Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0493

    Cás T-493/22: Caingean arna tabhairt an 10 Lúnasa 2022 – Cecoforma agus Sopexa v REA

    IO C 380, 3.10.2022, p. 22–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 380/22


    Caingean arna tabhairt an 10 Lúnasa 2022 – Cecoforma agus Sopexa v REA

    (Cás T-493/22)

    (2022/C 380/26)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóirí: Conception, études et coopération de formation (Cecoforma) (Liège, an Bheilg), Société pour l’expansion des ventes des produits agricoles et alimentaires (Sopexa) (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: B. Schutyser agus R. Meylemans, Dlíodóir)

    Cosantóir: An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde (REA)

    An t-ordú atá á lorg

    Iarann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

    Cinneadh na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaigh um Thaighde, gan dáta, ach fógartha do Cecoforma an 20 Iúil 2022, chun baisc 1 den chonradh soláthair phoiblí (REA/2021/OP/0002) maidir le heagrú ocáidí agus feachtais phoiblíochta agus faisnéise ar an margadh i dtríú tíortha in earnáil an agraibhia a bhronnadh ar One (Gopa Com, Edelman Public Relations Worldwide SA, Opera Business Dreams SL) agus ní ar Cecoforma agus Sopexa a chur ar neamhní;

    a ordú don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde costais na n-imeachtaí a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an dara fomhír d’Airteagal 296 CFAE, ar Airteagal 41(2)(c) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar Airteagal 170(3) den Rialachán Airgeadais, (1) ar phointí 23 agus 31 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais, ar phrionsabail ghinearálta na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne agus lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe. Maíonn na hiarratasóirí chuige sin nach ndéanann an Ghníomhaireacht scrúdú, ar an gcéad radharc, ar an gcúinse go raibh tairiscint an tairgeora ar a bronnadh an conradh thar a bheith íseal, agus nár mheas sí go raibh an tairiscint arna déanamh ag an tairgeoir thar a bheith íseal, nó gur ghlac sí le réasúnú an tairgeora agus gur mheas sí nach raibh a thairiscint thar a bheith íseal.

    2.

    An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an dara fomhír d’Airteagal 296 CFAE, ar Airteagal 41(2)(c) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar Airteagal 167(1)(a) den Rialachán Airgeadais, ar Airteagal 168(6) den Rialachán Airgeadais, ar phointe 30.2(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais agus ar phrionsabail ghinearálta na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne. Measann na hiarratasóirí nach ndearna an Ghníomhaireacht fíorú ar chomhlíontacht na dtairiscintí nó gur mheas sí, go mícheart, go raibh tairiscint an tairgeora ar éirigh leis comhlíontach.


    (1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1).


    Top