EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0449

Cás T-449/22: Caingean arna tabhairt an 20 Iúil 2022 — Evonik Operations v an Coimisiún

IO C 380, 3.10.2022, p. 18–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 380/18


Caingean arna tabhairt an 20 Iúil 2022 — Evonik Operations v an Coimisiún

(Cás T-449/22)

(2022/C 380/22)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Evonik Operations GmbH (Essen, an Ghearmáin) (ionadaithe: J.-P. Montfort agus T. Delille, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/692 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena leasaítear, chun é a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán agus lena gceartaítear an Rialachán sin a mhéid a thugtar isteach leis aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe le haghaidh na substainte sileanaimín, 1,1,1-trímheitil-N-(trímheitilsilil)-, táirgí hidrealaithe ina bhfuil silice; dé-ocsaíd sileacain phirigin shintéiseach éagruthach, dhromchlachóireáilte, í i nana-fhoirm (“an tSubstaint”, nó “SAS-HMDS”) (CAS Uimh. 68909-20-6) (“an Rialachán a chonspóidtear”) (1) a neamhniú;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc; agus

cibé beart eile nó beart breise a ghlacadh is gá de réir ceartais.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur glacadh an Rialachán a chonspóidtear de shárú ar roinnt forálacha de Rialachán CLP (2), lena n-áirítear Airteagail 36, 37 agus Roinn 3.9 d’Iarscríbhinn I. Go háirithe, mhainnigh RAC a léiriú gur comhlíonadh na critéir maidir le haicmiú na Substainte mar STOT RE 2 agus, dá bhrí sin, ní fhéadfadh a thuairim tacú go bailí leis an aicmiú atá faoi chonspóid. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an Coimisiún a chinneadh go bailí ar bhonn Thuairim RAC go raibh an t-aicmiú atá faoi chonspóid iomchuí. Tríd an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh, sháraigh an Coimisiún Airteagal 37(5) de Rialachán CLP.

2.

An dara shaincheist dlí lena n-éilítear nár chloígh RAC leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 37(4) de Rialachán CLP, rud a sháraigh na forálacha sin ar bhealaí éagsúla. Ar an gcéad dul síos, mhainnigh RAC Tuairim RAC a ghlacadh laistigh den sprioc-am 18 mí a fhorordaítear le dlí. Ar an dara dul síos, níor thug RAC deis fhoirmiúil barúil a thabhairt maidir lena thuairim do na páirtithe lena mbaineann cé go gceanglaítear é sin go sonrach le Rialachán CLP.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún ina dhualgais faoi Airteagal 37(5), sa mhéid is nár fhíoraigh sé go leordhóthanach gur seoladh nós imeachta CLH i gceart de réir Rialachán CLP. Mar thoradh air sin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a chinneadh go bailí go raibh an t-aicmiú atá faoi chonspóid iomchuí agus gur ghlac sé an Rialachán a chonspóidtear de shárú ar Airteagal 37(5) de Rialachán CLP.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún a ghealltanais faoin gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr agus prionsabal an dea-riaracháin agus an Rialachán a chonspóidtear á ghlacadh aige gan measúnú tionchair a dhéanamh agus a dhoiciméadú roimh ré.


(1)  IO 2022 L 129, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO 2008 L 353, lch. 1).


Top