Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0463

    Cás C-463/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 12 Iúil 2022 — DP v BMW Bank GmbH

    IO C 380, 3.10.2022, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 380/5


    Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 12 Iúil 2022 — DP v BMW Bank GmbH

    (Cás C-463/22)

    (2022/C 380/07)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Oberlandesgericht München

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: DP

    Cosantóir: BMW Bank GmbH

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1.

    An bhfuil cianchonradh ann de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 2002/65/CE (1) agus Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83/AE (2) freisin i gcás, le linn na gcaibidlíochtaí conarthacha nach raibh teagmháil phearsanta ann ach amháin le hidirghabhálaí creidmheasa a thionscnaíonn idirbhearta le tomhaltóirí, ar son agus thar ceann an trádálaí, ach nach bhfuil aon chumhacht ionadaíochta aige féin na conarthaí i gceist a thabhairt i gcrích?

    2.

    An bhfuil conradh seacháitribh ann de réir bhrí Airteagal 2(8) agus (9) de Threoir 2011/83 i gcás ina dtarlaíonn caibidlíochtaí conartha ar áitreabh idirghabhálaí creidmheasa a thionscnaíonn idirbhearta le tomhaltóirí, ar son agus thar ceann an trádálaí, ach nach bhfuil aon chumhacht ionadaíochta aige féin chun na conarthaí i dtrácht a thabhairt i gcrích?

    3.

    An ionann conarthaí léasaithe mótarfheithiclí ar bhonn míleáiste a thugtar i gcrích le tomhaltóir agus conarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 2002/65, a atáirgtear freisin in Airteagal 2(12) de Threoir 2011/83?


    (1)  Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE (IO 2002 L 271, lch. 16).

    (2)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 64).


    Top