I bhfianaise géarchéimeanna baincéireachta a bhí ann le déanaí, tá CESE á chur in iúl gur gá cur chuige pragmatach solúbtha a ghlacadh, ar cur chuige é a bheidh bunaithe ar shainghnéithe na gcásanna éagsúla atá idir lámha ó thaobh na nithe seo a leanas: i) cur chuige rialála; ii) na huirlisí is éifeachtaí atá ar fáil a roghnú; iii) impleachtaí praiticiúla na ngníomhaíochtaí a dhéanfar; iv) an comhar is gá idir na geallsealbhóirí; v) an luas lena gcuirtear bearta i bhfeidhm; vi) cineál na n-acmhainní airgeadais a úsáidfear chun na réitigh a roghnaíodh don bhainistíocht géarchéime a chur chun feidhme.

    1.6.

    Creideann CESE go bhféadfadh sé nach mbeidh réiteach bainc an réiteach is áisiúla i gcónaí chun cosaint iomlán a thabhairt do na héiceachórais eacnamaíocha ina bhfeidhmíonn banc anásta. Nuair a d’fhéadfadh réiteach bainc a bheith níos costasaí ná leachtú, ba cheart do na bainc sin nós imeachta dócmhainneachta a thionscnamh.

    1.7.

    Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún go bhféadfaí an measúnú ar leas an phobail a bheachtú trí chur chuige níos trédhearcaí agus níos comhchuibhithe a ghlacadh ar fud an Aontais. Cé go n-aithníonn CESE gur deacair do rialtóirí cothromaíocht a bhaint amach idir solúbthacht agus intuarthacht, molann CESE do na comhreachtóirí teacht ar réitigh lena laghdaítear an éiginnteacht dhlíthiúil a mhéid is féidir.

    1.8.

    Measann CESE gur gá cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir sainmhíniú níos fearr i ndáil leis an ‘measúnú ar leas an phobail’ agus comhréireacht chur i bhfeidhm an chritéir sin maidir le bainc bheaga, mheánmhéide agus áitiúla. Tríd an measúnú ar leas an phobail a leathnú chun bainc a bhfuil ról tábhachtach acu ar bhonn réigiúnach a chur san áireamh, fágtar roinnt éiginnteachta fós sa chreat atá ann faoi láthair.

    1.9.

    Tá sé á mheabhrú ag CESE arís eile a thábhachtaí atá sé prionsabal na comhréireachta a urramú chun rialachán a chur ar fáil a bheadh oiriúnach chun a chuspóirí a bhaint amach gan dochar rómhór a dhéanamh do leas na mbanc beag, meánmhéide agus áitiúil. Ba cheart prionsabal na comhréireachta a bheith san áireamh freisin agus an measúnú maidir le leas an phobail á chur i bhfeidhm, go háirithe i gcás na mbanc áitiúil nach mbaineann riosca don chobhsaíocht airgeadais leo.

    1.10.

    Cé go n-aithnítear inniúlachtaí éagsúla idir rialáil baincéireachta agus rialáil státchabhrach, creideann CESE gur cheart an pacáiste iomlán maidir le bainistíocht géarchéime banc agus árachais taiscí a chomhordú go cuí leis an athbhreithniú a bhfuiltear ag súil leis ar an Teachtaireacht ó 2013 maidir le Státchabhair (1) in earnáil na baincéireachta. Mura ndéanfar an méid sin, beidh baol ann go gcuirfí tograí chun feidhme a d’fhéadfadh a bheith ar neamhréir leis an reachtaíocht maidir le státchabhair, rud a bhféadfadh dothuarthacht agus éiginnteacht dhlíthiúil a bheith mar thoradh air.

    1.11.

    Dhírigh an Coimisiún ar fheabhas a chur ar an uirlis straitéise aistrithe trí úsáid a bhaint as an scéim ráthaithe taiscí chun rochtain ar an gCiste Réitigh Aonair a chur ar fáil. Beidh an méid sin faoi réir coimircí leordhóthanacha. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chéim i dtreo Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhaint amach. Mar sin féin, ós rud é go mbeidh an margadh fós ilroinnte, beidh neamhéifeachtúlacht ag baint leis an scéim go dtí go mbeidh an tAontas Baincéireachta curtha i gcrích.

    2.   Comhthéacs agus tarchur na Spáinne chuig CESE

    2.1.

    D’iarr rialtas na Spáinne tústuairim ó CESE i ndáil leis an togra maidir leis an Aontas Baincéireachta, ina ndíreofaí ar a riachtanaí atá sé an measúnú ar leas an phobail a chur i bhfeidhm ar bhonn níos leithne chun go gcuimseofar na bainc, go háirithe na bainc mheánmhéide agus bheaga, sa nós imeachta réitigh comhchuibhithe i gcás géarchéime.

    2.2.

    An 18 Aibreán 2023, d’eisigh an Coimisiún ceithre thogra reachtacha éagsúla chun creat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí an Aontais atá ann cheana a neartú. Díríodh ar bhainc mheánmhéide agus ar bhainc bheaga sna tograí sin (2).

    2.3.

    De réir an Choimisiúin, ‘is léir ón taithí a fuarthas go ndearnadh go leor banc meánmhéide agus beag anásta a bhainistiú le réitigh a bhí lasmuigh den chreat réitigh’ (3) agus baineadh úsáid i gcásanna áirithe as ‘airgead na gcáiníocóirí in ionad acmhainní inmheánacha riachtanacha an bhainc nó líontáin sábhála phríobháideacha arna gcistiú ag an tionscal (scéimeanna ráthaithe taiscí agus cistí réitigh) (4)’, rud a chruthaíonn tionchar diúltach láidir ar an ngeilleagar agus ar dhearcadh na sochaí.

    2.4.

    Dá bhrí sin, leis na rialacha nua atá beartaithe, ceadaítear do na húdaráis úsáid a bhaint as réiteach mar phríomhghné den bhosca uirlisí bainistithe géarchéime. Leagtar béim leis na rialacha sin ar an bhféidearthacht nach mbeadh réiteach chomh suaiteach céanna le leachtú do chliaint, toisc gur féidir leo rochtain a choinneáil ar a gcuntais agus go gcosnaítear feidhmeanna criticiúla an bhainc.

    2.5.

    Leis na tograí ón gCoimisiún, éascaítear freisin úsáid a bhaint as scéimeanna ráthaithe taiscí i ngéarchéimeanna chun taisceoirí a chosaint ar chaillteanais, i gcás inar gá sin chun éifeacht ghabhála ar bhainc eile agus dochar níos forleithne do phobail agus don gheilleagar a sheachaint. Trí bheith ag brath ar líontáin sábhála arna maoiniú ag an tionscal (amhail scéimeanna ráthaithe taiscí agus cistí réitigh), déantar iarracht sa togra freisin airgead na gcáiníocóirí a chaomhnú i gcás géarchéimeanna baincéireachta.

    2.6.

    Dearbhaítear leibhéal an chumhdaigh EUR 100 000 in aghaidh an taisceora agus an bhainc, mar a leagtar amach sa Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí, do thaisceoirí incháilithe uile an Aontais. Leathnófar é chuig eintitis phoiblí amhail ospidéil, scoileanna agus bardais, agus chuig airgead cliant arna thaisceadh i gcineálacha áirithe cistí cliant (i.e. ag cuideachtaí infheistíochta, institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid). Féachann an togra ón gCoimisiún freisin leis na caighdeáin maidir le cosaint do thaisceoirí a chomhchuibhiú ar fud an Aontais.

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.

    Aontaíonn CESE le cuspóirí na dtograí reachtacha ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar bhainistíocht géarchéimeanna baincéireachta agus chun cosaint leordhóthanach thaiscí na mbanc a áirithiú i gcás géarchéime.

    3.2.

    Is mór ag CESE an tionscnamh cuimsitheach ón gCoimisiún chun an reachtaíocht maidir le bainistíocht géarchéime banc agus árachais taiscí a chur i gcrích, ós rud é gur céim ríthábhachtach é an tAontas Baincéireachta a fheabhsú agus a chur chun cinn chun an margadh aonair Eorpach a neartú tuilleadh ar mhaithe le taisceoirí agus cáiníocóirí. Ina theannta sin, beidh sé ríthábhachtach an tAontas Baincéireachta a thabhairt i gcrích chun fíor-Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a bhaint amach a mbeidh ar a chumas cobhsaíocht airgeadais a áirithiú agus bainistiú fónta a dhéanamh ar ghéarchéim i gcás inar gá.

    3.3.

    Mar a luaigh CESE i dtuairimí uaidh roimhe seo (5), creideann sé go bhfuil sé ríthábhachtach an creat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí atá ann cheana a neartú. Léiríodh an méid sin go soiléir leis na géarchéimeanna bainc a bhí ann le déanaí sna Stáit Aontaithe agus le cás Credit Suisse. Bhí impleachtaí díobhálacha forleathana ag na cásanna sin do chobhsaíocht an chórais baincéireachta sna Stáit Aontaithe agus san Eilvéis, agus do na margaí airgeadais idirnáisiúnta i gcoitinne agus in earnáil na baincéireachta go háirithe. San Aontas Eorpach, níl cúlstop leachtachta laistigh de na próisis réitigh cruthaithe go fóill.

    3.4.

    Tá CESE den tuairim go dtugann na samplaí de ghéarchéimeanna baincéireachta a luaitear thuas chun suntais, arís eile, a thábhachtaí atá sé gníomhú go tapa chun damáiste, agus an riosca tógálachta go háirithe, a shrianadh, mar aon leis an ngá atá le solúbthacht sa fhreagairt ar ghéarchéimeanna baincéireachta. Léiríodh freisin an ról cinntitheach a bheadh ag cúlstop leachtachta a chumhdaíonn na riachtanais leachtachta phráinneacha agus nach mór am a bheith ar fáil chun straitéis réitigh inmharthana a fhorbairt.

    3.5.

    Creideann CESE go léiríonn an taithí a fuarthas le déanaí freisin an tábhacht a bhaineann le banc anásta a aistriú i gceart chuig banc eile laistigh d’achar ama an-ghairid. Is den tábhacht, dá réir, a áirithiú go soláthróidh an creat rialála na coinníollacha cearta d’aistrithe den sórt sin, ós rud é nach mór iad a dhéanamh lasmuigh de na gnáthnósanna imeachta díchill chuí agus go mbeidh impleachtaí ollmhóra agus éiginnte ag an idirbheart. Ina theannta sin, is léir ón taithí a fuarthas go dtí seo go bhfuil gá le córas speisialta ginearálta nuair a fhaightear banc atá ag dul trí réiteach, rud a éascaíonn comhtháthú an bhainc leis an ngrúpa nua ar an mbealach is éifeachtúla.

    3.6.

    Is próiseas casta é banc a ndearnadh réiteach air a chomhtháthú agus a bhainistiú agus ní mór na céimeanna agus na ceanglais rialála a chuíchóiriú. Ba cheart do na húdaráis éagsúla lena mbaineann a bheith in ann a ról féin a chomhordú go cuí laistigh de na próisis rialála nó sna nósanna imeachta formheasa brostaithe a bhaineann leis na bearta chun géarchéimeanna a bhainistiú. Ina theannta sin, beidh sé ríthábhachtach a áirithiú gur féidir aistrithe den sórt sin a dhéanamh ar bhonn trasteorann san Aontas, i gcás inar gá.

    3.7.

    Is mór ag CESE gur leathnaíodh an chosaint a chuirtear ar fáil faoi na scéimeanna ráthaithe taiscí chuig taiscí na n-údarás poiblí leis an togra ón gCoimisiún, agus go bhfuil an Coimisiún ag obair i dtreo uirlisí cosanta taiscí a chomhchuibhiú níos fearr ar fud an Aontais. Le hárachas taiscí, cuirtear cosaint ar fáil do choigilteoirí agus taisceoirí miondíola príobháideacha agus poiblí i gcás cliseadh bainc. A bhuí leis sin, íoslaghdaítear an riosca imghabhála taiscí agus maolaítear an riosca tógálachta. Measann CESE gur cheart an t-árachas taiscí sin a choigeartú i gcásanna áirithe chun taisceoirí atá i staid eacnamaíoch leochaileach, amhail daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil tinneas fadtéarmach orthu, a chur san áireamh. Ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach ag cistí árachais taiscí arna gcistiú agus arna n-eagrú go cuí, is cinnte go mbeidh tairbhe ag baint leis an gcomhchuibhiú feabhsaithe atá molta ag an gCoimisiún.

    3.8.

    Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil sé ar cheann de phríomhchuspóirí an togra ón gCoimisiún raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le réiteach bainc a leathnú, i gcás ina meastar go bhfuil an réiteach sin i gcomhréir le ‘leas an phobail’. Ní féidir leachtú a dhéanamh ach amháin sna cásanna seo a leanas: (i) más rud é gur féidir na cuspóirí a leagtar amach don réiteach é féin sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí ná mar atá trí réiteach; agus (ii) más rud é nach gá cistí poiblí a úsáid.

    3.9.

    Tuigeann CESE go hiomlán cur chuige an Choimisiúin, mar aon leis an réasúnaíocht rialála agus na cuspóirí fadtéarmacha a bhaineann leis. Ag an am céanna, tá CESE á chur in iúl go bhfuil gá le cur chuige pragmatach, mar a léiríodh le géarchéimeanna bainc sna Stáit Aontaithe le déanaí, a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas: cur chuige rialála; na huirlisí is éifeachtaí atá ar fáil a úsáid; impleachtaí praiticiúla na ngníomhaíochtaí a dhéanfar; an comhar is gá idir na geallsealbhóirí; an luas lena gcuirtear bearta i bhfeidhm; agus, ar deireadh, cineál na n-acmhainní airgeadais a úsáidfear chun na réitigh a roghnaíodh don bhainistíocht géarchéime a chur chun feidhme.

    3.10.

    Creideann CESE go bhféadfadh sé nach mbeidh réiteach bainc an réiteach is áisiúla i gcónaí chun cosaint iomlán a thabhairt do na héiceachórais eacnamaíocha ina bhfeidhmíonn banc anásta, go háirithe banc beag nó meánmhéide. Is fiú a thabhairt faoi deara, a mhéid a bhaineann le bainc bheaga agus mheánmhéide, go bhféadfadh réiteach a bheith níos costasaí ná cineálacha eile idirghabhála, go háirithe ar an leibhéal áitiúil (ar leibhéal teoranta é go minic), ar a bhfeidhmíonn an banc. I ndáil leis sin, tá CESE á thabhairt le fios go bhféadfaí an sciar den mhargadh atá ag bainc mheánmhéide, bheaga agus áitiúla nach mbaineann gníomhaíocht trasteorann leo a mheas le haird ar leith ar an sciar foriomlán den mhargadh náisiúnta seachas ar bhonn réigiúnach laistigh de na Ballstáit.

    3.11.

    Creideann CESE gur cheart an pacáiste iomlán maidir le bainistíocht géarchéime banc agus árachais taiscí a chomhordú go cuí leis an athbhreithniú a bhfuiltear ag súil leis ar an Teachtaireacht ó 2013 maidir le Státchabhair (6) in earnáil na baincéireachta. Bhí ról ag an teachtaireacht sin maidir leis an dothuarthacht atá ann faoi láthair a chruthú i ndáil le cé acu ar cheart nó nár cheart réitigh a ghníomhachtú. Dá nglacfaí tograí rialála an chreata bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí gan bheith ar an eolas faoi na rialacha maidir le Státchabhair, bheadh baol ann go gcuirfí chun feidhme tograí atá ar neamhréir leis an reachtaíocht maidir le Státchabhair.

    3.12.

    Mar bharúil ghinearálta, tá CESE á mheabhrú arís eile a thábhachtaí atá sé prionsabal na comhréireachta a urramú chun rialachán a chur ar fáil a bheadh oiriúnach chun a chuspóirí a chomhlíonadh gan dochar rómhór a dhéanamh do leas na mbanc beag, meánmhéide agus áitiúil. Ba cheart prionsabal na comhréireachta a bheith san áireamh freisin agus an measúnú ar leas an phobail á dhéanamh, go háirithe i gcás na mbanc áitiúil nach mbaineann riosca don chobhsaíocht airgeadais leo.

    4.   Barúlacha sonracha

    4.1.

    Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún go bhféadfaí an measúnú ar leas an phobail a bheachtú trí chur chuige níos trédhearcaí agus níos comhchuibhithe a ghlacadh ar fud an Aontais. Cé go n-aithníonn CESE gur cúram an-deacair do rialtóirí é cothromaíocht a bhaint amach idir solúbthacht agus intuarthacht, tá CESE á thabhairt dá aire nach cosúil go gcuireann na tograí reachtacha deireadh iomlán leis an méid suntasach discréide a tugadh roimhe seo do na húdaráis lena mbaineann, rud a fhágann go bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil ann.

    4.2.

    Measann CESE gur gá cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir sainmhíniú níos fearr i ndáil le ‘critéar leas an phobail’ agus comhréireacht chur i bhfeidhm an chritéir sin maidir le bainc bheaga agus bainc áitiúla. Trí raon feidhme an mheasúnaithe ar leas an phobail a leathnú chun bainc a bhfuil ról tábhachtach acu ar bhonn réigiúnach a chur san áireamh, fágtar roinnt éiginnteachta fós sa chreat atá ann faoi láthair.

    4.3.

    Ós rud é gur cosúil go bhfuil raon feidhme an mheasúnaithe ar leas an phobail níos leithne ná raon feidhme na rialacha a bhí ann roimhe seo, d’fhonn raon níos leithne cásanna a chur san áireamh, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go n-oibreodh an tástáil is lú costais (i.e. ualach níos ísle ar idirghabhálacha coisctheacha/malartacha scéimeanna ráthaithe taiscí maidir le híocaíocht amach) go héifeachtúil chun a áirithiú go mbeidh dóthain solúbthachta ann i gcás ina bhfuil na dálaí i réim chun an ghéarchéim a chosc nó a mhaolú trí uirlisí malartacha a úsáid.

    4.4.

    Tá béim á leagan ag CESE ar an éiginnteacht a eascraíonn as na tograí reachtacha maidir le leithdháileadh na n-inniúlachtaí, go háirithe maidir leis an gcaoi a ndáilfear cumhachtaí agus freagrachtaí i measc na n-údarás náisiúnta agus Eorpach a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta casta atá i gceist le géarchéimeanna baincéireachta a bhainistiú. I gcomhthéacs den sórt sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis an luas lena gcuirtear bearta i bhfeidhm, mar a léiríodh le déanaí i roinnt cásanna san Aontas agus sna Stáit Aontaithe.

    4.5.

    Tá CESE á thabhairt dá aire gur cheart an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a leagan amach agus a chur i bhfeidhm bunaithe ar mhéid agus próifíl riosca shonrach na mbanc lena mbaineann chun cothrom iomaíochta a áirithiú i measc bainc shuntasacha a bhfuil inoibritheacht inchomparáide acu, ar thaobh amháin, agus cosaint a thabhairt don tsamhail ghnó shonrach a nglacann bainc bheaga, agus bainc áitiúla léi, mar aon le bainc atá ag feidhmiú in earnálacha/tionscail shonracha agus thiomnaithe, ar an taobh eile.

    4.6.

    Is doiléir i gcónaí cineál líomhainte na comhréireachta sa sainmhíniú atá leagtha síos ag an gCoimisiún do ICDI. Is éard a bheadh in ICDI i gcónaí, i gcás na mbanc a bhfuil an ceanglas glactha acu cheana féin, cúlchiste caipitil breise a mbeadh gá leis chun aon chaillteanais a chumhdach agus lena gcuirfí méid airgid leis ar mhaithe le hathchaipitliú. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach ceanglais ICDI a chur in oiriúint do gach saghas bainc idir bheag agus mhór agus do na samhlacha gnó éagsúla.

    4.7.

    Tugann CESE dá aire gur cheart ról na mbanc san Aontas, mar aon lena saintréithe agus a samhlacha gnó éagsúla, lena n-áirithítear córas baincéireachta Eorpach níos láidre agus níos éagsúlaithe, a threisiú agus a chaomhnú ar fud an Aontais. Ba cheart aird chuí a thabhairt sna rialacha baincéireachta ar an ngá atá le fíorfhás eacnamaíoch agus an tionchar a bheadh aige sin ar an bhfás eacnamaíoch san Eoraip san fhadtéarma, mar aon leis an tionchar sóisialta ar an bhfostaíocht. I ndáil leis an méid sin, tá CESE den tuairim gur fearr i bhfad dálaí agus uirlisí a chruthú chun an ghéarchéim a chosc agus a sheachaint ná idirghabháil a dhéanamh le hoibríochtaí tarrthála ina dhiaidh sin, ach na roghanna sin a bheith indéanta agus ar fáil.

    4.8.

    Is minic a bheadh idirghabháil luath éifeachtach agus níos saoire ná réiteach. Leagtar amach nósanna imeachta le haghaidh bearta coisctheacha agus bearta malartacha sa Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí agus déantar iad a bhainistiú faoi na scéimeanna ráthaithe taiscí náisiúnta de réir rialacha comhchuibhithe agus coimircí atá ann cheana i mBallstáit éagsúla de chuid an Aontais. Déanfar athbhreithniú ar ordlathas na gcreidiúnaithe a chur chun feidhme chun go mbeidh an tástáil ar an gcostas is lú dea-fheidhmiúil. Ar an gcaoi sin, beifear in ann bearta luath-idirghabhála a chur chun feidhme. Is den tábhacht freisin comhchuibhiú Eorpach a bhaint amach nó, ar a laghad, treoirlínte a fhorbairt ar mhaithe le ríomhanna faoin ‘prionsabal maidir leis an gcostas is lú’.

    4.9.

    Tá scéimeanna ráthaithe taiscí náisiúnta agus scéimeanna ráthaíochta ina bpríomhchuid den líontán sábhála a chuirtear ar fáil le creat an Aontais chun an chobhsaíocht airgeadais a chosaint agus chun cur le muinín an mhargaidh. Ar an ábhar sin, ba cheart ról níos láidre a bheith ag scéimeanna ráthaithe taiscí, beag beann ar a gcineál dlíthiúil príobháideach nó poiblí nó ar chineál deonach nó éigeantach na ranníocaíochtaí a bhfuil a n-acmhainní comhdhéanta díobh. Is é atá tábhachtach an fheidhm phoiblí atá acu agus an cur chuige dian margaidh a leanann siad chun roghanna a dhéanamh faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil.

    4.10.

    Cruthaíodh go mbaineann tábhacht ar leith le ról na scéimeanna ráthaithe taiscí do bhainc bheaga agus mheánmhéide (‘institiúidí ar lú a suntas’), nach mbíonn ach cumas teoranta rochtana ar an margadh acu chun ionstraimí incháilithe ICDI a eisiúint. Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil sé léirithe ag roinnt bainc, lena n-áirítear bainc bheaga agus áitiúla go bhfuil siad in ann bearta coisctheacha a chur chun feidhme go héifeachtach, ar bearta iad lenar féidir dul i ngleic le géarchéimeanna go cuí.

    4.11.

    Mar a rinne sé i roinnt tuairimí (7) uaidh roimhe seo, athdhearbhaíonn CESE gur cheart ‘éiceachóras’ airgeadais agus baincéireachta na hEorpa a éagsúlú, é a bheith inbhuanaithe agus é a bheith ar a chumas aitheantas a thabhairt do ról ríthábhachtach na mbanc beag agus meánmhéide ar an leibhéal áitiúil, dá n-ábharthacht ghinearálta ar an leibhéal náisiúnta agus don bhreisluach a chruthaíonn na bainc sin do phobail áitiúla, mar aon leis an tionchar dearfach a bheadh ag inniúlacht mhéadaithe in earnáil na baincéireachta don tsochaí ina hiomláine. I ndáil leis sin, tá ról cinntitheach ag na bainc creidmheasa comharchumainn (8), na ‘bainc eiticiúla’ agus an leibhéal áitiúil nó earnála (comharbhainc agus bainc eiticiúla d’eintitis an gheilleagair shóisialta, mar shampla) agus tá an ról sin ar aon dul le prionsabal an gheilleagair shóisialta margaidh a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais.

    4.12.

    Ar an taobh eile, ba cheart ról na ngrúpaí móra baincéireachta trasteorann a aithint freisin, ós rud é, nuair a eagraítear iad mar fhochuideachtaí, soláthraíonn siad éagsúlú níos fearr, is lú a bhraitheann siad ar mháthairinstitiúidí agus is fusa fochuideachtaí a scaradh ón ngrúpa, rud a laghdaíonn an riosca tógálachta agus a mhéadaíonn an chobhsaíocht. Tá ríthábhacht le bainc Eorpacha idirnáisiúnta chun cabhrú le gnólachtaí Eorpacha a idirnáisiúnú.

    4.13.

    Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí comhordú iomchuí idir rialacha an Aontais Baincéireachta maidir le bainistíocht géarchéime agus an creat árachais taiscí, ar thaobh amháin, agus cur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair a leagtar amach in Airteagal 107 CFAE (9), ar an taobh eile. Ba cheart, leis an gcomhordú sin, éiginnteacht dhlíthiúil agus cóir dhlíthiúil éagsúil a sheachaint idir na bainc atá lonnaithe ar fud an Aontais. Maidir leis sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an bprionsabal a bhunaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach dtagann scéimeanna arna maoiniú ag cistí príobháideacha faoi raon feidhme Airteagal 107 CFAE (cás Tercas(10).

    An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Oliver RÖPKE


    (1)   Communication from the Commission on the application, from 1 August 2013 , of State aid rules to support measures in favour of banks in the context of the financial crisis (‘Banking Communication’) (Níl leagan Gaeilge ann). (IO C 216, 30.7.2013, lch. 1).

    (2)  COM(2023) 226 final, COM(2023) 227 final, COM(2023) 228 final agus COM(2023) 229 final.

    (3)  Preaseisiúint, 18 Aibreán 2023, an Coimisiún Eorpach.

    (4)  Preaseisiúint, 18 Aibreán 2023, an Coimisiún Eorpach.

    (5)   Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EU) No 575/2013 and Directive 2014/59/EU as regards the prudential treatment of global systemically important institution groups with a multiple point of entry resolution strategy and a methodology for the indirect subscription of instruments eligible for meeting the minimum requirement for own funds and eligible liabilities’ (COM(2021) 665 final — 2021/0343 (COD)) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 152, 6.4.2022, lch. 111), agus Opinion of the European Economic and Social Committee on the communication to the European Parliament, the Council, the European Central Bank, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on completing the Banking Union (COM(2017) 592 final) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 237, 6.7.2018, lch. 46).

    (6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún ón 1 Lúnasa 2013 maidir le rialacha Státchabhrach a chur i bhfeidhm, chun tacú le bearta i bhfabhar na mbanc i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais (‘Teachtaireacht Bhaincéireachta’), (IO C 216, 30.7.2013, lch. 1).

    (7)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Breithnithe breise maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 2022 Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (COM(2021) 742 final) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 75, 28.02.2023, lch. 43)agus Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Promoting a more inclusive and sustainable Banking Union by improving the contribution of community banks to local development and building a socially responsible international and European financial system’ (own-initiative opinion) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 177, 18.5.2016, lch. 21).

    (8)   Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Promoting a more inclusive and sustainable Banking Union by improving the contribution of community banks to local development and building a socially responsible international and European financial system’ (own-initiative opinion) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 364, 28.10.2020, lch. 14).

    (9)   IO C 115, 9.5.2008, lch. 91.

    (10)  Breithiúnas i gCás C-425/19 P.


    Top