This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0495
Case T-495/22: Action brought on 11 August 2022 — UGA Nutraceuticals v EUIPO — BASF (OMEGOR)
Cás T-495/22: Caingean arna tabhairt an 11 Lúnasa 2022 – UGA Nutraceuticals v EUIPO – BASF (OMEGOR)
Cás T-495/22: Caingean arna tabhairt an 11 Lúnasa 2022 – UGA Nutraceuticals v EUIPO – BASF (OMEGOR)
IO C 380, 3.10.2022, p. 22–23
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
3.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 380/22 |
Caingean arna tabhairt an 11 Lúnasa 2022 – UGA Nutraceuticals v EUIPO – BASF (OMEGOR)
(Cás T-495/22)
(2022/C 380/27)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: UGA Nutraceuticals Srl (Gubbio, an Iodáil) (ionadaithe: M. Riva, J. Graffer agus A. Ottolini, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: BASF AS (Osló, an Iorua)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an trádmharc OMEGOR – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 409 659
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Meitheamh 2022 i gCás R 1168/2021-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ginearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do na freagróirí costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |