Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023IE0859

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Athbhreithniú ar an mbeartas cánach chun teaghlaigh ar ioncam íseal agus grúpaí leochaileacha a chosaint ar éifeachtaí diúltacha an aistrithe ghlais (tuairim féintionscnaimh)

    EESC 2023/00859

    IO C 349, 29.9.2023, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 349/1


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Athbhreithniú ar an mbeartas cánach chun teaghlaigh ar ioncam íseal agus grúpaí leochaileacha a chosaint ar éifeachtaí diúltacha an aistrithe ghlais

    (tuairim féintionscnaimh)

    (2023/C 349/01)

    Rapóirtéir:

    Philip VON BROCKDORFF

    Cinneadh ón Tionól Iomlánach

    25.1.2023

    Bunús dlí

    Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

     

    tuairim féintionscnaimh

    Rannóg atá freagrach

    Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

    Dáta a glactha sa rannóg

    27.6.2023

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    12.7.2023

    Seisiún iomlánach Uimh.

    580

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    195/7/10

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1

    Is léir do CESE nach mbeidh tionchar an aistrithe ghlais mar an gcéanna ar fud an Aontais agus go mbeidh éagsúlacht mhór ann ó thír go tír, agus i measc réigiúin éagsúla laistigh de na Ballstáit. I bhfianaise an mhéid sin, ní mór do na Ballstáit aird a thabhairt ar na dúshláin shóisialta a tharla de bharr an aistrithe lena dhlisteanacht a fheabhsú, an chobhsaíocht a choinneáil agus freasúra an phobail a sheachaint.

    1.2

    Creideann CESE go bhfuil na measúnuithe tionchair ón gCoimisiún a dhéantar chun tacú le roinnt gníomhartha reachtacha maidir leis an aistriú glas dírithe ar dhearcadh ginearálta an Aontais den chuid is mó, agus nach bhfuil an doimhneacht is gá ann don chur chuige de réir tíre agus de réir réigiúin a theastaíonn chun díriú ar an tionchar is dócha a bheidh aige ar gheilleagair agus ar phobail áitiúla (is eisceacht é an togra i dtaca leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh).

    1.3

    Measann CESE freisin gur cheart go soláthródh anailís níos spriocdhírithe sonraí an-ábhartha maidir le teaghlaigh a bhfuil tionchar ag an aistriú glas orthu, rud a cheadódh do rialtais bearta níos iomchuí a ghlacadh chun tionchar an phróisis leanúnaigh ar theaghlaigh atá níos boichte agus ar theaghlaigh leochaileacha a mhaolú.

    1.4

    Tá béim á leagan ag CESE ar dhá phríomhriosca atá san aistriú glas ó thaobh impleachtaí díobhálacha sóisialta agus eacnamaíocha de agus go háirithe: i) éagothromaíochtaí ioncaim atá ag dul i méid; agus ii) díláithriú na n-earnálacha tionsclaíochta agus poist ghaolmhara.

    1.5

    Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá aistriú cothrom a shaothrú lena bhféadfar aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí fostaíochta agus dáileacháin araon, éifeachtaí a bhaineann le haistriú chuig an aeráidneodracht. Sa chomhthéacs sin, iarrann CESE go ndéanfaí bearta athdháilte a bheadh in ann acmhainní airgeadais a dhíriú i bhfabhar teaghlaigh ar ioncam íseal agus grúpaí leochaileacha chun an t-eisiamh sóisialta a íoslaghdú, tríd an doimhniú breise ar neamhionannais ioncaim le linn an phróisis leanúnaigh a sheachaint.

    1.6

    Ar choinníoll gur faoi shainchúram na mBallstát a bheidh an cánachas a bhaineann leis an aistriú glas, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá bearta fioscacha náisiúnta chun an t-aistriú glas a dhéanamh níos inbhuanaithe agus srian a chur leis an tionchar atá aige ar an sciar is leochailí den daonra.

    1.7

    Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh trí ghné sa bheartas fioscach le linn an aistrithe: an prionsabal [gurb] é údar an truaillithe a íocfaidh as le bearta comhlántacha athdháilte chun tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal; tacaíocht ioncaim spriocdhírithe; agus creidmheasanna cánach ar tháirgí tí coigilte fuinnimh. Leis an gcur chuige sin i) thacófaí le ceannach feithiclí leictreacha; ii) dhreasófaí an glacadh le teicneolaíochtaí glasa i dtithe; agus iii) d’fheabhsófaí éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh (cé go bhfuil sé d’aidhm ag an Treoir athbhreithnithe maidir le Cánachas Fuinnimh (1) éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus grúpaí leochaileacha a chosaint). I gcás na dteaghlach is lú ioncam a bhféadfadh nach bhfuil dliteanas cánach leordhóthanach acu agus nach bhféadfadh tairbhe a bhaint as creidmheasanna cánach, is é an beart is fearr is féidir ná tacaíocht ioncaim.

    1.8

    Creideann CESE freisin go bhféadfadh dáileadh na ndearbhán ón stát lena gceadaítear ceannacháin agus infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus i dtáirgí glasa cuidiú le tacaíocht do ghrúpaí leochaileacha le linn an aistrithe.

    1.9

    Is dea-shampla de dhreasú chun feithiclí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a cheannach é an cás a cuireadh chun feidhme san Ísiltír ina dtugtar creidmheasanna cánach do dhaoine aonair a cheannaíonn feithiclí leictreacha (EVanna) agus, ag an am céanna, an tsaobhadh a d’fhéadfadh teacht as fóirdheontais a théann chun tairbhe do sholáthróirí ach a mbíonn tomhaltóirí thíos leis go minic a íoslaghdú (2).

    1.10

    Measann an CESE freisin go bhféadfaí iniúchadh a dhéanamh ar thaithí na mBallstát amhail an Ghearmáin, an Fhrainc, agus an Iodáil, Ballstáit a bhfuil rátaí CBL níos ísle curtha i bhfeidhm acu ar tháirgí atá tíosach ar fhuinneamh, ar theicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh agus ar athchóirithe tí atá dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú. Mar sin féin, de réir an tsainmhínithe níl CBL céimitheach. D’fhonn cur chuige den sórt sin a chur in oiriúint do theaghlaigh ar ioncam íseal, d'fhéadfadh go mbeadh gá le bearta tionlacain amhail cnapshuimeanna cúitimh chun líon na dteaghlach seo a ghlacann iad a spreagadh. Thairis sin, cuireann CESE in iúl go bhféadfadh pobail fuinnimh (Treoir (AE) 2019/944 (3)) agus comhphobail fuinnimh inathnuaite (Treoir (AE) 2018/2001 (4)) a bheith ina bpríomhuirlis chun cabhrú le saoránaigh agus grúpaí leochaileacha dul i ngleic leis an aistriú glas.

    1.11

    Tá béim á leagan ag CESE ar ról straitéiseach an Chiste um Aistriú Cóir (CUAC). Ní mór don ionstraim airgeadais sin a bheith dírithe go héifeachtach ar an dhul i ngleic le tionchar socheacnamaíoch an aistrithe ar gheilleagair an Aontais atá ag brath go mór faoi láthair ar bhreoslaí iontaise nó ar ghníomhaíochtaí atá dian ó thaobh gáis cheaptha teasa de, agus, thar aon ní eile, ar an aistriú a dhéanamh níos fusa d’oibrithe agus do theaghlaigh a bhfuil tionchar ag an athrú aeráide orthu.

    1.12

    Mar a luadh cheana i dtuairimí eile roimhe seo, cuireann CESE in iúl go bhféadfadh sé nach leor an Chiste um Aistriú Cóir, fiú má bhíonn sé straitéiseach, chun tacú leis an athrú eacnamaíoch leanúnach agus dá bhrí sin gur cheart é a fhorlíonadh le maoiniú leordhóthanach ó Chiste Aeráide Sóisialta (SCF).

    2.   Réamhrá agus comhthéacs

    2.1

    Dúshlán ollmhór don Aontas agus do na glúnta atá le teacht is ea an t-aistriú glas, go háirithe ós rud é go bhfuil an cogadh fada san Úcráin ag cur leis an éiginnteacht eacnamaíoch i gcoitinne agus go háirithe i gcomhthéacs na hearnála fuinnimh. Measann an CESE, chun go n-éireoidh leis an aistriú, go bhfuil gá le comhdhearcadh sóisialta, agus ní féidir é sin a bhaint amach ach amháin má chuirtear bearta tacaíochta i bhfeidhm go héifeachtach ar fud an Aontais agus má sheachnaítear freasúra an phobail.

    2.2

    Meabhraíonn CESE gur mhéadaigh an Comhaontú Glas sprioc 2030 an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ó 40 % go 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990, agus ag an am céanna gur leagadh síos sprioc na haeráidneodrachta faoi 2050.

    2.3

    Tá sraith tograí beartais sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ d’fhonn sprioc 2030 a bhaint amach, maidir leis an ionchur ar mhian le CESE a chur chun cinn chun aistriú glas a mholadh, ar tograí iad a thuigfidh agus a chomhroinnfidh na geallsealbhóirí uile lena mbaineann, ar thaobh amháin, agus nach ndéanfadh an iomarca dochair do theaghlaigh agus do ghrúpaí leochaileacha, ar an taobh eile.

    2.4

    Ag glacadh leis go dtiocfaidh tairbhí suntasacha ar fud an Aontais mar thoradh ar an aistriú glas agus a bhfuiltear ag súil leo, dírítear sa tuairim seo ar na héifeachtaí díobhálacha is dócha a bheidh ag an aistriú glas leanúnach sa ghearrthéarma agus béim ar leith á leagan ar an eisiamh sóisialta agus ar neamhionannais ioncaim, i measc na dteaghlach atá ar ioncam íseal agus i measc grúpaí leochaileacha.

    3.   Barúlacha ginearálta agus barúlacha sonracha

    3.1

    Is léir do CESE nach mbeidh tionchar an aistrithe ghlais mar an gcéanna ar fud an Aontais agus, a mhalairt i ndáiríre, go mbeidh éagsúlacht shuntasach ann ó thír go tír, nó fiú i measc réigiún agus limistéir éagsúla laistigh de na Ballstáit, ag brath ar roinnt athróg eacnamaíoch agus sóisialta.

    3.2

    I ndáil leis sin, tugann an CESE dá aire go bhfuil agus go mbeidh na réigiúin a bhfuil spleáchas mór acu ar iontaisí carbóin an-leochaileach i gcoinne thionchar an aistrithe agus do chaillteanais post ionchasacha. Dá bhrí sin, ní mór na freagraí a theastaíonn chun tacú le comhtháthú sóisialta a bheith difreáilte go leor ar fud na mBallstát, nó ó réigiún go réigiún fiú, agus iad bunaithe ar na comhthéacsanna áitiúla éagsúla i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Aithníonn CESE, áfach, go moltar sa Treoir athbhreithnithe maidir le Cánachas Fuinnimh ‘idirthréimhse’ agus go bhféadfadh na Ballstáit teaghlaigh leochaileacha a dhíolmhú ó chánachas téimh ar feadh 10 mbliana tar éis an cháin athbhreithnithe a chur chun feidhme.

    3.3

    Ó thaobh na modheolaíochta de, creideann CESE go bhfuil dearcadh ginearálta an Aontais ag baint go príomha leis na hanailísí ar an measúnú tionchair a rinne an Coimisiún go dtí seo, agus nach bhfuil an doimhneacht a theastaíonn ó chur chuige de réir tíre agus de réir réigiúin iontu lena bhféadfaí díriú ar an tionchar is dócha a bheidh ag an aistriú ar gheilleagair áitiúla agus ar phobail áitiúla. I ndáil leis sin, is eisceacht é an togra maidir leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, ós rud é go rabhthas ag súil leis le mionanailís spriocdhírithe ar cheart glacadh léi ar bhonn níos leithne agus an Comhaontú Glas á chur chun feidhme.

    3.4

    Measann CESE gur cheart go mbeadh anailís níos spriocdhírithe, úsáideach chun faisnéis luachmhar a sholáthar, anailís a bheadh in ann sainiúlachtaí áitiúla a mheas go hiomlán, go háirithe maidir le teaghlaigh a ndéanann an t-aistriú glas difear dóibh, agus ar an gcaoi sin ligean do rialtais bearta iomchuí a ghlacadh chun tionchar an phróisis leanúnaigh ar theaghlaigh níos boichte agus grúpaí leochaileacha a mbeidh na himpleachtaí móra millteacha le sárú acu a mhaolú.

    3.5

    Tá CESE den tuairim go bhfuil dhá phríomhriosca san aistriú glas ó thaobh impleachtaí díobhálacha sóisialta agus eacnamaíocha de: i) éagothromaíochtaí ioncaim a bheith ag dul i méid; agus ii) díláithriú earnálacha tionsclaíocha agus poist ghaolmhara.

    3.6

    Tugann an CESE le fios go bhfuil an t-aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de dúshlánach go háirithe do phobail agus do theaghlaigh ar ioncam íseal, go háirithe i réigiúin ina bhfuil an leibhéal forbarthaníos ísle ná an leibhéil atá ann sna ceantair uirbeacha ag titim chun deiridh ar na codanna uirbeacha. Dá bhrí sin, ba ríthábhachtach go dtacódh an t-aistriú le raon iomchuí beart fioscach, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a léirítear thuas.

    3.7

    Thairis sin, ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar ualaí breise a d’fhéadfadh a bheith ar an sciar is laige den daonra de bharr an aistrithe agus aird ar leith á tabhairt ar phraghsanna tráchtearraí a d’fhéadfadh ardú go suntasach le linn an phróisis idirthréimhsigh. Go deimhin féin, d’fhéadfadh an t-aistriú praghsanna fuinnimh agus breosla a ardú dóibh siúd is lú acmhain, toisc go gcuirtear costas níos airde carbóin san áireamh. Is ábhar imní go háirithe é tionchar den sórt sin laistigh den chomhthéacs maicreacnamaíoch reatha, áit a raibh rátaí arda boilscithe i roinnt de na Ballstáit níos luaithe i mbliana (5).

    3.8

    Dá bhrí sin, molann CESE gur gá aistriú cothrom a shaothrú lena dtabharfar aghaidh ar na héifeachtaí fostaíochta agus dáileacháin araon a bhaineann le haistriú chuig an aeráidneodracht. Ba cheart breathnú ar an gcur chuige sin mar chuid lárnach de chreat an aistrithe ghlais agus ní mar bhearta ceartaitheacha forlíontacha amháin.

    3.9

    Cuireann CESE i bhfios go láidir an gá atá le bearta athdháilte lenar féidir acmhainní airgeadais a dhíriú ar chabhrú le teaghlaigh ar ioncam íseal agus le grúpaí leochaileacha d’fhonn an t-eisiamh sóisialta agus doimhniú an neamhionannais ioncaim a sheachaint. D’fhéadfadh na bearta sin, mar shampla, a bheith i bhfoirm cánachas comhshaoil bunaithe ar an bprionsabal [gurb] é údar an truaillithe a íocfaidh as, agus saothraithe ioncaim os cionn tairseach bhunaithe ag íoc taraifí níos airde as fuinneamh diancharbóin a ídiú.

    3.10

    Ar choinníoll, bunaithe ar phrionsabal na coimhdeachta, go bhfuil cánachas a bhaineann leis an aistriú glas faoi shainchúram na mBallstát, leagann an CESE béim ar a thábhachtaí atá bearta fioscacha arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta chun an t-aistriú glas a dhéanamh níos inbhuanaithe agus tionchair níos lú a imirt ar chatagóirí leochaileacha, rud a d’fhéadfadh éifeachtaí cúlchéimitheacha a bhaineann go minic le cánacha comhshaoil a sheachaint.

    3.11

    Measann CESE gur cheart trí ghné a bheith sa bheartas le linn an aistrithe: íocann an truaillitheoir prionsabal ina bhfuil bearta comhlántacha athdháilte aige chun tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal; tacaíocht d’ioncaim spriocdhírithe; agus creidmheasanna cánach do tháirgí tí coigilte fuinnimh. Leis an gcur chuige sin i) thacófaí le ceannach feithiclí leictreacha; ii) dhreasófaí an glacadh le teicneolaíochtaí glasa i dtithe; agus iii) d’fheabhsófaí éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh. Aithníonn CESE, áfach, go bhfuil sé d’aidhm ag an Treoir athbhreithnithe maidir le Cánachas Fuinnimh éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. agus ag an am céanna grúpaí leochaileacha a chosaint. I gcás na dteaghlach atá ar an ioncam is ísle a bhféadfadh nach leor an dliteanas cánach atá acu agus nárbh fhéidir leo tairbhe a bhaint as na creidmheasanna cánach, is é an beart ab fhearr a mholtar ná tacaíocht ioncaim.

    3.12

    Creideann CESE freisin go bhféadfadh dáileadh na ndearbhán ón stát chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí glasa agus chun táirgí glasa a cheannach cuidiú le tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha le linn an aistrithe.

    3.13

    Is dea-shampla iad na bearta fioscacha do dhaoine aonair a cheannaíonn feithiclí leictreacha (EVanna) a cuireadh i bhfeidhm san Ísiltír chun feithiclí giniúna nua atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhreasú, rud a laghdaíonn saobhadh féideartha a bhaineann le fóirdheontais níos forleithne. Leathnaítear an cur chuige maidir le feithiclí leictreacha atá fabhrach ó thaobh cánach de san Ísiltír chun clárú agus cánacha bóthair a chumhdach freisin, rud a chuireann creat dlíthiúil fabhrach i gcrích. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí creidmheasanna cánach a dhíriú go sonrach ar theaghlaigh sa daonra atá ar ioncam íseal, agus na teaghlaigh is troime a luífidh an t-ualach orthu de réir mar is dóigh le linn an aistrithe i dtreo na dteicneolaíochtaí glasa.

    3.14

    Measann an CESE freisin go bhféadfadh taithí na mBallstát amhail an Ghearmáin, an Fhrainc, agus an Iodáil, a bhfuil rátaí CBL níos ísle curtha i bhfeidhm acu ar tháirgí atá tíosach ar fhuinneamh, ar theicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh agus ar athchóirithe tí atá dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú, a thuilleadh, a scagadh agus a iniúchadh. Mar sin féin, de réir an tsainmhínithe níl CBL céimitheach. Chun cur chuige den sórt sin a chur in oiriúint do theaghlaigh ar ioncam íseal, d’fhéadfadh go mbeadh gá le bearta tionlacain amhail cúiteamh cnapshuime chun go nglacfaidh na teaghlaigh seo leis.

    3.15

    Leagann CESE béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gCiste um Aistriú Cóir (CUAC), rud nár cheart beag is fiú a dhéanamh de. Ba cheart go mbeadh an ionstraim airgeadais seo dírithe go héifeachtach ar an dul i ngleic le tionchar socheacnamaíoch an aistrithe ar gheilleagair an Aontais atá ag brath go mór faoi láthair ar bhreoslaí iontaise nó ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha atá dian ar gháis cheaptha teasa agus, thar aon ní eile, ar an aistriú a mhaolú d’oibrithe agus do theaghlaigh a bhfuil tionchar ag an athrú atá tarlú orthu.

    3.16

    Mar a luadh cheana ina thuairim roimhe seo ar Saoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Chiste um Aistriú Cóir (6), tá CESE á thabhairt le fios go bhféadfadh sé nach leor an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), cé go bhfuil sé tábhachtach, chun tacú leis an athrú leanúnach eacnamaíoch ó thaobh a chuid acmhainní agus a raoin feidhme de. Ba cheart, dá bhrí sin, an CUAC a fhorlíonadh le Ciste Sóisialta Aeráide (SCF) a bheadh maoinithe go leormhaith mar a mholtar i dtuairim ó CESE maidir leis An Sásra Coigeartaithe Aeráide á mhaoiniú tríd an gCiste Comhtháthaithe agus NextGeneration EU (7).

    3.17

    Tugann CESE le fios gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag ciste breise den sórt sin grúpaí ar ioncam íseal agus grúpaí leochaileacha a chosaint ó dhrochthionchar an aistrithe, ar choinníoll go mbeidh an SCF ceangailte le dea-chleachtais atá dírithe ar aon leathnú ar neamhionannais ioncaim a sheachaint ar an gcéad dul síos. Ag an am céanna, ina chumas reatha eagraíochtúil agus airgeadais (gan trácht ar chur chun feidhme SCF a chur siar go ceann bliana), tugann CESE rabhadh nach dócha gur leor an SCF chun tacú go héifeachtach leis an sciar is leochailí den daonra, mar a léirigh roinnt geallsealbhóirí cheana féin. Mar shampla, d’fhéadfadh an costas a bhaineann leis an aistriú ó fheithiclí traidisiúnta go feithiclí leictreacha a bheith ródhaor, agus, dá bhrí sin, ródheacair, do theaghlaigh ar ioncam íseal agus do theaghlaigh leochaileacha nach bhfaigheann dreasachtaí fioscacha ná tacaíocht airgeadais (8).

    3.18

    Dá bhrí sin, molann CESE do na húdaráis fhreagracha ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal áitiúil beartais fhioscacha iomchuí a fhorbairt chun drochiarmhairtí an aistrithe a mhaolú, gan an bonn a bhaint de na dreasachtaí le haghaidh athruithe ó thaobh infheistíochtaí glasa agus tomhaltais a cheanglaítear leis an bpróiseas idirthréimhseach. Is rud tábhachtach é go mbeadh bearta ag gabháil leis na sásraí sin chun rialachas cuimsitheach agus rannpháirtíocht ghníomhach na ndaoine is mó a ndéanann an t-aistriú glas difear dóibh a áirithiú. Aithníonn an CESE, áfach, go n-áirítear sa Treoir athbhreithnithe maidir le Cánachas Fuinnimh idirthréimhsí chun cánachas a chur ar tháirgí roghnaithe nó infheistíochtaí chun tomhaltas fuinnimh a laghdú.

    3.19

    Ba mhaith leis an CESE a mheabhrú do na hinstitiúidí go léir a bhfuil baint acu leis an aistriú glas an tábhacht a bhaineann le hidirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht úsáideach na sochaí sibhialta ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, earnála agus réigiúnach. Tá feidhm ríthábhachtach ag an idirphlé sóisialta maidir leis an gclaochlú glas a bhainistiú agus a éascú, lena n-áirithítear rannpháirtíocht fhorleathan na ngeallsealbhóirí leasmhara uile agus, ag an am céanna, grúpaí leochaileacha agus leibhéil fostaíochta ar fud an Aontais a chosaint.

    3.20

    Cuireann CESE in iúl go bhfuil cánachas forchéimnitheach, córais leasa shóisialta spriocdhírithe agus sásraí iomchuí idirphlé sóisialta i bhfeidhm cheana féin i roinnt tíortha Eorpacha agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh glacadh agus neartú breise na mbeartas sin cur leis na dea-chleachtais atá ann agus gur uirlis an-úsáideach a bheadh ann chun éagothromaíochtaí agus an t-eisiamh sóisialta a sheachaint.

    3.21

    Creideann CESE go láidir go gcabhróidh tuiscint leathan ar bheartais aeráide laistigh de thíortha na hEorpa, chomh maith le glacadh polaitiúil agus sóisialta leis an aistriú glas a bheith níos láidre agus níos fearr, glacadh atá, os a choinne sin, i mbaol dlisteanacht agus neart a chailliúint dá dtitfeadh an t-ualach agus na himpleachtaí díobhálacha go díréireach ar na teaghlaigh is boichte.

    3.22

    I ndáil leis sin, cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart do rialtais, i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta, iarracht a dhéanamh tionchar an aistrithe ghlais ar fhostaíocht sna réimsí is mó a ndéantar difear dóibh san Aontas a laghdú freisin trí bhíthin beartais spriocdhírithe agus nuálaíocha ar mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear oiliúint agus cláir oideachais d’oibrithe i dtionscail ardcharbóin.

    3.23

    Cuireann CESE i dtábhacht an baol go dtiocfaidh méadú ar éagothromaíochtaí réigiúnacha,, mar gheall ar phróiseas an aistrithe ghlais, idir geilleagair atá níos forbartha ar fud an Aontais agus iad sin atá fós ag brath go mór ar thionscail diancharbóin. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfaí éagothromaíochtaí agus neamhréireachtaí iomaíocha a dhoimhniú ar fud tíortha agus idir ceantair uirbeacha, ar thaobh amháin den scéal, agus ceantair fhorimeallacha, thuaithe agus iargúlta, ar an taobh eile de.

    3.24

    Tá CESE den tuairim go n-éilítear leis an aistriú glas cuspóirí aeráide an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus ag an am céanna. clár oibre cothroime sóisialta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a shaothrú. Tá athrú struchtúrach i gceist leis an aistriú glas (agus tá súil le hathrú ar an leibhéal eacnamaíoch agus sóisialta araon). D’fhonn go n-éireoidh leis, ní mór bearta sóisialta a bheith ag gabháil leis, lena n-áirítear infheistíocht shóisialta atá dírithe ar an aeráidneodracht a éascú agus ar aistriú a bhaint amach atá fabhrach do ghnólachtaí Eorpacha dinimiciúla iomaíocha ar féidir leo, mar shampla, poist ghlasa agus fás eacnamaíoch a ghiniúint.

    3.25

    Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar feabhsaithe ar fud an Aontais, comhar ba cheart a fhorbairt bunaithe ar idirphlé éifeachtach polaitiúil agus sóisialta agus é mar aidhm leis beartais eacnamaíocha agus shóisialta a ghabhann leis a cheapadh chun tacú leis an aistriú atá ar siúl faoi láthair, agus é a chur in oiriúint go cuí do dhálaí sóisialta agus eacnamaíocha éagsúla na bpobal lena mbaineann.

    3.26

    Ba cheart cur chuige comhoibríoch den sórt sin a ghlacadh freisin maidir le tíortha Eorpacha nach Ballstáit den Aontas iad, chun aistriú gnó agus fostaíochta, a sheachaint chuig tíortha nach bhfuil forbairt eacnamaíoch níos glaise agus níos inbhuanaithe á leanúint acu, amhail an fhorbairt eacnamaíoch atá á saothrú ag an Aontas. D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar an margadh inmheánach, agus ar an aistriú glas féin chomh maith ó thaobh éifeachtacht a laghdú agus éifeachtaí díobhálacha a mhéadú ar an sciar is leochailí den daonra araon.

    3.27

    Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfadh na Ballstáit tuilleadh gníomhaíochta chun dul i ngleic le himghabháil agus seachaint fhioscach agus chun mí-úsáid cistí poiblí a sheachaint, mar go gcuirfeadh sé sin acmhainní breise ar fáil chun na bearta dáileacháin a thacaíonn leis an aistriú a mhaoiniú.

    3.28

    Ar deireadh, cuireann CESE in iúl go bhféadfadh pobail fuinnimh (Treoir (AE) 2019/944) agus comhphobail fuinnimh inathnuaite (Treoir (AE) 2018/2001) a bheith ina bpríomhuirlis chun cabhrú le saoránaigh agus grúpaí leochaileacha déileáil leis an aistriú glas. D'fhéadfadh na pobail sin foirm dhlíthiúil de chineál ar bith a bheith acu (comhlachais, comharchumainn, comhpháirtíochtaí, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, nó fiontair bheaga agus mheánmhéide), rud a fhágann go mbeadh siad níos éasca dá shaoránaigh, mar aon le gníomhnaithe eile sa mhargadh, foirne a eagrú agus infheistíocht a dhéanamh go comhpháirteach i sócmhainní fuinnimh. D’fhéadfadh sé sin cur le córas fuinnimh atá níos dícharbónaithe agus níos solúbtha, mar gur féidir leis na pobail fuinnimh cur ar chumas na saoránach rochtain a fháil ar na margaí fuinnimh oiriúnacha uile, ar chothrom iomaíochta le gníomhaithe eile, rud a laghdóidh a gcuid costas fuinnimh agus a cheadóidh ioncam féideartha fiú.

    An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Oliver RÖPKE


    (1)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51)

    (2)  Tá ceannach feithiclí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol á dhreasú ag an Ísiltír/ De réir tuarascála ón nGrúpa Aeráide, tá fóirdheontais suas le EUR 4 000 ar fáil chun gluaisteáin phaisinéirí leictreacha ceallraí nua a cheannach nó a léasú, agus EUR 5 000 le haghaidh veaineanna. Tá dreasachtaí cánach iomaíocha ann freisin, amhail cáin íseal ar bhóithre (MRB), gan aon cháin cheannaigh (BPM) agus níl aon cháin le haghaidh úsáid phríobháideach/tairbhe phríobháideach ann . Féach Netherlands: Taking action on zero emission vehicles

    (3)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

    (4)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

    (5)  Tá moill tagtha ar an ráta boilscithe le seachtainí beaga anuas.

    (6)  Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council on the public sector loan facility under the Just Transition Mechanism’ (COM(2020) 453 final – 2020/0100 (COD)) and on ‘Amended proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council establishing the Just Transition Fund’(COM(2020) 460 final – 2020/0006 (COD) (IO C 429, 11.12.2020, lch 240).

    (7)  Opinion of the European Economic and Social Committee on Climate Adjustment Fund financed by Cohesion and NGEU (own-initiative opinion) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 23).

    (8)  Joanna Gill Can Europe's new Social Climate Fund protect poor from rising carbon cost?, Reuters, Nollaig 2022.d


    Top