Επιλέξτε τις πειραματικές λειτουργίες που θέλετε να δοκιμάσετε

Το έγγραφο αυτό έχει ληφθεί από τον ιστότοπο EUR-Lex

Έγγραφο 62022TN0707

Cás T-707/22: Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 — Ostrava v an Coimisiún

IO C 35, 30.1.2023, σ. 66-67 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/66


Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 — Ostrava v an Coimisiún

(Cás T-707/22)

(2023/C 35/84)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Ostrava — Trading e Serviços Internacionais, Sociedade Unipessoal, Lda (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) — Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


Επάνω