30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/9


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 8 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad – an Bhulgáir) – imeachtaí coiriúla i gcoinne HYA, IP, DD, ZI, SS

(Cás C-348/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Treoir (AE) 2016/343 - Gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart a bheith i láthair ag triail in imeachtaí coiriúla a neartú - Airteagal 8(1) - Ceart an chúisí freastal ar a thriail - Airteagal 47, dara mír, agus Airteagal 48(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - An ceart chun triail chóir a fháil agus cearta na cosanta - Ceistiú finnéithe ionchúisimh in éagmais an chúisí agus a dhlíodóra le linn na réamhchéime de na himeachtaí coiriúla - Dodhéanta finnéithe ionchúisimh a cheistiú le linn na céime breithiúnaí de na himeachtaí sin - Reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear do chúirt choiriúil a cinneadh a bhunú ar fhianaise na bhfinnéithe sin a bailíodh roimh ré)

(2023/C 35/09)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

HYA, IP, DD, ZI, SS

Páirtí leasmhar: Spetsializirana prokuratura

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47, an dara mír, agus Airteagal 48(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar chur i bhfeidhm reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear do chúirt náisiúnta, nuair nach féidir finné ionchúisimh a cheistiú le linn na céime breithiúnaí d’imeachtaí coiriúla, a cinneadh maidir le ciontacht nó neamhchiontacht an chúisí a bhunú ar fhianaise an fhinné sin arna bailiú le linn éisteachta os comhair breithimh le linn réamhchéim na n-imeachtaí sin, ach gan rannpháirtíocht an chúisí ná a dhlíodóra, mura bhfuil cúis thromchúiseach ann lena dtugtar údar do neamhláithreacht an fhinné le linn na céime breithiúnaí de na himeachtaí coiriúla, nuair nach é ceistiú an fhinné sin an bonn amháin nó an bonn cinntitheach chun an cúisí a ionchúiseamh, agus gurb ann do ghnéithe cúiteacha leordhóthanacha chun na deacrachtaí arna gcruthú don duine sin agus dá dhlíodóir mar gheall ar chur san áireamh na fianaise sin a mhaolú.


(1)  IO C 338, 23.08.2021.