Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE1658

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tionchairí i mbun fógraíochta agus an tionchar a bhíonn aige sin ar thomhaltóirí [tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne]

    EESC 2023/01658

    IO C 349, 29.9.2023, p. 94–99 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 349/94


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tionchairí i mbun fógraíochta agus an tionchar a bhíonn aige sin ar thomhaltóirí

    [tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne]

    (2023/C 349/15)

    Rapóirtéir:

    Bernardo HERNÁNDEZ BATALLER

    Comhrapóirtéir:

    Stefano PALMIERI

    Comhairliúchán

    Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 7.2.2023

    Bunús dlí

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

    Dáta a glactha sa rannóg

    29.6.2023

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    13.7.2023

    Seisiún iomlánach Uimh.

    580

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    179/0/3

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Ceann de na feiniméin is mó atá i gceist leis an gclaochlú atá le feiceáil sa chumarsáid chlosamhairc agus leictreonach is ea teacht chun cinn na ‘tionchairí’, mar a thugtar orthu. Is éard is ‘tionchaire’ ann úsáideoir a chruthaíonn inneachar ar líne, a scaipeann teachtaireachtaí go córasach i bhformáidí éagsúla (físeáin, nótaí tráchta, grianghraif) agus a bhfuil próifíl shuntasach aige i measc an spriocphobail a ndíríonn sé air.

    1.2.

    Ainneoin nach ann do rialachán faoi leith ar an leibhéal Eorpach maidir le gníomhaíochtaí cruthaitheoirí inneachair/tionchairí, foráiltear sa reachtaíocht atá ann cheana do leibhéal leordhóthanach cosanta don ghníomhaíocht dhúbailte a dhéanann cruthaitheoirí inneachair/tionchairí sa mhargadh aonair mar fhógróirí go príomha (agus mar thrádálaithe) agus mar dhíoltóirí/táirgeoirí araon.

    1.3.

    Ar bhonn na reachtaíochta sin, tá a reachtaíocht féin forbartha ag roinnt Ballstát mar fhreagairt ar an dúshlán a bhaineann leis an bhfeiniméan seo, rud a chuireann ar chumas rialálaithe náisiúnta a gcumhachtaí maoirseachta, a gcumhachtaí rialaithe agus, i gcás inarb iomchuí, a gcumhachtaí smachtbhannaí a fheidhmiú.

    1.4.

    Cibé ar bith, i bhfianaise na bhforbairtí leanúnacha sa réimse seo, is é barúil Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur gá beart a dhéanamh lena áirithiú go gcaithfear ar bhealach comhchuibhithe le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ‘sonracha’ na gcruthaitheoirí inneachair/dtionchairí san Aontas. Ba cheart oibleagáidí atá chomh sonrach céanna a bheith ar riarthóirí na n-ardán agus na meán sóisialta ina n-oibríonn siad agus ar chruthaitheoirí inneachair/tionchairí (cónaitheoirí AE agus cónaitheoirí neamh-AE san áireamh).

    1.5.

    Iarrann CESE ar riarthóirí na n-ardán agus na meán sóisialta an méid seo a leanas a dhéanamh:

    go mbeidís faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir le hinneachar neamhdhleathach a fhoilsíonn cruthaitheoirí inneachair/tionchairí;

    go mbeadh an oibleagáid orthu — i ngach cás ina dtuairíscítear gníomhaíocht neamhdhleathach arna déanamh ag cruthaitheoirí inneachair/tionchairí – na bearta is gá a dhéanamh chun deireadh a chur le cumarsáid neamhdhleathach ar líne agus an ghníomhaíocht neamhdhleathach arna déanamh ag cruthaitheoirí inneachair/tionchairí a thuairisciú don údarás inniúil;

    a mhéid a bhaineann leis na cruthaitheoirí inneachair/tionchairí uile a bhíonn ag feidhmiú lasmuigh den Aontas, go n-iarrfadh an t-ardán agus riarathóirí na meán sóisialta orthu dliteanas dlíthiúil soiléir a léiriú laistigh den Aontas agus árachas slánaíochta gairmiúla a bheith acu i gcás damáiste de dheasca iompar neamhdhleathach.

    1.6.

    Mar chuid den chur chuige comhchuibhithe sin i leith tionchairí ar an leibhéal Eorpach, measann CESE gur cheart na critéir seo a leanas, ar a laghad, a chur san áireamh:

    ní mór cineál fógraíochta teachtaireachtaí a bhfuil rún tráchtála ag baint leo a léiriú trí tháscairí agus rabhaidh shoiléire agus, ar an dóigh sin, fógraíocht cheilte a sheachaint;

    ba cheart teachtaireachtaí den chineál sin a bheith faoi réir rialacha earnáilsonracha chun sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí agus na n-úsáideoirí a chosaint agus, go háirithe, mionaoisigh agus grúpaí leochaileacha eile;

    i gcás nach gcomhlíonfadh tionchairí na rialacha sin, ba cheart é sin a mheas mar shárú, gan dochar do dhliteanas comhpháirteach agus leithleach na bhfógróirí, na n-ardán sóisialta agus na líonraí sóisialta.

    1.7.

    Ba cheart aird faoi leith a thabhairt freisin ar úsáid patrún dorcha, ar mhí-úsáid nó aithisiú trádmharcanna, ar tháirgí airgeadais neamhúdaraithe, ar ghoid chéannachta nó tionchairí bréagacha a bhaineann leas as íomhá daoine aitheanta gan fhios dóibh. Is nithe iad seo atá ag éirí níos forleithne i réimse na n-infheistíochtaí airgeadais agus na gcriptea-airgeadraí. Is cleachtais neamhdhleathacha iad sin a d’fhéadfadh éirí níos sofaisticiúla agus níos forleithne i ngeall ar úsáid na hintleachta saorga agus is gá iad a chomhrac go héifeachtach.

    1.8.

    Molann CESE go ndéanfaí an comhchuibhiú rialála sin a shoiléiriú agus a shainiú ar dhóigh atá gan dochar do chreataí comhrialála a bhunú ar bhealach comhlántach. Ba cheart tionchairí, a ngníomhairí agus a gcomhlachais ionadaíocha, an tionscal agus fógróirí, comhlachais fógraíochta féinrialaithe, comhlachais tomhaltóirí agus úsáideoirí, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus údaráis rialála a bheith rannpháirteach sa chomhrialáil sin.

    1.9.

    Dar le CESE, is iomaí saincheist atá ag baint le gníomhaíochtaí cruthaitheoirí inneachair/tionchairí, mar shampla, a n-áit i ndlí an tsaothair, saincheisteanna a bhaineann le cáin ioncaim, cáin bhreisluacha, maille le gníomhaíocht shonrach tionchairí ar leanaí iad. Is é tuairim CESE gur cheart anailís chúramach a dhéanamh ar an méid sin ar leibhéal an Aontais.

    2.   Barúlacha ginearálta

    2.1.

    Ar na feiniméin is mó atá i gceist leis an gclaochlú digiteach atá le feiceáil sa chumarsáid chlosamhairc agus leictreonach le deich mbliana anuas tá teacht chun cinn na gcruthaitheoirí inneachair. Is éard is ‘cruthaitheoir inneachair’ ann duine a fheidhmíonn i gcáil phearsanta, de réir cosúlachta, agus a scaipeann teachtaireachtaí go córasach i bhformáidí éagsúla (físeáin, nótaí, grianghraif) trí ardáin idirlín, na meáin shóisialta agus teachtaireachtaí leictreonacha. Nuair a bhíonn líon ard leantóirí dílse ag cruthaitheoir inneachair, meastar gur ‘tionchaire’ é. I réimse na fógraíochta is féidir ‘tionchaire’ a shainiú mar chruthaitheoir inneachair a bhfuil rún tráchtála aige, a chothaíonn caidreamh lena leantóirí atá bunaithe ar mhuinín agus ar bharántúlacht (go príomha ar ardáin na meán sóisialta) agus a bhíonn ag plé le gníomhaithe tráchtála ar líne trí shamhlacha gnó éagsúla chun airgead a shaothrú (1).

    2.2.

    An caidreamh idir tionchairí agus a leantóirí (a cheapann go bhfuil dlúthchaidreamh acu leis an tionchaire, a mheasann gur duine iontaofa é agus a bhfuil muinín acu as), is caidreamh é a bhfuil tionchar díreach agus indíreach aige ar dhearcadh leantóirí i leith brandaí áirithe agus ar chinntí ceannaigh tomhaltóirí. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás leanaí, daoine óga agus tomhaltóirí a bhfuil leibhéal ísle oideachais nó ioncaim acu agus ar beag an tuiscint atá acu ar na meáin agus ar an bhfaisnéis.

    2.3.

    I réimse na cumarsáide tráchtála go sonrach, ar thaobh amháin, is féidir le cuideachtaí fógraíochta leas a bhaint as tionchar agus clú na dtionchairí a chuireann a dtáirgí agus a mbranda chun cinn trí ‘margaíocht ag tionchairí’, mar a thugtar air, go háirithe i gcás daoine óga a bhfuil sé níos deacra dul i bhfeidhm orthu trí na meáin chumarsáide thraidisiúnta. Ar an taobh eile, tugann sí níos mó saoirse do na cuideachtaí sin gnéithe díolacháin a fhorbairt nach n-úsáidfeadh siad agus iad i mbun gnáthfógraíochta, gnéithe a théann timpeall ar an reachtaíocht in amanna. Thairis sin, cuireann fógróirí féin iad in iúl go bhfuil leibhéal ard neamhspleáchais ag tionchairí agus teachtaireachtaí tráchtála á gcur le chéile acu agus nach mbíonn smacht ag an bhfógróir ar na teachtaireachtaí sin i gcónaí.

    2.4.

    Lena rá ar chaoi eile, ainneoin nach ann do rialachán faoi leith ar an leibhéal Eorpach maidir le gníomhaíochtaí tionchairí, foráiltear faoi láthair sa reachtaíocht atá ann cheana san Eoraip do leibhéal leordhóthanach cosanta don ghníomhaíocht dhúbailte ar féidir le tionchairí a dhéanamh sa mhargadh aonair mar fhógróirí go príomha (agus mar thrádálaithe) agus mar dhíoltóirí/táirgeoirí araon.

    2.4.1.

    Ar an reachtaíocht atá ann ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le tionchairí a ghníomhaíonn mar fhógróirí go príomha (agus mar thrádálaithe), tá;

    an Treoir maidir le cleachtais éagóracha trádála (UCPD) (2), lena gcuirtear an creat dlíthiúil ar fáil chun déileáil le fógraíocht mhíthreorach agus cleachtais tráchtála arna ndéanamh ag tionchairí; an Treoir maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Threoir UCPD  (3), lena soiléirítear an chaoi ar cheart an Treoir a chur i bhfeidhm i gcás ina ngníomhaíonn tionchaire mar thrádálaí nó, mar mhalairt air sin, mar dhuine atá ag gníomhú in ainm nó thar ceann trádálaí. Sa chomhthéacs sin, tá an tSeiceáil Oiriúnachta ar Chothroime Dhigiteach á déanamh ag an gCoimisiún faoi láthair agus ba cheart go gclúdófaí saincheist na dtionchairí leis sin chomh maith (4);

    an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach  (5), lena gcuirtear cosaint chomhlántach ar fáil do thomhaltóirí nuair a bhíonn tionchairí i mbun cumarsáid tráchtála ar an idirlíon trína gcuntais meán sóisialta agus trína mblaganna;

    an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc  (6), lena dtugtar isteach rialacha sonracha nua maidir le seirbhísí ardáin comhroinnte físeán. Déanann sí difear do thionchairí a mhéid a bhaineann le físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí agus a scaiptear trí na hardáin sin agus a bhféadfadh cumarsáid tráchtála a bheith iontu.

    2.4.2.

    Ar an reachtaíocht atá ann ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le tionchairí a ghníomhaíonn mar dhíoltóirí nó mar tháirgeoirí, tá:

    an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí (CRD) (7);

    an Treoir maidir le hábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha  (8);

    an Treoir maidir le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí  (9).

    2.4.3.

    De bhreis ar an dá réimse shonracha idirghabhála sin de reachtaíocht an Aontais, tá an pacáiste seirbhísí digiteacha ina bhfuil na gníomhartha seo a leanas:

    an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha  (10), lena gcuirtear níos mó trédhearcachta agus cuntasachta ar fáil maidir le hábhar na seirbhísí digiteacha agus cosaint tomhaltóirí;

    an Gníomh um Margaí Digiteacha  (11), lena rialaítear ‘geatóirí’, mar a thugtar orthu, ar ardáin iad a bhfuil ar a laghad 45 milliún úsáideoir deiridh gníomhach acu in aghaidh na míosa.

    2.4.3.1.

    Sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha, sainmhíníonn an tAontas inneachar neamhdhleathach mar ‘aon fhaisnéis, inti féin nó i dtaca le gníomhaíocht, lena náirítear díolachán táirgí nó soláthar seirbhísí, nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí aon Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin’. De réir an tsainmhínithe nua sin, mura bhfuil inneachar i gcomhréir leis na rialacha sin, measfar mar inneachar neamhdhleathach é san Aontas.

    2.5.

    D’ainneoin roinnt rialacha Eorpacha a bheith ann, faoinar féidir leis na Ballstáit éagsúla iompar neamhdhleathach tionchairí (amhail fógróirí nó díoltóirí/táirgeoirí) a rialú, is gá beart a dhéanamh ar bhealaí éagsúla, mar shampla:

    trí reachtaíocht shonrach a ghlacadh maidir le tionchairí;

    tríd an reachtaíocht atá ann cheana maidir le cosaint tomhaltóirí a chur chun feidhme;

    trí threoracha agus cóid iompair a fhoilsiú chun dea-chleachtais a bhunú;

    trí uirlisí digiteacha rialaithe agus forfheidhmithe a úsáid;

    trí oiliúint agus deimhniú a chur ar fáil do thionchairí;

    trí fheasacht a ardú agus tacaíocht a thabhairt do thomhaltóirí;

    trí chomhlíonadh ar ardáin a éascú le huirlisí scaipthe caighdeánaithe.

    2.6.

    I bhfianaise an chomhthéacs shíorathraithigh ina bhfeidhmíonn cruthaitheoirí inneachair/tionchairí, creideann CESE, in ainneoin na bhforálacha rialála Eorpacha atá ann cheana, gur gá beart a dhéanamh chun forfheidhmiú dlí ad hoc aonfhoirmeach a áirithiú arb é is aidhm dó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha sonracha arna ndéanamh ag tionchairí a chomhrac san Aontas. Tá seasamh CESE ag teacht leis an measúnú atá á dhéanamh ag an gCoimisiún ar cé acu ar cheart reachtaíocht ad hoc a ghlacadh, nó nár cheart.

    2.7.

    Is rud é sin a bhfuil scrúdú á dhéanamh air le roinnt blianta anuas ag rialtais, ag údaráis rialála Eorpacha agus náisiúnta, ag comhlachais tomhaltóirí agus úsáideoirí agus ag comhlachtaí na sochaí sibhialta (12). Mar thoradh air sin, ní hionann na tionscnaimh dhlíthiúla atá sna Ballstáit éagsúla (13), mar shampla, sa Fhrainc, i bhFlóndras na Beilge nó sa Spáinn. Tá éagsúlachtaí idir tionscnaimh féinrialála agus chomhrialála ar an leibhéal Eorpach (14) agus ar leibhéal na mBallstát chomh maith. Sin an chúis a bhfuil spéis á léiriú rialtas na Spáinne sa cheist seo, agus é i mbun na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus is é sin an fáth ar iarr sé ar CESE an tústuairim seo a chur le chéile maidir le tionchairí i mbun fógraíochta agus an tionchar a bhíonn aige sin ar thomhaltóirí.

    2.8.

    San iarraidh uaithi ar an tuairim seo, tagraíonn Aireacht Gnóthaí Tomhaltóirí na Spáinne don fhíoras go gceapann tomhaltóirí go bhfuil dlúthchaidreamh acu leis an tionchaire, go measann siad gur daoine iontaofa iad agus go mbíonn muinín acu astu. Is rud é seo nach bhfeictear chomh minic céanna i samhlacha cumarsáide sóisialta eile agus is ábhar imní don Aireacht é ar dhá chúis:

    ar an gcéad dul síos, úsáid leanúnach fhadtréimhseach líonraí sóisialta i measc mionaoiseach, ar tomhaltóirí leochaileacha iad a nochtar do chumarsáid tráchtála a bhféadfadh gnéithe a bheith i gceist léi a bheadh díobhálach dá bhforbairt fhisiceach, shíceolaíoch, shóisialta agus mhothúchánach;

    ar an dara dul síos, an easpa trédhearcachta agus inaitheantais sna cumarsáidí tráchtála sin. Is minic, i gcás gníomhaíochtaí tionchairí, a bhíonn cineál fógraíochta na gcumarsáidí sin á cheilt go calaoiseach ar thomhaltóirí.

    3.   Moltaí

    3.1.

    I bhfianaise na bhfadhbanna atá ann cheana, measann CESE gur tráthúil a áirithiú go ndéanfar reachtaíocht Eorpach maidir le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha sonracha a bhfuil baint ag tionchairí leo a fheabhsú agus a chur chun feidhme agus an reachtaíocht sin a chomhchuibhiú ar an leibhéal Eorpach. Ba cheart freisin oibleagáidí sonracha a leagan síos léi do riarthóirí na nardán agus na meán sóisialta ina n-oibríonn siad agus do chruthaitheoirí inneachair/tionchairí (cónaitheoirí AE agus cónaitheoirí neamh-AE san áireamh).

    3.2.   Ardáin comhroinnte físeán agus na meáin shóisialta

    3.2.1.

    Cé go gceanglaítear leis an reachtaíocht Eorpach (an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) ar riarthóirí na n-ardán comhroinnte físeán agus na n-ardán meán sóisialta, ar a n-oibríonn cruthaitheoirí inneachair agus tionchairí, na forálacha maidir le cumarsáid tráchtála agus cosaint mionaoiseach a chomhlíonadh, tugann CESE an méid seo a leanas dá aire:

    nach bhfuil aon fhreagracht eagarthóireachta ar riarthóirí ardán as inneachar ‘neamhdhleathach’ a chruthaíonn úsáideoirí;

    ar an gcaoi chéanna, nach gceanglaítear go n-oibreodh cruthaitheoirí inneachair/tionchairí agus riarthóirí ardán i gcomhar le chéile lena áirithiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht Eorpach i ndáiríre.

    3.2.2.

    Dá bhrí sin, iarrann CESE ar riarthóirí na n-ardán agus na meán sóisialta an méid seo a leanas a dhéanamh:

    go mbeidís faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir le hinneachar neamhdhleathach a fhoilsíonn cruthaitheoirí inneachair/tionchairí;

    go mbeadh an oibleagáid orthu – i ngach cás ina dtuairíscítear gníomhaíocht neamhdhleathach arna déanamh ag cruthaitheoirí inneachair/tionchairí – na bearta is gá a dhéanamh chun deireadh a chur le cumarsáid neamhdhleathach ar líne agus an ghníomhaíocht neamhdhleathach arna déanamh ag cruthaitheoirí inneachair/tionchairí a thuairisciú don údarás inniúil;

    a mhéid a bhaineann leis na cruthaitheoirí inneachair/tionchairí uile a bhíonn ag feidhmiú lasmuigh den Aontas, go n-iarrfadh an t-ardán agus riarathóirí na meán sóisialta orthu dliteanas dlíthiúil soiléir a léiriú laistigh den Aontas agus árachas slánaíochta gairmiúla a bheith acu i gcás damáiste de dheasca iompar neamhdhleathach.

    3.3.   Cruthaitheoirí inneachair/tionchairí

    3.3.1.

    Agus tograí á gcur le chéile maidir le rialáil éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar inneachair ag úsáideoirí ar ardáin comhroinnte físeán agus ar na meáin shóisialta, agus go háirithe ar ghníomhaíocht fógraíochta tionchairí, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach na tuarascálacha a d’fhoilsigh Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc in 2021 agus 2022 (15) a chur san áireamh, a dtugtar moltaí iontu maidir leis an gcaoi a gcaitear le físbhlagálaithe.

    3.3.2.

    Go bunúsach, tugann Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc le fios gur féidir gníomhaíocht tionchairí, a mheas mar sheirbhís meán closamhairc de réir na Treorach maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, ar choinníoll go gcomhlíontar roinnt ceanglas san am céanna:

    ní mór gur seirbhís eacnamaíoch atá inti, mar a shainmhínítear in Airteagal 56 agus in Airteagal 57 CFAE;

    ní foláir freagracht eagarthóireachta a bheith ar sholáthraí na seirbhíse as an inneachar a thairgeann sé;

    ní mór gur seirbhís í atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne agus gur féidir leis an duine aonair an t-inneachar a thaispeáintear dó a roghnú agus a iarraidh agus ba chóir é a bheidh dírithe ar thionchar soiléir a imirt ar sciar suntasach den phobal;

    ba cheart é a bheith d’fheidhm ag an inneachar a scaiptear (físeáin/cláir) faisnéis, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil go príomha;

    ní foláir gur inneachar closamhairc a bheidh ann agus ba chóir é a sholáthar trí líonraí cumarsáide leictreonaí.

    3.3.3.

    I ndáil leis an méid sin, ba cheart comhchuibhiú ar an leibhéal Eorpach a mholadh lena bhforáiltear go sainráite do rialáil cruthaitheoirí inneachair/tionchairí agus do rialáil a bhfreagrachta nuair a ghineann siad cumarsáid tráchtála nó nuair a scaipeann siad í, agus an méid sin a dhéanamh d’fhonn trédhearcacht agus cuntasacht níos fearr a áirithiú i gcur i gcrích a ngníomhaíochtaí.

    3.3.3.1.

    Is ann do shlabhra iomlán gníomhaithe atá páirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheoirí inneachair/tionchairí: brandaí, cuideachtaí ilmheán neamhspleácha, gníomhaireachtaí agus gníomhairí bainistithe tallainne, ardáin um anailís ar na meáin shóisialta, líonraí ilchainéil, cuideachtaí caidrimh phoiblí/fógraíochta ar cheart foráil a dhéanamh lena gconarthaí maidir le freagrachtaí sonracha na ngeallsealbhóirí uile, lena n-áirítear freagracht chomhpháirteach as iompar neamhdhleathach an chruthaitheora inneachair/an tionchaire.

    3.4.

    Tá CESE ag tathant ar riarthóirí na n-ardán agus na meán sóisialta agus ar chruthaitheoirí inneachair/tionchairí araon an méid seo a leanas a áirithiú:

    go mbeadh sé indéanta go theicniúil féachaint chuige nach féidir le mionaoisigh breathnú ar inneachar íogair ar an ardán agus/nó ar na meáin shóisialta (mar shampla, inneachar a bhaineann le halcól agus deochanna fuinnimh, cearrbhachas agus gealltóireacht, pornagrafaíocht, tobac agus táirgí tobaic, lena n-áirítear toitíní leictreonacha, máinliacht chosmaideach, etc.). I gcás ar bith, ní mór ráiteas ar nós ‘níl cead ag leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois an t-inneachar seo a rochtain’ a bheith ag gabháil le hinneachar den chineál sin, fíorú aoise a éileamh agus rialú tuismitheora a cheadú;

    go n-áireofaí na focail ‘fógraíocht’, ‘cumarsáid tráchtála’ nó ‘urraithe ag’ sna teachtaireachtaí sin;

    go gcuirfí na focail ‘íomhá mionleasaithe’ taobh le híomhánna mionleasaithe nó modhnaithe;

    go gcuirfí ‘íomhá fhíorúil’ le léirithe a chruthaítear leis an intleacht shaorga, maille le húsáid tionchairí fíorúla a shainaithint.

    3.5.

    Ba cheart aird faoi leith a thabhairt freisin ar úsáid patrún dorcha, ar mhí-úsáid nó aithisiú trádmharcanna, ar tháirgí airgeadais neamhúdaraithe a chur chun cinn, ar ghoid chéannachta nó tionchairí bréagacha a bhaineann leas as íomhá daoine aitheanta gan fhios dóibh, ar nithe iad seo atá ag éirí níos forleithne i réimse na n-infheistíochtaí airgeadais agus na gcriptea-airgeadraí. Is cleachtais neamhdhleathacha iad sin atá ag éirí níos sofaisticiúla agus níos forleithne i ngeall ar úsáid na hintleachta saorga agus is gá iad a chomhrac go héifeachtach.

    3.6.

    Is féidir an comhchuibhiú rialála atá á moladh ag CESE a chomhlánú le creataí comhrialála a mbeadh tionchairí, a ngníomhairí agus a gcomhlachais ionadaíocha, an tionscal agus fógróirí, comhlachais fógraíochta féinrialaithe, comhlachais tomhaltóirí agus úsáideoirí, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus údaráis rialála rannpháirteach iontu.

    3.7.

    Dar le CESE, is iomaí saincheist atá ag baint le gníomhaíocht cruthaitheoirí inneachair/tionchairí fós, mar shampla, a n-áit i ndlí an tsaothair, saincheisteanna a bhaineann le cáin ioncaim, cáin bhreisluacha, maille le gníomhaíocht shonrach tionchairí ar leanaí iad. Is é tuairim CESE gur cheart anailís chúramach a dhéanamh ar an méid sin ar leibhéal an Aontais.

    An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Oliver RÖPKE


    (1)   The impact of influencers on advertising and consumer protection in the Single Market [An tionchar a bhíonn ag tionchairí ar fhógraíocht agus ar chosaint tomhaltóirí sa mhargadh aonair], Parlaimint na hEorpa, 2022, lch. 9.

    (2)   IO L 149, 11.6.2005, lch. 22 (níl leagan Gaeilge ann).

    (3)   IO C 526, 29.12.2021, lch.1 , pointe 4.2.6. (níl leagan Gaeilge ann).

    (4)  Féach an tAthbhreithniú ar dhlí tomhaltóirí an Aontais (europa.eu).

    (5)   IO L 178, 17.7.2000, lch. 1, (níl leagan Gaeilge ann).

    (6)  Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lch. 69).

    (7)   IO L 304, 22.11.2011, lch. 64 (níl leagan Gaeilge ann).

    (8)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.

    (9)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).

    (10)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

    (11)  Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).

    (12)  Féach fonóta 1.

    (13)   Mapping report on the rules applicable to video-sharing platforms, an Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc, 2022.

    (14)   EASA Best Practice Recommendation on Influencer Marketing 2023, Comhghuaillíocht Caighdeáin Fógraíochta na hEorpa, 2023.

    (15)   Analysis and recommendations concerning the regulation of vloggers, Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc, 2021, agus Vloggers Report 2, Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc, 2022.


    Top