Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0758

Cás T-758/22: Caingean arna tabhairt an 5 Nollaig 2022 – Puma v EUIPO – Fujian Daocheng Electronic Commerce (Shoes)

IO C 35, 30.1.2023, p. 77–77 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/77


Caingean arna tabhairt an 5 Nollaig 2022 – Puma v EUIPO – Fujian Daocheng Electronic Commerce (Shoes)

(Cás T-758/22)

(2023/C 35/97)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Puma SE (Herzogenaurach, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Schunke agus P. Trieb, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Fujian Daocheng Electronic Commerce Co. Ltd (Quanzhou, an tSín)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail Uimh. 8 367 742-0013

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Meán Fómhair 2022 i gCás R 1876/2021-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais sin arna dtabhú os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 6(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.


Top