This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0688
Case C-688/21, Confédération paysanne and Others (In vitro random mutagenesis): Judgment of the Court (Grand Chamber) of 7 February 2023 (request for a preliminary ruling from the Conseil d’État — France) — Confédération paysanne and Others v Premier ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation (Reference for a preliminary ruling — Environment — Deliberate release of genetically modified organisms — Directive 2001/18/EC — Article 3(1) — Point 1 of Annex I B — Scope — Exemptions — Techniques/methods of genetic modification which have conventionally been used and have a long safety record — In vitro random mutagenesis)
Cás C-688/21, Confédération paysanne agus páirtithe eile (Só-ghineas randamach in vitro): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 7 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Fhrainc) – Confédération paysanne agus páirtithe eile v Premier Ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation (Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Orgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d'aon ghnó – Treoir 2001/18/CE – Airteagal 3(1) – Iarscríbhinn I B, pointe 1 – Raon feidhme – Eisceachtaí – Teicnící/modhanna géinmhodhnaithe a úsáidtear go traidisiúnta agus a bhfuil a sábháilteacht cruthaithe le tamall fada – Só-ghineas randamach in vitro)
Cás C-688/21, Confédération paysanne agus páirtithe eile (Só-ghineas randamach in vitro): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 7 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Fhrainc) – Confédération paysanne agus páirtithe eile v Premier Ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation (Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Orgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d'aon ghnó – Treoir 2001/18/CE – Airteagal 3(1) – Iarscríbhinn I B, pointe 1 – Raon feidhme – Eisceachtaí – Teicnící/modhanna géinmhodhnaithe a úsáidtear go traidisiúnta agus a bhfuil a sábháilteacht cruthaithe le tamall fada – Só-ghineas randamach in vitro)
IO C 112, 27.3.2023, p. 8–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
27.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 112/8 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 7 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Fhrainc) – Confédération paysanne agus páirtithe eile v Premier Ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation
(Cás C-688/21 (1), Confédération paysanne agus páirtithe eile (Só-ghineas randamach in vitro))
(Tarchur chun réamhrialú - Comhshaol - Orgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d'aon ghnó - Treoir 2001/18/CE - Airteagal 3(1) - Iarscríbhinn I B, pointe 1 - Raon feidhme - Eisceachtaí - Teicnící/modhanna géinmhodhnaithe a úsáidtear go traidisiúnta agus a bhfuil a sábháilteacht cruthaithe le tamall fada - Só-ghineas randamach in vitro)
(2023/C 112/10)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d’État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Confédération paysanne, Réseau Semences Paysannes, Les Amis de la Terre France, Collectif Vigilance OGM et Pesticides 16, Vigilance OG2M, CSFV 49, OGM: dangers, Vigilance OGM 33, Fédération Nature et Progrès
Cosantóirí: Premier ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation
Páirtí eile sna himeachtaí: Fédération française des producteurs d’oléagineux et de protéagineux
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 3(1) de Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe amach sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I B, pointe 1 den Treoir sin agus i bhfianaise aithris 17 di,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
eisiatar orgánaigh a fhaightear trí theicníc/modh só-ghinis atá bunaithe ar na módúlachtaí céanna modhnaithe, ag oibreán só-ghineach, ar ábhar géiniteach an orgánaigh lena mbaineann ná ar theicníc/modh só-ghinis a úsáidtear go traidisiúnta le haghaidh feidhmeanna éagsúla agus a bhfuil a sábháilteacht cruthaithe le tamall fada, ach atá difriúil ón dara teicníc/modh só-ghinis sin de réir tréithe eile, lena n-áirítear úsáid saothráin in vitro, ón díolúine dá bhforáiltear san fhoráil sin, ach amháin má shuitear gur dócha go mbeidh athruithe éagsúla ar ábhar géiniteach an orgánaigh lena mbaineann mar thoradh ar na saintréithe sin, de réir a nádúir nó ag an ráta ag a dtarlaíonn siad, uathu siúd a eascraíonn as feidhmiú an dara teicníc/modh só-ghinis sin. Mar sin féin, ní thugann éifeachtaí dúchasacha na saothráin in vitro, mar sin, údar le heisiamh ón díolúine sin orgánaigh a fhaightear trí theicníc/modh só-ghinis in vitro a úsáideadh go traidisiúnta le haghaidh feidhmeanna éagsúla, a bhfuil a sábháilteacht cruthaithe le tamall fada maidir leis na modhanna sin.