Válassza ki azokat a kísérleti funkciókat, amelyeket ki szeretne próbálni

Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.

Dokumentum 62021TB0800

Cás T-800/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2022 – Fieldpoint (an Chipir) v EUIPO (HYPERLIGHTOPTICS) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh HYPERLIGHTOPTICS – Dearbhfhoras le diúltú – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cóir chomhionann – Caingean nach bhfuil aon bhunús dlí ann go follasach)

IO C 35, 30.1.2023., 62–62. o. (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/62


Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2022 – Fieldpoint (an Chipir) v EUIPO (HYPERLIGHTOPTICS)

(Cás T-800/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh HYPERLIGHTOPTICS - Dearbhfhoras le diúltú - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cóir chomhionann - Caingean nach bhfuil aon bhunús dlí ann go follasach)

(2023/C 35/76)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Fieldpoint (an Chipir) LTD (an Niocóis, an Chipir) (ionadaithe: P. Rath agus S. Gebele, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: L. Lapinskaite agus T. Klee, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 6 Deireadh Fómhair 2021 a neamhniú (Cás R 1166/2021-2).

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Fieldpoint (an Chipir) LTD na costais a íoc.


(1)  IO C 73, 14.2.2022.


Az oldal tetejére