Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0448

    Cás T-448/22: Caingean arna tabhairt an 20 Iúil 2022 — PW v SEGS

    IO C 380, 3.10.2022, p. 18–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 380/18


    Caingean arna tabhairt an 20 Iúil 2022 — PW v SEGS

    (Cás T-448/22)

    (2022/C 380/21)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: PW (ionadaithe: S. Rodrigues agus A. Champetier, Dlíodóirí)

    Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    cinneadh intuigthe an chosantóra dar dáta an 30 Iúil 2021 lena ndiúltaítear ríomh aisíocaíocht a speansas taistil bliantúil le haghaidh 2020 a cheartú maidir lena leanaí a neamhniú agus, a mhéid is gá, cinneadh an chosantóra dar dáta an 14 Aibreán 2022 a neamhniú, lena ndiúltaítear dá ghearán a comhdaíodh an 28 Deireadh Fómhair 2021, faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh; agus,

    a ordú don chosantóir na costais arna dtabhú ag an iarratasóir ar an achomharc seo a íoc.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 7(1) agus Airteagal 8(1) d’Iarscríbhinn VII de na Rialacháin Foirne agus gur sáraíodh prionsabal an dea-riaracháin.

    2.

    An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúraim.


    Top