EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE5403

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce (COM(2022) 540 final — 2022/0344 (COD))

EESC 2022/05403

IO C 146, 27.4.2023, p. 41–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 146/41


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce

(COM(2022) 540 final — 2022/0344 (COD))

(2023/C 146/07)

Rapóirtéir:

Arnaud SCHWARTZ

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 19.1.2023

An Chomhairle, 24.1.2023

Bunús dlí

Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

3.2.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.2.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

156/01/06

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go láidir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach roinnt truailleáin ríthábhachtacha uisce a chur le liostaí na substaintí tosaíochta le haghaidh uisce dromchla agus screamhuisce, rud a úsáidfear chun stádas ceimiceach a mheas faoin Treoir Réime maidir le hUisce. Beidh ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar a láithreacht san uisce agus a chinntiú nach sárófar caighdeáin cháilíochta. Tá an togra sin roinnt blianta thar téarma agus is díol sásaimh an iarracht chun an measúnú ar stádas ceimiceach uisce a thabhairt cothrom le dáta.

1.2.

Tá CESE á thabhairt le fios gur riachtanas bunúsach na sochaí agus an chomhshaoil é an t-uisce glan, agus is bunriachtanas é freisin le haghaidh gníomhaíochtaí socheacnamaíocha. Rachaidh creat láidir cosanta uisce, lena ndírítear ar thruailliú a laghdú ag an bhfoinse, chun sochair d’éiceachórais, d’úsáideoirí áineasa uisce agus don tionscal, agus áiritheofar gur ann d’uisce óil atá glan agus inacmhainne.

1.3.

Cé go mbaineann costais leis an tionscnamh, mar shampla costas na cóireála fuíolluisce, cuireann CESE i bhfios go láidir gur mó na tairbhí a bhaineann le huisce neamhthruaillithe ná na costais a bhaineann leo, cuir i gcás neamhchosaint ar cheimiceáin dhíobhálacha a sheachaint agus gá níos lú le cóireáil chun caighdeán an uisce óil a bhaint amach. Ach patrúin úsáide substaintí díobhálacha a athrú, d’fhonn a oiread díobh atá san uisce a laghdú, is féidir teacht ar chomhthairbhí freisin, cuir i gcás nach nochtfaí a oiread céanna oibrithe an tionscail agrai-bhia do lotnaidicídí díobhálacha.

1.4.

Ba cheart a thuilleadh a dhéanamh ar son na sláinte agus na sábháilteachta san áit oibre. Iarrann CESE treoirlínte ar leith a fhorbairt do na tionscail ina n-úsáidtear uisce in éineacht le substaintí éagsúla le linn an phróisis táirgthe.

1.5.

Molann CESE do na Ballstáit tuilleadh a dhéanamh chun sonraí uisce a bhailiú, a eagrú agus a léirmhíniú agus chun riachtanais sonraí comhshaoil a chur ar bharr a dtosaíochtaí. Tá sé tábhachtach moilleanna ar shonraí a laghdú agus a áirithiú gur ann do tháscairí ar leith ar fud na mBallstát.

1.6.

De réir na Treorach Réime maidir le hUisce (1), níl stádas ceimiceach maith bainte amach fós i gcás os cionn 60 % d’uiscí an Aontais, ach ní léiriú cruinn ar an scéal ina iomláine an méid sin óir ní chuirtear san áireamh sa mheasúnú a dhéantar i láthair na huaire tionchar na meascán ceimiceán is féidir a bheith ann fiú amháin agus leibhéal “sábháilte” ann ó thaobh na dtruailleán atá san uisce. Ba cheart a thuilleadh a dhéanamh chun an tionchar a imríonn na meascáin substaintí ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a laghdú agus a fhaire.

1.7.

Is ann fós do lotnaidicídí a bhfuil cosc orthu in uiscí na hEorpa. Cuireann CESE i bhfáth gur gá bearta faireacháin a choinneáil i bhfeidhm, lena n-áirítear deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach agus maoluithe, sna Ballstáit siúd a n-aimsítear méid rómhór lotnaidicídí iontu, fiú amháin más substaintí iad a baineadh de liosta na substaintí tosaíochta ag leibhéal an Aontais.

1.8.

Is acmhainn riachtanach é an t-uisce ach is ceann é atá ag éirí níos teirce. Dar le dhá thrian de shaoránaigh na hEorpa, is fadhb thromchúiseach í cáilíocht an uisce nó an méid uisce atá ar fáil ina dtír féin. Má táthar le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6, mar atá rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do gach duine, a chur chun feidhme ina hiomláine agus má táthar le géarchéimeanna eile amach anseo a sheachaint, caithfear aghaidh a thabairt gan mhoill ar na húdair imní sin. Ba cheart go mbeadh sé ina thosaíocht ag na Ballstáit rochtain ar acmhainní, trealamh, agus acmhainní daonna leordhóthanacha a éascú mar aon leis na hinstitiúidí rialála a chomhdhlúthú agus líon na gcigirí rialála a mhéadú. (2)

1.9.

Iarrann CESE freisin ar na hinstitiúidí Eorpacha caitheamh le cúrsaí uisce mar ábhar tosaíochta agus “Comhaontú Gorm don Eoraip” a fhorbairt: iarracht radacach riachtanais a thuar, acmhainní uisce a chaomhnú, agus dúshláin ábhartha a láimhseáil trí bhíthin treochlár cuimsitheach comhordaithe, trí spriocanna uaillmhianacha a leagan síos, agus trí bhearta a dhéanamh de réir garspriocanna comhaontaithe. Cuirfidh CESE tograí nithiúla ar fáil i dtaca le Comhaontú Gorm don Aontas le linn 2023.

2.   Comhthéacs

2.1.

Leis an athbhreithniú ar liostaí na dtruailleán dromchla agus screamhuisce, a cuireadh i láthair sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir lena leasaítear an Treoir Réime maidir le hUisce (TRU), an Treoir maidir le Caighdeáin Cáilíochta Comhshaoil (TCCC) agus an Treoir maidir le Screamhuisce (TSU), déantar iarracht aghaidh a thabhairt ar dhá phríomhfhadhb:

Tá liostaí na substaintí tosaíochta neamhiomlán agus as dáta agus ní thugtar leo cosaint leordhóthanach d’éiceachórais ná do shláinte an duine ar rioscaí a bhaineann le truailliú uisce.

Is rómhór an oll-éagsúlacht atá ann ó thaobh na dtruailleán agus na gcaighdeán cáilíochta arna socrú ar an leibhéal náisiúnta de. Tá ualach mór ag baint le tuairisciú sonraí toisc nár cuireadh an córas in oiriúint do theicneolaíocht an lae inniu. Tá an nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar liostaí na substaintí tosaíochta rófhada.

2.2.

Maidir le huisce dromchla, moltar san athbhreithniú 24 shubstaint ar leith (lotnaidicídí, cógais agus ceimiceáin thionsclaíocha) agus grúpa de 24 shubstaint sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFAS) a chur le liosta na substaintí tosaíochta le haghaidh uisce dromchla chomh maith leis an gcaighdeán cáilíochta comhshaoil a leasú i gcás 16 shubstaint atá liostaithe cheana féin agus deireadh a chur le ceithre shubstaint a mheastar gan bheith ina mbagairt uile-Aontais a thuilleadh. Ina theannta sin, tugtar isteach luach tairsí le haghaidh lotnaidicídí i gcomhréir leis na forálacha maidir le screamhuisce.

2.3.

Maidir le screamhuisce, moltar go gcuirfí grúpa 24 PFAS, dhá antaibheathach agus raon meitibilítí lotnaidicíde le hIarscríbhinn I a ghabhann le TSU, agus tairseacha uile-Aontais ag baint leo. Ina theannta sin, tugtar isteach luach tairsí le haghaidh táirgí cógaisíochta. Cuirtear táirge cógaisíochta amháin le hIarscríbhinn II a ghabhann le TSU, rud a chiallaíonn gur gá do na Ballstáit smaoineamh ar thairseach náisiúnta a shocrú.

2.4.

Forbróidh an Coimisiún modheolaíocht chun faireachán a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh agus ar ghéinte frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh d’fhonn iad a liostú mar thruailleáin amach anseo.

2.5.

D’fhonn faireachán ar thruailleáin screamhuisce a fheabhsú, tá an nós imeachta “liosta faire” éigeantach anois le haghaidh faireachán ar screamhuisce.

2.6.

Rinneadh comhchuibhiú ar na caighdeáin maidir le truailleáin a rialaítear ar leibhéal abhantracha agus áireofar iad sa mheasúnú ar an stádas ceimiceach.

2.7.

Tá sé de dhualgas ar na Ballstáit substaintí éastraigineacha a fhaire trí mheán modhanna éifeachtbhunaithe thar thréimhse dhá bhliain in éineacht leis an ngnáthfhaireachán ceimiceán a dhéantar ar thrí shubstaint eastraigineacha. Leasaítear an sainmhíniú ar chaighdeán cáilíochta comhshaoil in TRU chun truicearluachanna éifeachtbhunaithe a úsáidtear le haghaidh faireachán éifeachtbhunaithe a chur san áireamh.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Breis agus 20 bliain ó glacadh an Treoir Réime maidir le hUisce, tá truailliú uisce fós ina shaincheist go forleathan san Eoraip, agus tionchar diúltach aige sin ar an saol uisceach, ar úsáid áineasa uisce agus ar sholáthar uisce óil. Is ábhar imní don talmhaíocht agus don tionscal é freisin. Níl stádas ceimiceach maith bainte amach fós i gcás dhá thrian de dhobharlaigh dhromchla an Aontais ná an cheathrú cuid de na dobharlaigh screamhuisce inti (3), ach ní chuirtear san áireamh sa mhéid sin ach fothacar beag de na truailleáin arb ann dóibh, rud a fhágann nach léiriú cruinn é ar a dhonacht atá an truailliú uisce.

3.2.

Íocann an tsochaí go daor as truailliú an uisce. Meastar gur fiú EUR 22 bhilliún sa bhliain an costas a bhaineann leis, gan ach an truailliú cothaitheach a chur san áireamh (4). Cé go bhfuil an prionsabal cumhdaithe i gConarthaí an Aontais gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, ní chuirtear chun feidhme i gceart é, rud a fhágann gurb iad na cáiníocóirí a íocann as, den chuid is mó (5). Bíonn praghas mór le híoc as neamhchosaint na ndaoine agus an chomhshaoil ar shubstaintí díobhálacha, agus tá sé costasach uisce éillithe a leigheas agus a chóireáil. Dá bhrí sin, ní mór gach iarracht a dhíriú ar thruailliú a chosc ag an bhfoinse.

3.3.

Aithnítear go forleathan an bhagairt a bhaineann le héifeachtaí manglam ceimiceán ar an saol uisceach agus ar shláinte an duine agus bhí easnaimh an chreata faireacháin agus tuairiscithe atá ann faoi láthair ar cheann de na príomhphointí ar teastaíodh réiteach a fháil orthu san athbhreithniú atá ar bun i gcónaí. Ba cheart torthaí agus moltaí ón lucht eolaíochta, e.g. faoi chuimsiú thionscadail SOLUTIONS agus NORMAN an Aontais, a chur san áireamh.

3.4.

Ba cheart an t-athbhreithniú ar liostaí na dtruailleán dromchla agus screamhuisce a dhéanamh gach ceithre bliana agus sé bliana faoi seach. Tá an t-athbhreithniú atá ar bun faoi láthair thar téarma toisc gur in 2013 agus in 2014 a rinneadh na hathbhreithnithe deireanacha i dtaca le truailleáin dromchla agus screamhuisce faoi seach. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh na substaintí tosaíochta nua ach ina gcuid den mheasúnú ar an stádas ceimiceach sa cheathrú timthriall de na pleananna bainistíochta abhantraí, arb é 2033 an dáta comhlíontachta atá beartaithe lena n-aghaidh. I bhfianaise dhrochstaid cháilíocht uisce na hEorpa, agus ós rud é go bhfuil sé cruthaithe cheana féin gur ábhar imní don uisce ar fud an Aontais iad na substaintí atá beartaithe, molann CESE go láidir go ndéanfaí bearta gan mhoill chun tiúchan na dtruailleán sin agus na dtruailleán eile in uiscí uile an Aontais a laghdú. Ní mór don Aontas an eolaíocht is déanaí i dtaca le truailliú an uisce a chur san áireamh ar bhonn níos tapa agus beart dlí agus réitigh a dhéanamh di. Rud riachtanach eile is ea an rochtain ar an gceartas ó thaobh saincheisteanna comhshaoil de. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas nósanna imeachta breithiúnacha agus riaracháin atá éifeachtúil agus tapa a áirithiú (6).

3.5.

Tacaíonn CESE le truailleáin nua a chur le liosta na substaintí tosaíochta le haghaidh uisce dromchla agus screamhuisce. Leis na liostaí sin, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit, ní hamháin scaoileadh na substaintí sin isteach sa timpeallacht a laghdú ach bearta a bhaineann le treoracha eile a chur i bhfeidhm freisin (7). Mar sin féin, mura bhfuil na liostaí sin cothrom le dáta nó má tá siad róchúng, is féidir go mbeidh teorainn leis an ngníomhaíocht chomhshaoil. Ar an dóigh chéanna, is ar bhonn substaintí aonair a cuireadh na truailleáin leis na liostaí sin den chuid is mó, gan éifeachtaí na meascán ceimiceán a chur san áireamh.

3.6.

Is díol sásaimh do CESE gur cuireadh PFAS leis mar ghrúpa de 24 shubstaint a bhfuil luach tairsí ag baint leo mar ghrúpa, agus is díol sásaimh dó freisin gur tugadh isteach luach tairsí le haghaidh lotnaidicídí in uisce dromchla agus luach tairsí le haghaidh táirgí cógaisíochta i screamhuisce. Cé go bhféadfadh roinnt de na luachanna tairsí sin a bheith ró-ard le bheith cosantach, tá sé sin i gcomhréir le huaillmhian na Straitéise Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht substaintí a rialáil mar ghrúpa. Mar sin féin, ba cheart a leithéid de luachanna tairsí a fhorbairt freisin le haghaidh grúpaí substaintí eile, lena n-áirítear substaintí bisfeanóil, pireatróide agus neoinicitínóidigh.

3.7.

Fiú má chuirtear cosc ar lotnaidicídí, is féidir gur ann dóibh i gcónaí sa timpeallacht, mar a mbíonn siad ina mbagairt ar an saol uisceach agus ar shláinte an duine, de dheasca eisceachtaí dleathacha, úsáid neamhdhleathach, nó toisc gur substaintí iad ar deacair iad a dhíghrádú. Formhór mór na lotnaidicídí a bhraitear in uisce i gcuid de na Ballstáit, ní lotnaidicídí údaraithe iad, lena n-áirítear an déchlóraidhéfheiniltríchlóireatán (DDT), an liondán, an t-atraisín, agus an t-ionsulfán (8). Tá sé ríthábhachtach go leanfar den fhaireachán agus de na hiarrachtaí a mhéad arb ann dóibh a laghdú.

3.8.

Moltar freisin Airteagal 16 de TRU a scriosadh ós rud é go bhfuil sé imithe i léig. Níl an méid sin ceart ach i bpáirt, áfach, toisc go gcuirfí deireadh leis an spriocdháta 20 bliain chun substaintí guaiseacha tosaíochta a chéimniú amach de réir a chéile mar thoradh ar an scriosadh. Níl an oibleagáid maidir le céimniú amach, arb í ceann de phríomhchuspóirí TRU í, infhorfheidhmithe ach amháin má tá sí nasctha le sprioc-am soiléir. Tá neamhaird á tabhairt go forleathan faoi TRU atá ann cheana ar an oibleagáid céimniú amach a dhéanamh; dá laghad a nithiúlacht is ea is mó a dhéanfaidh na húdaráis iarracht neamhaird a thabhairt uirthi. Bheadh lagú tromchúiseach i gceist leis sin.

3.9.

Agus an cur chuige “aon substaint amháin, aon mheasúnú amháin” faoin Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht á lua sa togra, sanntar leis ról lárnach don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) chun tacar freagrachtaí a ghlacadh ar láimh ó AS ENVI agus ó JRC maidir le truailleáin uisce agus na caighdeáin cháilíochta a bhaineann leo a shainaithint. Ós rud é go mbaineann ECHA den chuid is mó le ceimiceáin arna rialú faoin Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH), rud nach bhfuil lotnaidicídí ná táirgí cógaisíochta san áireamh ann, iarrann CESE ar ECHA a acmhainn dlí agus theicniúil a neartú i dtaca le cógais agus lotnaidicídí lena chur ar a chumas tabhairt faoina chúraimí nua. Molann CESE do ECHA freisin dul i gcomhar sa chomhthéacs sin le comhpháirtithe cumasacha, lena n-áirítear ag an leibhéal réigiúnach, cuir i gcás ollscoileanna agus saotharlanna na n-ollscoileanna.

3.10.

Ba cheart a thuilleadh a dhéanamh ar son na sláinte agus na sábháilteachta san áit oibre, cuir i gcás san earnáil agrai-bhia. I dtaca leis sin, iarrann CESE treoirlínte ar leith a fhorbairt do na tionscail ina n-úsáidtear uisce in éineacht le substaintí éagsúla le linn an phróisis táirgthe.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Is díol sásaimh do CESE gur cheart go ndéanfaí sonraí faireacháin agus an stádas a eascraíonn astu a chur ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus don phobal uair sa bhliain ar a laghad, seachas gach sé bliana, mar a rinneadh roimhe seo. Tabharfaidh sé sin léargas níos cothroime ar staid uiscí na hEorpa agus ar an dul chun cinn i dtreo sprioc TRU a bhaint amach.

4.2.

Is díol sásaimh do CESE an fhoráil maidir le modhanna éifeachtbhunaithe a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí éastraigineacha. Gabhfar leis seo éifeacht na substaintí éastraigineacha a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna acu agus ní hamháin ó na trí shubstaint éastraigineacha a ndéantar monatóireacht orthu, agus úsáid á baint as na gnáth-theicnící i dtaca le ceimiceáin. Cé go bhfágann truicearluachanna a bheith san áireamh sa shainmhíniú ar chaighdeán cáilíochta comhshaoil go bhféadfaí faireachán éifeachtbhunaithe ar éifeachtaí meascán a thabhairt isteach san fhaireachán a dhéanfar amach anseo ar stádas ceimiceach, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a chur ar aghaidh chun a cheangal go mbainfí úsáid bhreise as fhaireachán éifeachtbhunaithe.

4.3.

Socraíodh na caighdeáin cháilíochta le haghaidh gliofosáite sula n-eiseofar an tuairim chríochnaitheach ón gCoiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte, Comhshaoil agus Rioscaí atá ag Teacht Chun Cinn (SCHEER), gan aon léiriú go ndéanfar iad a athbhreithniú tar éis na tuairime eolaíche deiridh, rud a chiallaíonn nach bhfuil ionchur ón tsochaí shibhialta i gcomhairliúchán SCHEER á chur san áireamh. Ba cheart do SCHEER freisin barúlacha na sochaí sibhialta (9) a chur san áireamh maidir leis an tuairim deiridh sin. Tá am ann go fóill óir tá próiseas athbhreithnithe na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil maidir leis an ngliofosáit ar bun i gcónaí, mar a cheanglaítear de réir na Treorach Réime maidir le hUisce. Ba cheart dó sin a bheith ina bhunús leis an togra ón gCoimisiún maidir le luachanna tairsí a bhunú le haghaidh uiscí dromchla.

4.4.

Measann CESE nár cheart aon chaighdeán cáilíochta comhshaoil ar leith a bheith níos airde ná paraiméadar “iomlán” na lotnaidicídí atá beartaithe (0,5 μg/L) (10). Dá bhrí sin, níor cheart leas a bhaint as an gcaighdeán cáilíochta comhshaoil atá beartaithe maidir le huiscí dromchla intíre nach n-úsáidtear le haghaidh astarraingt uisce óil (86,7 μg/L). Ina áit sin, arna bhunú ar chur chuige an réamhchúraim, molann CESE an caighdeán cáilíochta comhshaoil atá beartaithe maidir le huiscí dromchla a úsáidtear le haghaidh astarraingt uisce óil (0,1 μg/L) a úsáid i gcás an uisce dromchla intíre uile. Dá thoradh sin, ba cheart an caighdeán cáilíochta comhshaoil maidir le “uiscí dromchla eile” a leasú go 0,01 μg/L, i gcomhréir leis an gcleachtas tairseach atá ord méadaíochta amháin níos lú ná “uiscí dromchla intíre” a leagan síos le haghaidh “uiscí dromchla eile”.

4.5.

Is ar arbh fhéidir a dhéanamh ó thaobh anailíse de le teicnící na 1990í atá tairseach aonair na lotnaidicídí sa screamhuisce bunaithe (11). Tá dul chun cinn teicniúil déanta ó shin agus is féidir tiúchain níos ísle a bhrath anois. Maidir le huisce dromchla, tá luachanna tairsí níos ísle leagtha síos ina leith cheana féin i gcás roinnt lotnaidicídí. Is oth le CESE nár athbhreithnigh an Coimisiún an luach tairsí aonair le haghaidh lotnaidicídí san athbhreithniú ar thruailleáin dromchla agus screamhuisce. Ó thaobh an screamhuisce de, cuirtear tairseach threallach 0,1 μg/L i bhfeidhm maidir le táirgí cosanta plandaí, rud atá bunaithe ar theicnící anailíseacha. Is ann anois do theicnící níos fearr lena gcuirtear faisnéis eolaíochta ar fáil a fhágann gur féidir tairsí a leagan síos atá bunaithe ar an riosca iarbhír a bhaineann le substaintí éagsúla.

4.6.

Tá easpa táscairí ann i gcónaí chun faireachán a dhéanamh ar shláinte na gcóras screamhuisce, amhail teocht, in ainneoin go gcuirtear maoiniú láidir ar fáil ag an eolaíocht cheana féin chun critéir ábhartha a bhunú. Tá CESE in amhras faoin gcúis nár chuir an Coimisiún na critéir ábhartha sin san áireamh ina thogra. Ba cheart na critéir sin a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann le TSU i gcomhréir le haithris 20 agus Airteagal 4(5) de TSU agus ba cheart iad a bheith ag teacht leis na hiarrataí a bhaineann le screamhuisce atá sa rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an reachtaíocht uisce a chur chun feidhme (17.12.2020).

An Bhruiséil, an 22 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, Tuarascáil Uimh. 7/2018, European waters: Assessment of status and pressures 2018.

(2)  Cumann Uisce na hEorpa, Water Manifesto.

(3)  An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, Tuarascáil Uimh. 9/2021, Drivers of and pressures arising from selected key water management challenges: A European overview.

(4)  An Coimisiún Eorpach, Green taxation and other economic instruments — Internalising environmental costs to make the polluter pay.

(5)  Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuarascáil Speisialta Uimh. 12/2021, The Polluter Pays Principle: Inconsistent application across EU environmental policies and actions.

(6)  Tuairim CESE maidir le Application of the Aarhus Convention – Access to Justice in Environmental Matters [Cur i bhfeidhm Choinbhinsiún Aarhus — Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil] (níl leagan Gaeilge ann), IO C 123, 9.4.2021, lch. 66

(7)  Mar shampla, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar na húdaruithe faoi chuimsiú an Rialacháin maidir le Táirgí Cosanta Plandaí (Rialachán TCP) i gcás ina bhfuil an stádas ceimiceach i mbaol.

(8)  PAN Eoraip agus Ecologistas en Acción, Ríos hormonados: Contamination of Spanish Rivers with Pesticides.

(9)  Joint NGO analysis of the Commission’s proposal for a revised list of priority substances for surface and groundwater [Anailís chomhpháirteach ENR ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh liosta athbhreithnithe truailleán uisce dromchla agus screamhuisce].

(10)  COM(2022)540, Iarscríbhinn I.

(11)  Féach an méid a chuir an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in iúl sna Treoirlínte maidir le measúnú a dhéanamh ar bhagairt na dtáirgí íocshláinte tréidliachta sa screamhuisce ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine agus i dTuarascáil Uimh. 1/2020 ón Lárionad Téamach Eorpach maidir le hUiscí Intíre, Cósta, agus Mara dar teideal Pesticides in European rivers, lakes and groundwater – Data assessment.


Top