This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0442
Case T-442/22: Action brought on 12 July 2022 — PU v European Public Prosecutor’s Office
Cás T-442/22: Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2022 — PU v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
Cás T-442/22: Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2022 — PU v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
IO C 380, 3.10.2022, p. 16–17
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
3.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 380/16 |
Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2022 — PU v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
(Cás T-442/22)
(2022/C 380/19)
Teanga an cháis: an Gréigis
Páirtithe sna himeachtaí
Iarratasóir: PU (ionadaí: P. Yatagantzidis, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
na cinntí atá faoi chonspóid a neamhniú, eadhon (a) Cinneadh Uimh. 015/2022 an 23 Márta 2022 lena ndiúltaítear do chinneadh chomhlacht coláisteach an chosantóra an 3 Nollaig 2021 i gcoinne Chinneadh Uimh. 090/2021 agus Cinneadh an 8 Meán Fómhair 2021 ó chomhlacht coláisteach an chosantóra, (b) Cinneadh Uimh. 090/2021 an 8 Meán Fómhair 2021 ó chomhlacht coláisteach an chosantóra, (c) Cinneadh Uimh. 021/2022 an 30 Bealtaine 2022 ó chomhlacht coláisteach an chosantóra agus (d) gach gníomh gaolmhar nó neamhghníomh gaolmhar eile de chuid chomhlachtaí an chosantóra; |
— |
a ordú don chosantóir méid iomlán EUR 100 000 leis mar chúiteamh as an damáiste neamhábhartha a bhain di; agus, |
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Chun tacú leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheisteanna dlí mar seo a leanas.
1. |
An chéad shaincheist dlí, lena n-éilítear lochtanna nóis imeachta:
|
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear lochtanna sa ráiteas ar chúiseanna na gcinntí atá faoi chonspóid. |
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe fhollasach agus barraíocht cumhachtaí lánroghnacha. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear mí-úsáid cumhachtaí. |