EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0505

Cás T-505/22: Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2022 – Levantur v EUIPO – Fantasia Hotels & Resorts (LUXURY BAHIA PRINCIPE FANTASIA Don Pablo Collection)

IO C 380, 3.10.2022, p. 25–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 380/25


Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2022 – Levantur v EUIPO – Fantasia Hotels & Resorts (LUXURY BAHIA PRINCIPE FANTASIA Don Pablo Collection)

(Cás T-505/22)

(2022/C 380/30)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Levantur, SA (Murcia, an Spáinn) (ionadaithe: G. Marín Raigal, E. Armero Lavie agus C. Caballero Pastor, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Fantasia Hotels & Resorts, SL (Zaragoza, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: An t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh LUXURY BAHIA PRINCIPE FANTASIA Don Pablo Collection – Iarratas ar chlárú Uimh. 16 020 547

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 20 Bealtaine 2022 i gCás R 1973/2020-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO, agus i gcás inarb iomchuí, don idiragraí (FANTASÍA HOTELS & RESORTS, SL) na costais arna dtabhú sa chaingean seo os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc;

a ordú don iarratasóir ar dhearbhú neamhbhailíochta, FANTASÍA HOTELS & RESORTS, SL, na costais arna dtabhú sna himeachtaí achomhairc R 1973/2020-1 agus sna himeachtaí cealaithe Uimh. 36444 C a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagail 16(1)(b), 7(2)(d), 8(5) agus 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún agus ar phrionsabal na hoibleagáide réasúin a shonrú, ar phrionsabal na deimhneachta dhlíthiúla agus ar phrionsabal an dea-riaracháin;

Sárú ar Airteagail 60(1)(c) 8(4), 95(1) agus (97)(1)(f) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ar Airteagail 7, 2(d) agus 10(3) agus (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún, agus an cásdlí lena mbaineann;

Sárú ar Airteagal 8(1), 60(1)(c), agus 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


Top