Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0616(02)

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1)) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 211/04

C/2023/3646

IO C 211, 16.6.2023, p. 8–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

16.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 211/8


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 211/04)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

An tagairt don chinneadh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2023) 3646

9 Meitheamh 2023

4-(1,1,3,3-teitrimheitiolbúitil)feanóil, eatocsaláite (‘4-treas-OPnEO’)

Uimh. CE.-; Uimh. CAS.-

Alexion Pharma International Operations Unlimited Company, Páirc Gnó agus Teicneolaíochta an Choláiste, Baile Bhlainséir, D15 R925, Baile Átha Cliath 15, Éire

REACH/23/18/0

Úsáid thionsclaíoch le haghaidh díghníomhachtú víreas i monarú Andexanet alfa chun cóireáil a chur ar othair aosach a chóireáiltear le coscaire díreach fhachtóir Xa (FXa) nuair a bhíonn gá le haisiompú antaithéachta mar gheall ar fhuiliú atá bagrach don bheatha nó neamhrialaithe

31 Nollaig 2030

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann a bheadh oiriúnach.


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu).


Top