Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0484

    Cás C-484/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 20 Iúil 2022 – Poblacht Chónaidhme na Gearmáine v GS, arna ionadú ag na tuismitheoirí

    IO C 380, 3.10.2022, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 380/5


    Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 20 Iúil 2022 – Poblacht Chónaidhme na Gearmáine v GS, arna ionadú ag na tuismitheoirí

    (Cás C-484/22)

    (2022/C 380/08)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Bundesverwaltungsgericht

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Achomharcóir ar phointe dlí: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

    Freagróir ar an achomharc: GS, arna ionadú ag na tuismitheoirí

    Páirtí eile: Die Vertreterin des Bundesinteresses beim Bundesverwaltungsgericht

    An cheist a tharchuirtear:

    An gcaithfear pointí (a) agus (b) den chéad chuid d’Airteagal 5 de Threoir 2008/115/CE (1) a léirmhíniú sa chaoi go mbaintear go hiomlán an dlíthiúlacht de chinneadh um fhilleadh a glacadh i gcoinne náisiúnach mionaoiseach ó thríú tír, lenar diúltaíodh dá iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus lenar socraíodh an teorainn ama chun an chríoch a fhágáil ag tríocha lá ó dhul in éag do na teorainneacha ama le haghaidh achomharc, nuair nach féidir ceachtar den dá thuismitheoir, ar chúiseanna dlí agus ar feadh tréimhse éiginnte, a chur ar ais go dtí tír dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2008/115/CE agus nach féidir go réasúnta a cheangal ar an mionaoiseach ach oiread, dá bhrí sin, an Ballstát a fhágáil mar gheall ar a naisc teaghlaigh nach mór a chosaint (Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (2) agus Airteagal 8 den Chairt Eorpach um Chearta an Duine), nó an leor nach mór leas an linbh agus na naisc teaghlaigh dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad chuid d’Airteagal 5 de Threoir 2008/115/CE a chur san áireamh faoi rialacha náisiúnta agus, tar éis an cinneadh um fhilleadh a ghlacadh, fionraí á chur leis an díbirt sin?


    (1)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98).

    (2)  IO 2000 C 364, lch. 1.


    Top