EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0091

Cás C-91/23 P: Achomharc arna thabhairt an 16 Feabhra 2023 ag XH i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 19 Nollaig 2022 i gCás T-522/21, XH v an Coimisiún

IO C 271, 31.7.2023, p. 13–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 271/13


Achomharc arna thabhairt an 16 Feabhra 2023 ag XH i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 19 Nollaig 2022 i gCás T-522/21, XH v an Coimisiún

(Cás C-91/23 P)

(2023/C 271/17)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: XH (ionadaí: K. Górny, adwokat)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

dá bhrí sin, leasa a iarratais a thabairt don achomharcóir i.e.

A.

Neamhniú:

Chinneadh D/386/20 an 24 Samhain 2020 maidir le ceartú chomhad Syspers2 an achomharcóra a dhiúltú, ar seasadh leis trí Chinneadh Uimh. R/125/21 arna eisiúint ag an Údarás Ceapacháin an 16 Meitheamh 2021 mar fhreagra ar an ngearán arna thaisceadh ag an achomharcóir an 22 Feabhra 2021.

Chinneadh an 12 Samhain 2020 (IA Uimh. 32-2020) gan ainm an achomharcóra a chur le liosta na n-oifigeach dar tugadh ardú céime in 2020, ar seasadh leis trí Chinneadh Uimh. R/80/21 arna eisiúint ag an Údarás Ceapacháin an 8 Meitheamh 2021 mar fhreagra ar an ngearán arna thaisceadh ag an achomharcóir an 5 Feabhra 2021.

B.

Caillteanas agus damáiste an achomharcóra a chúiteamh.

a ordú don Choimisiún costais an achomhairc agus na chéad chéime go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir na saincheisteanna dlí seo a leanas: Earráid fhollasach mheasúnaithe, saobhadh fianaise agus earráid dlí – Sárú ar Airteagal 91 RF (1) agus Airteagal 270 CFAE. Sárú ar na Rialacha maidir le Cleachtas le haghaidh Chur Chun Feidhme Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ar Airteagail 102, 104 agus ar Iarscríbhinn 2, sárú ar Airteagail 76 agus 147, 148(9) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, i ndáil leis an méid seo a leanas:

earráid fhollasach mheasúnaithe agus sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin agus na próise dlíthiúla córa;

seoltaí an Achomharcóra a úsáid ag Clárlann na Cúirte Ginearálta agus a chur in iúl;

mainneachtain in aithint bhuansheoladh iarbhír an Achomharcóra agus in aithint na n-athruithe a bhí air le linn na n-imeachtaí um chúnamh dlí;

earráid fhollasach mheasúnaithe;

mainneachtain i gceartú bhuansheoladh an Achomharcóra agus/nó ina rialtú;

seirbheáil chomhfhreagras an Achomharcóra don Chúirt Ghinearálta;

diúltú do chruthúnas poist de litreacha cláraithe arna seoladh ag an Achomharcóir chuig an gCúirt Ghinearálta;

comhfhreagras an Achomharcóra a chur as an áireamh ó chomhad na Cúirte Breithiúnais;

ábhar an chomhfhreagrais idir an tAchomharcóir agus an Chúirt Ghinearálta;

dáta chur ar fionraí na dteorannacha ama le hachomharc a thaisceadh;

údarú, mar a líomhnaítear, i leith sheirbheáil na n-orduithe ag seoladh sealadach an Achomharcóra thar lear, áit nach raibh sainchónaí ar an Achomharcóir (in ionad bhuansheoladh an Achomharcóra sa Bheilg);

údarú, mar a líomhnaítear, i leith sheirbheáil na n-orduithe ag seoladh sealadach an Achomharcóra sa Pholainn, áit nach raibh sainchónaí ar an Achomharcóir (in ionad bhuansheoladh an Achomharcóra sa Bheilg);

himthosca nárbh fhéidir a thuar nó force majeure a bheith ann;

hearráid inleithscéil a bheith ann;

héag don teorainn ama le caingean a thaisceadh.


(1)  Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (IO 1962 P 45, lch. 1385).


Top