Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE5434

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Teachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh (COM(2022) — 583 final)

    EESC 2022/05434

    IO C 146, 27.4.2023, p. 53–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 146/53


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Teachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh

    (COM(2022) — 583 final)

    (2023/C 146/09)

    Rapóirtéir:

    Krister ANDERSSON

    Comhrapóirtéir:

    Dominika BIEGON

    Comhairliúchán

    An Coimisiún Eorpach, 19.12.2022

    Bunús dlí

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

    Dáta a glactha sa rannóg

    1.2.2023

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    23.2.2023

    Seisiún iomlánach Uimh.

    576

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    202/3/7

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Is díol mór sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agu Sóisialta na hEorpa (CESE) an Teachtaireacht ón gCoimisiún ina leagtar amach treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch.

    1.2.

    Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi nár mhór teacht ar chomhaontú go gasta, sin roimh phróisis bhuiséadacha na mBallstát le haghaidh 2024. Faoi mar atá tugtha le fios ag an gCoimisiún, tá géarghá le comhordú láidir ar an mbeartas buiséadach agus struchtúrach agus le faireachas éifeachtach eacnamaíoch agus fioscach, lena gcothófar fás cuimsitheach agus lena gcuideofar leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) a spriocanna comhaontaithe a bhaint amach.

    1.3.

    Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún nach beartais stuama a bhí á ndéanamh ag na Ballstáit aimsir an ratha (1), agus ag an am céanna gur chuir na rialacha fioscacha srian leis an tsolúbthacht fhioscach le linn sleabhcthaí eacnamaíocha i roinnt Ballstát.

    1.4.

    Glacann CESE leis an bplean atá ag an gCoimisiún gan na luachanna tagartha a athrú. Baineann éifeacht chomharthaíochta pholaitiúil agus mhargaidh leis an gcritéar easnaimh 3 % de OTI. Ar an iomlán, cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór a áirithiú leis na pleananna struchtúracha fioscacha go ndéanfar cóimheasa fiachais le OTI a laghdú nó go bhfanfaidh siad ar leibhéil stuama.

    1.5.

    Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún gan riail dhocht an 1/20ú a chur i bhfeidhm a thuilleadh ós rud é go bhféadfadh sí ró-ualach a chur ar Bhallstáit ardfhiachais, agus iarmhairt dhiúltach aici ar an bhfás agus ar inbhuanaitheacht an fhiachais féin dá réir. Dealraíonn sé gur tréimhse chomhréireach í freisin an tréimhse mheastóireachta mheántéarma ceithre bliana le haghaidh coigeartuithe fioscacha tagartha, tréimhse ar féidir síneadh trí bliana a chur léi i gcás inar gá.

    1.6.

    Is díol sásaimh do CESE go mbeidh an Coimisiún ag díriú ar ghlanchaiteachas príomhúil mar phríomhpharaiméadar meastóireachta an rialachais eacnamaíoch nua.

    1.7.

    Cuireann CESE in iúl gur de dhlúth agus d’inneach na polaitíochta parlaimintí an beartas fioscach, óir déanann sé difear do struchtúr iomlán an chaiteachais stáit agus an ioncaim stáit. Chun go n-éireoidh le creat athchóirithe, beidh ríthábhacht le húinéireacht an phróisis.

    1.8.

    Tá CESE den tuairim go bhfuil géarghá le hathchóiriú fónta ar rialachas eacnamaíoch na hEorpa chun leasa daoine, gnólachtaí agus rialtas. Is den tábhacht, dá bhrí sin, bearta breise a fhorbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh chun úinéireacht ar na rialacha a fheabhsú, rud a chinnteoidh go mbeidh na rialtais uile tiomanta do chreat athbhreithnithe.

    1.9.

    Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go mbunófar leis na tograí reachtacha atá le teacht íoschaighdeáin formhaoirseachta parlaimintí náisiúnta agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe i dtaca le pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a dhréachtú.

    1.10.

    Is mian le CESE béim a leagan ar an ngá atá le rialacha cuí le go bhféadfar forfheidhmiú láidir a áirithiú. Sna cásanna eisceachtúla sin ina gcuirtear smachtbhannaí san áireamh, ní mór do na smachtbhannaí sin a bheith éifeachtach agus curtha chun feidhme go trédhearcach. Mura gcuirfear na rialacha i bhfeidhm go cothrom maidir leis na Ballstáit uile ní bheidh muinín as na pleananna.

    1.11.

    Is díol sásaimh do CESE go bhfuil cáilíocht mhéadaithe agus méid méadaithe na n-infheistíochtaí poiblí á leagan amach mar ghné a bheidh le cur san áireamh sa phróiseas chun an inbhuanaitheacht fiachais a bhaint amach. Is díol sásaimh do CESE freisin an síneadh a chuirfear leis an gconair choigeartaithe, síneadh a fhéadfar a dheonú ar feadh trí bliana ar a mhéad.

    1.12.

    Chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, ní mór an stoc caipitil a athrú ó bhonn agus cur leis na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha. D’iarr CESE roimhe seo bearta a bheith ann chun an bhearna ollmhór infheistíochta a dhúnadh (2). Tá sé á chur i bhfios go láidir ag an gCoiste anois go bhféadfadh tionscnaimh thairis sin a bheith ag teastáil chun a chinntiú go ndéanfar caipiteal leordhóthanach príobháideach agus poiblí a shlógadh ar mhaithe leis an aistriú glas agus an comhtháthú sóisialta.

    1.13.

    Chun trédhearcacht a áirithiú agus faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme na bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha a éascú, tá ar na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a thíolacadh agus stádas cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a mhionsonrú. Ba cheart na tuarascálacha sin agus meastóireachtaí an Choimisiúin agus na Comhairle a dhéanfar i gcomhthéacs faireachas bliantúil a chur ar fáil go poiblí.

    2.   Cúlra

    2.1.

    Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach (3) leagtar síos prionsabail ghinearálta le haghaidh creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe don Aontas Eorpach. Chun feabhas a chur ar an gcreat atá ann faoi láthair, féachann an tionscnamh ón gCoimisiún leis an inbhuanaitheacht fiachais a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chothú trí infheistíocht agus athchóirithe.

    2.2.

    Is é an glanchaiteachas príomhúil, is é sin an caiteachas faoi rialú an rialtais, a cháileoidh mar phríomhtháscaire arna mheas ag an gCoimisiún. Is ar bhonn glanchaiteachas príomhúil freisin a shocrófar na conairí coigeartaithe fioscacha agus a dhéanfar faireachas fioscach bliantúil, chun na rialacha atá ann faoi láthair a shimpliú.

    2.3.

    Ina theannta sin, forbróidh an Coimisiún conair thagartha don choigeartú fioscach le haghaidh gach Ballstáit thar thréimhse ceithre bliana, conair a bhunófar ar mhodheolaíocht arna leagan síos chun an inbhuanaitheacht fiachais a anailísiú agus a mheasúnú. Ba cheart go n-áiritheofaí le conair an choigeartaithe go mbeidh cóimheasa fiachais na mBallstát a bhfuil dúshláin shonracha fiachais acu ag laghdú, d’fhonn a áirithiú go bhfanfaidh an t-easnamh faoi bhun an 3 % de OTI atá leagtha síos i rialacha an Chonartha.

    2.4.

    Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur chun feidhme na bpleananna, agus cuirfidh sé de cheangal ar na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a chur isteach maidir le cur i bhfeidhm a bpleananna chun an ghníomhaíocht faireacháin a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos trédhearcaí. Beidh an nós imeachta um easnamh iomarcach ann i gcónaí, agus déanfar an nós imeachta um easnamh iomarcach arna bhunú ar fhiachas a threisiú agus a thionscnamh i gcás Ballstát a bhfuil fiachas os cionn 60 % de OTI aige agus a imíonn ón gconair chaiteachais a comhaontaíodh.

    2.5.

    Leis an gcur chuige meántéarmach atá glactha ag an gCoimisiún, beifear in ann idirdhealú idir na Ballstáit bunaithe ar na dúshláin atá rompu maidir leis an inbhuanaitheacht fiachais. I bhfianaise an ualaigh atá ar Bhallstáit a bhfuil fiachas ard orthu, is amhlaidh a chuirfear níos mó den fhaireachas rioscabhunaithe in áit an tagarmhairc maidir le laghdú cóimheasa fiachais atá ann faoi láthair (riail an 1/20ú mar a thugtar uirthi) chun tionchar díobhálach ar an bhfás agus ar an inbhuanaitheacht fiachais féin a sheachaint.

    2.6.

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na sásraí forfheidhmiúcháin a threisiú mar chontrapháirt riachtanach d’fhaireachas rioscabhunaithe. Ar na huirlisí forfheidhmiúcháin sin beidh: (i) smachtbhannaí airgeadais éifeachtacha a dhéanfar neamhshrianta agus a dhéanfar níos dóchúla trína méid a ísliú; (ii) smachtbhannaí clú i gcás nós imeachta um easnamh iomarcach nó dialltaí eile; (iii) coinníollacht mhaicreacnamaíoch le haghaidh maoiniú AE.

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.

    Is díol mór sásaimh do CESE an Teachtaireacht ón gCoimisiún ina leagtar amach treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch. Ag an am céanna, tugann CESE dá aire go bhfuil a lán sonraí le sainiú go fóill, rud a fhágann nach féidir ach réamh-mheasúnú a dhéanamh.

    3.2.

    Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi nár mhór teacht ar chomhaontú go gasta, sin roimh phróisis bhuiséadacha na mBallstát le haghaidh 2024. Faoi mar atá tugtha le fios ag an gCoimisiún, tá géarghá le comhordú láidir ar an mbeartas buiséadach agus struchtúrach agus le faireachas éifeachtach eacnamaíoch agus fioscach, lena gcothófar fás cuimsitheach agus lena ndéanfar na míchothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a laghdú i gcomhar le beart institiúideach an Bhainc Ceannais Eorpaigh chun a spriocanna comhaontaithe a bhaint amach.

    3.3.

    Is mór ag CESE cur chuige iomlánaíoch an Choimisiúin a dhíríonn ar phleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta lena gcumhdaítear cuspóirí fioscacha, athchóirithe agus infheistíochta in aon chur chuige amháin. Tugann pleananna den sórt sin breis solúbthachta do na Ballstáit ar bhealach cothrom agus laistigh de chreat rioscabhunaithe a mbeidh meastóireacht le déanamh air sa mheántéarma.

    3.4.

    Tacaíonn CESE le huaillmhian agus príomhghnéithe an tionscnaimh ón gCoimisiún atá dírithe ar an úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, an creat a shimpliú, bogadh i dtreo fócas níos meántéarmaí, mar aon le forfheidhmiú níos láidre agus níos comhleanúnaí (4).

    3.5.

    Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún nach beartais stuama a bhí á ndéanamh ag na Ballstáit aimsir an ratha (5), agus ag an am céanna gur chuir na rialacha fioscacha srian leis an tsolúbthacht fhioscach le linn sleabhcthaí eacnamaíocha i roinnt Ballstát. Tugann CESE dá aire gur laghdú ar an gcóimheas fiachais le OTI ba cheart a bheith ag gabháil leis na blianta ina mbíonn torthaí dearfacha ar an bhfás, rud a chruthódh deis chun solúbthacht fhioscach a bheith in úsáid le linn blianta cúlaithe eacnamaíoch. Ag an am céanna, nuair is marbhántacht nó cúlú eacnamaíoch mór atá roimh Bhallstáit, bíonn solúbthacht fhioscach ag teastáil. Measann CESE gur céim sa treo ceart é an togra ón gCoimisiún lena gcuirfear ar chumas na mBallstát beartais fhritimthriallacha iontaofa a dhéanamh amach anseo.

    3.6.

    Glacann CESE leis an bplean atá ag an gCoimisiún gan na luachanna tagartha a athrú, ós rud é go mbíonn éifeacht chomharthaíochta pholaitiúil agus mhargaidh ag spriocanna uimhriúla soiléire. Go deimhin, tá an tairseach easnaimh 3 % de OTI leagtha síos le fada an lá sa Chonradh, is maith is eol í a bheith ann, agus í infheidhme go haonfhoirmeach maidir le gach tír san Aontas. Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún nach mór a áirithiú leis na pleananna struchtúracha fioscacha go ndéanfar cóimheasa fiachais le OTI a laghdú nó go bhfanfaidh siad ar leibhéil stuama.

    3.7.

    De réir CESE, d’fhéadfadh sé go mbeadh dialltaí gearrthéarmacha ón tairseach sin ag teastáil chun freastal ar na riachtanais ollmhóra infheistíochta atá i gceist faoi láthair maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach nó ar mhaithe le conair choigeartaithe a fhágfaidh nach gcuirfear an fás i mbaol.

    3.8.

    Measann CESE gur creat meántéarmach réasúnta atá tíolactha ag an gCoimisiún, creat a bheidh in ann idirdhealú idir leibhéil chóimheasa fiachais an-difriúil na mBallstát agus a fhágfaidh go bhféadfaí modhanna cur chuige modúlacha a dhíriú ar chásanna náisiúnta ilchineálacha ina mbeadh cóimheasa éagsúla fiachais le OTI i gceist, cóimheasa a d’fhéadfadh a bheith idir faoi bhun 60 % agus os cionn 150 %. Chuige sin, tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún gan riail dhocht an 1/20ú a chur i bhfeidhm a thuilleadh ós rud é go bhféadfadh sí ró-ualach a chur ar Bhallstáit ardfhiachais, agus tionchar diúltach aici ar an bhfás agus ar inbhuanaitheacht an fhiachais féin. Dealraíonn sé, i bhfianaise na ndálaí eacnamaíocha agus idirnáisiúnta reatha agus intuartha, gur tréimhse chomhréireach í freisin an tréimhse mheastóireachta mheántéarma ceithre bliana le haghaidh coigeartuithe fioscacha tagartha, tréimhse ar féidir síneadh trí bliana a chur léi i gcás inar gá.

    3.9.

    Is díol sásaimh do CESE go mbeidh an Coimisiún ag díriú ar ghlanchaiteachas príomhúil mar phríomhpharaiméadar meastóireachta an rialachais eacnamaíoch nua. Chuige sin, tá CESE ag iarraidh go gcuirfear infheistíochtaí poiblí spriocdhírithe straitéiseacha dea-cheaptha atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais san áireamh sna pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta. Ba cheart go mbeadh na hinfheistíochtaí sin ina sciar níos mó den chaiteachas rialtais, rud a spreagfadh fás cuimsitheach agus inbhuanaithe.

    3.10.

    Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún nach mór cáilíocht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú. Ba cheart tús áite ar an leibhéal náisiúnta a thabhairt d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí trína gcuirtear leis an bhfás, agus conair inchreidte laghdaithe fiachais a shaothrú ag an am céanna tar éis na paindéime agus tráthanna teannais idirnáisiúnta.

    3.11.

    Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún go mbeidh clásail éalaithe stóinseacha ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar chásanna eisceachtúla áit nach bhféadfaí cloí go réadúil leis an gconair choigeartaithe ar glacadh léi. Dá gcloífí go docht leis an gconair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh, d’fhágfadh sé go bhféadfadh an beartas fioscach a bheith fritimthriallach, go mbeadh laghdú ar chóimheasa fiachais le OTI á léiriú aimsir an ratha agus go bhféadfaí leas a bhaint as an mbeartas sin chun na bearta cuí a dhéanamh le linn tréimhsí cruatain (6), rud a thabharfadh cosaint dóibh siúd is leochailí.

    3.12.

    Cuireann CESE in iúl gur de dhlúth agus d’inneach na polaitíochta parlaimintí an beartas fioscach, óir déanann sé difear do struchtúr iomlán an chaiteachais stáit agus an ioncaim stáit. Chun go n-éireoidh le creat athchóirithe, beidh ríthábhacht le húinéireacht ar an bpróiseas. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go mbunófar leis na tograí reachtacha atá le teacht íoschaighdeáin formhaoirseachta parlaimintí náisiúnta agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe i dtaca le pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a dhréachtú. Ba cheart na parlaimintí agus an tsochaí shibhialta eagraithe, agus na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, a bheith rannpháirteach go héifeachtach ós rud é nach mbeidh úinéireacht láidir ar na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha murar leor an rannpháirtíocht atá ag na geallsealbhóirí ábhartha uile iontu (7). Ba cheart do na parlaimintí náisiúnta a áirithiú go mbeidh a rialtais cuntasach sna beartais fhioscacha a bheidh á saothrú acu.

    3.13.

    I gcás athrú rialtais, ní mór a bheith in ann na pleananna struchtúracha meántéarmacha a leasú, ar choinníoll nach ndéantar dochar don chobhsaíocht sa mheántéarma. I gcás ina dtionscnóidh rialtais bearta nua lánroghnacha ioncaim, agus an inbhuanaitheacht fiachais fhoriomlán á caomhnú ag an am céanna, ba cheart go bhféadfaí conair an chaiteachais a oiriúnú gan dul tríd an bpróiseas ar fad arís chun pleananna struchtúracha fioscacha a bhailíochtú.

    3.14.

    Tugann CESE dá aire go mbeadh tionchar níos mó ag an gCoimisiún féin ar bheartas fioscach na mBallstát dá ndéanfaí na tograí ón gCoimisiún a chur chun feidhme (8). Ag an am céanna, is mó de cheangal a bhaineann le moltaí tírshonracha, ós rud é gur ciorruithe ar mhaoiniú AE agus conair choigeartaithe níos sriantaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcás nach gcuirfí chun feidhme iad. Is mó tábhacht a bheadh leis an Seimeastar Eorpach freisin. Beidh sé tábhachtach, dá bhrí sin, borradh a chur faoi rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chun go bhfeabhsófar an úinéireacht ar an gcóras riailbhunaithe. Tá tábhacht le feidhm formhaoirseachta agus ghrinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa, go háirithe maidir le bearta forfheidhmiúcháin agus ceartaitheacha. Ag an am céanna, ní mór prionsabal na coimhdeachta agus roinnt na n-inniúlachtaí sna Conarthaí a urramú.

    3.15.

    Tacaíonn CESE leis an tionscnamh ón gCoimisiún chun sásraí forfheidhmiúcháin airgeadais agus clú a dhéanamh níos éifeachtaí i gcás dialltaí. I bhfianaise na solúbthachta breise a bheadh ag na Ballstáit chun a n-athchóirithe fioscacha, infheistíochta agus struchtúracha a chur chun feidhme laistigh de na pleananna struchtúracha fioscacha náisiúnta, ba cheart na rialacha is infheidhme a fhorfheidhmiú go héifeachtach i gcás neamhchomhlíonadh. D’fhágfadh sin go spreagfaí comhdhlúthú an airgeadais phoiblí in am trátha, agus bheadh an fiachas níos inbhuanaithe.

    3.16.

    Is mian le CESE béim a leagan ar an ngá atá le rialacha cuí le go bhféadfar forfheidhmiú láidir a áirithiú. Sna cásanna eisceachtúla sin ina gcuirtear smachtbhannaí san áireamh, ní mór do na smachtbhannaí sin a bheith éifeachtach agus curtha chun feidhme go trédhearcach. Mura gcuirfear na rialacha i bhfeidhm go cothrom maidir leis na Ballstáit uile ní bheidh muinín as na pleananna. Ba cheart an tionchar agus na héifeachtaí sóisialta agus féideartha ar fhorbairtí inbhuanaitheachta fiachais a bheith mar chuid den anailís forfheidhmiúcháin.

    4.   Barúlacha sonracha

    4.1.

    Ós rud é go bhfuil sé beartaithe go mbeidh na pleananna glanchaiteachais phríomhúil ar an bpríomhpharaiméadar meastóireachta, cuireann CESE i bhfios go láidir go mbeidh rialacha soiléire agus trédhearcacha ag teastáil chun caiteachas príomhúil a ríomh. Dá bhrí sin, beidh bearta lánroghnacha ioncaim, chomh maith le caiteachas ar dhífhostaíocht thimthriallach, le sainiú go hoibiachtúil agus go soiléir, agus le comhaontú ag na Ballstáit uile.

    4.2.

    Cé nach aon ionadh an caiteachas ar dhífhostaíocht thimthriallach a bheith á fhágáil amach as na pleananna caiteachais, níor cheart go gcuirfí cosc ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar aon riachtanas maidir le feidhmiú mhargadh an tsaothair a fheabhsú d’fhonn an dífhostaíocht struchtúrach a laghdú. D’fhéadfadh na costais sin, fiú mura bhfágtar amach as na pleananna iad, cur go mór leis an bhfás agus an dífhostaíocht sa mheántéarma, rud a neartaíonn an inbhuanaitheacht fiachais. Ní mór freisin dálaí oibre meántéarmacha maithe a chur chun cinn. Tá tábhacht le rialacha soiléire agus stóinseacha, lena áirithiú nach mbeadh “cuntasaíocht chruthaitheach” d’aon chineál á saothrú ag na Ballstáit.

    4.3.

    Is díol sásaimh do CESE go bhfuil cáilíocht mhéadaithe agus méid méadaithe na n-infheistíochtaí poiblí á leagan amach mar ghné a bheidh le cur san áireamh sa phróiseas maidir leis an inbhuanaitheacht fiachais a bhaint amach. Is díol sásaimh do CESE freisin an síneadh ar chonair an choigeartaithe, síneadh a fhéadfar a dheonú ar feadh trí bliana ar a mhéad ar choinníoll go gcuirfidh na Ballstáit mar bhonn taca lena bpleananna sraith athchóirithe agus infheistíochtaí a thacaíonn leis an bhfás inbhuanaithe agus leis an inbhuanaitheacht fiachais.

    4.4.

    Chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, ní mór an stoc caipitil a athrú ó bhonn agus cur leis na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha. San am a chuaigh thart, d’iarr CESE go dtionscnófaí bunriail maidir le hinfheistíochtaí poiblí chun a áirithiú go ndúnfaí an bhearna infheistíochta ollmhór. Níl sin sa togra ón gCoimisiún. Ach tá gnéithe tábhachtacha maidir le hinfheistíochtaí poiblí a neartú i gceist leis an togra ón gCoimisiún. Mar sin féin, ní féidir na hinfheistíochtaí poiblí a chruthófar a chainníochtú i ndáiríre ós rud é go mbeidh go leor ag brath ar an gcaibidlíocht idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le pleananna struchtúracha fioscacha. Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir go bhféadfadh tionscnaimh thairis sin a bheith ag teastáil chun a chinntiú go ndéanfar caipiteal leordhóthanach príobháideach agus poiblí a shlógadh ar mhaithe leis an aistriú glas agus an comhtháthú sóisialta.

    4.5.

    Mar gheall ar an gcur chuige rioscabhunaithe atá á mholadh ag an gCoimisiún Eorpach, beidh ríthábhacht leis an anailís ar an inbhuanaitheacht fiachais sa chreat rialachais eacnamaíoch a bheidh ag an Aontas sna blianta amach romhainn. Tugann CESE le fios go bhfuil calabrú mhionsonraí na hanailíse ar an inbhuanaitheacht fiachais ina cheist an-pholaitiúil, lena n-áirítear cibé acu atá rioscaí a bhaineann leis an aeráid san áireamh san anailís ar an inbhuanaitheacht fiachais nó nach bhfuil, agus gur cheart í a phlé go mion leis na geallsealbhóirí inniúla. Beidh paraiméadair deiridh na hanailíse ar an inbhuanaitheacht fiachais le cinneadh ar bhealach daonlathach agus trédhearcach. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag institiúidí fioscacha neamhspleácha sa mheasúnú ar a oiriúnaí atá na toimhdí bunúsacha trína bheith páirteach sa díospóireacht agus faisnéis a thabhairt do pharlaimintí náisiúnta.

    4.6.

    Chun trédhearcacht a áirithiú agus faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme na bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha a éascú, tá ar na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a thíolacadh agus stádas cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a mhionsonrú. Ba cheart na tuarascálacha sin agus na meastóireachtaí a dhéanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle i gcomhthéacs faireachas bliantúil a chur ar fáil go poiblí.

    4.7.

    Measann CESE maidir leis an aird bhreise a bheartaítear a thabhairt ar athróga a bhaineann leis an sreabhadh sa Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha nach mór an nós imeachta sin a shonrú agus a chainníochtú le linn na gcéad chéimeanna eile den athchóiriú ar an rialachas eacnamaíoch chun go mbeidh sé siméadrach, oibríochtúil agus trédhearcach.

    4.8.

    Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí a bheidh sé próiseas iomchuí a bhunú agus a fhorbairt don chéad scagadh ar mhíchothromaíochtaí sa Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh agus chun a chinneadh an ann do mhíchothromaíochtaí sna grinn-athbhreithnithe. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar mholtaí maidir le spreagthaí fáis Eorpacha agus a dtionchar ar an bhforbairt eacnamaíoch. Beidh mionsonraí ag teastáil maidir leis an ngá le faireachas níos réamhbhreathnaithí d’fhonn míchothromaíochtaí a thiocfadh chun cinn a bhrath go tapa agus aghaidh a thabhairt orthu go tapa.

    4.9.

    Cuireann CESE chun suntais go bhfuil an-tábhacht le rialacha stóinseacha, a mbeidh ar a gcumas feidhmiú faoi dhálaí eacnamaíocha athraitheacha, agus gur den riachtanas tiomantas na mBallstát ina leith agus a n-úinéireacht orthu. D’fhonn infheistíochtaí agus leibhéil táirgiúlachta ar fud an Aontais a mhéadú, níor cheart moill a chur ar athchóiriú an chreata fhioscaigh.

    4.10.

    Tá CESE den tuairim go bhfuil géarghá le hathchóiriú fónta ar rialachas eacnamaíoch na hEorpa chun leasa daoine, gnólachtaí agus rialtas. Is den tábhacht, dá bhrí sin, bearta breise a fhorbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh chun úinéireacht ar na rialacha a fheabhsú, rud a chinnteoidh go mbeidh na rialtais uile tiomanta do chreat athbhreithnithe.

    4.11.

    Tugann CESE dá aire go mbeidh cuid mhór de na nósanna imeachta atá beartaithe sa togra ón gCoimisiún le hoibriú amach go mion. Dá bhrí sin, tá CESE ag tnúth leis le linn 2023 a dhearcadh a chur in iúl agus comhairle a thabhairt maidir le tograí níos mionsonraithe.

    An Bhruiséil, an 23 Feabhra 2023.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  COM(2022) 583 final, lch. 4.

    (2)  Tuairim ó CESE athstruchtúrú chreat fioscach an Aontais le haghaidh téarnamh inbhuanaithe agus aistriú cóir, (IO C 105, 4.3.2022, lch. 11).

    (3)  COM(2022) 583 final.

    (4)  COM(2022) 583 final, lch. 1.

    (5)  COM(2022) 583 final, lch. 4.

    (6)  COM(2022) 583 final, lch. 19.

    (7)  Tugann CESE dá aire an cáineadh ar rannpháirtíocht lag na sochaí sibhialta sa rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

    (8)  Aithníonn CESE, chun aontas airgeadaíochta a bheith inmharthana, gur den riachtanas dálaí fioscacha áirithe agus cobhsaíocht.


    Top