Válassza ki azokat a kísérleti funkciókat, amelyeket ki szeretne próbálni

Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.

Dokumentum 62022TN0700

Cás T-700/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Mission v an Coimisiún

IO C 35, 30.1.2023., 65–66. o. (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/65


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Mission v an Coimisiún

(Cás T-700/22)

(2023/C 35/82)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Mission – Trading, Gestão e Serviços, Unipessoal, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir le scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil do shaorlimistéar Mhaidéara (Zona Franca da Madeira – ZFM) – Scéim III, a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí, atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


Az oldal tetejére