This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0348
Case C-348/21: Judgment of the Court (Third Chamber) of 8 December 2022 (request for a preliminary ruling from the Sofiyski gradski sad — Bulgaria) — Criminal proceedings against HYA, IP, DD, ZI, SS (Reference for a preliminary ruling — Judicial cooperation in criminal matters — Directive (EU) 2016/343 — Strengthening of certain aspects of the presumption of innocence and of the right to be present at the trial in criminal proceedings — Article 8(1) — Right of an accused person to be present at the trial — Second paragraph of Article 47 and Article 48(2) of the Charter of Fundamental Rights of the European Union — Right to a fair trial and rights of the defence — Examination of witnesses for the prosecution in the absence of the accused person and his or her lawyer at the pre-trial stage of the criminal proceedings — Impossibility of examining witnesses for the prosecution during the judicial stage of those proceedings — National legislation allowing a criminal court to base its decision on the prior testimony of those witnesses)
Cás C-348/21: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 8 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad – an Bhulgáir) – imeachtaí coiriúla i gcoinne HYA, IP, DD, ZI, SS (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir (AE) 2016/343 – Gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart a bheith i láthair ag triail in imeachtaí coiriúla a neartú – Airteagal 8(1) – Ceart an chúisí freastal ar a thriail – Airteagal 47, dara mír, agus Airteagal 48(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart chun triail chóir a fháil agus cearta na cosanta – Ceistiú finnéithe ionchúisimh in éagmais an chúisí agus a dhlíodóra le linn na réamhchéime de na himeachtaí coiriúla – Dodhéanta finnéithe ionchúisimh a cheistiú le linn na céime breithiúnaí de na himeachtaí sin – Reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear do chúirt choiriúil a cinneadh a bhunú ar fhianaise na bhfinnéithe sin a bailíodh roimh ré)

IO C 35, 30.1.2023, p. 9–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/9 |
Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 8 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad – an Bhulgáir) – imeachtaí coiriúla i gcoinne HYA, IP, DD, ZI, SS
(Cás C-348/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Treoir (AE) 2016/343 - Gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart a bheith i láthair ag triail in imeachtaí coiriúla a neartú - Airteagal 8(1) - Ceart an chúisí freastal ar a thriail - Airteagal 47, dara mír, agus Airteagal 48(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - An ceart chun triail chóir a fháil agus cearta na cosanta - Ceistiú finnéithe ionchúisimh in éagmais an chúisí agus a dhlíodóra le linn na réamhchéime de na himeachtaí coiriúla - Dodhéanta finnéithe ionchúisimh a cheistiú le linn na céime breithiúnaí de na himeachtaí sin - Reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear do chúirt choiriúil a cinneadh a bhunú ar fhianaise na bhfinnéithe sin a bailíodh roimh ré)
(2023/C 35/09)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Sofiyski gradski sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
HYA, IP, DD, ZI, SS
Páirtí leasmhar: Spetsializirana prokuratura
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47, an dara mír, agus Airteagal 48(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
cuirtear cosc leis ar chur i bhfeidhm reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear do chúirt náisiúnta, nuair nach féidir finné ionchúisimh a cheistiú le linn na céime breithiúnaí d’imeachtaí coiriúla, a cinneadh maidir le ciontacht nó neamhchiontacht an chúisí a bhunú ar fhianaise an fhinné sin arna bailiú le linn éisteachta os comhair breithimh le linn réamhchéim na n-imeachtaí sin, ach gan rannpháirtíocht an chúisí ná a dhlíodóra, mura bhfuil cúis thromchúiseach ann lena dtugtar údar do neamhláithreacht an fhinné le linn na céime breithiúnaí de na himeachtaí coiriúla, nuair nach é ceistiú an fhinné sin an bonn amháin nó an bonn cinntitheach chun an cúisí a ionchúiseamh, agus gurb ann do ghnéithe cúiteacha leordhóthanacha chun na deacrachtaí arna gcruthú don duine sin agus dá dhlíodóir mar gheall ar chur san áireamh na fianaise sin a mhaolú.