EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0360

Cás T-360/22: Caingean arna tabhairt an 16 Meitheamh 2022 – Berezkin v an Chomhairle

IO C 294, 1.8.2022, p. 44–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 294/44


Caingean arna tabhairt an 16 Meitheamh 2022 – Berezkin v an Chomhairle

(Cás T-360/22)

(2022/C 294/61)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Grigory Viktorovitsj Berezkin (Moscó, an Rúis) (iondadaí: J. Grand d’Esnon, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/582 (1) ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 a chur ar neamhní a mhéid a chuimsíonn sé ainm an iarratasóra san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 (2) ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 a chur ar neamhní a mhéid a áirítear ainm an iarratasóra ann in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2014/269 ón gComhairle an 17 Márta 2014;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh 1 euro a íoc mar dhamáiste neamhábhartha;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheisteanna dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil na pionóis a forchuireadh ar an iarratasóir mídhleathach sa mhéid is go bhfuil siad mar thoradh ar earráid fhollasach measúnaithe, ar an bhforas nach bhfuil baint ar bith ag an iarratasóir leis na himeachtaí atá ar siúl san Úcráin agus nach dtacódh sé le rialtas Chónaidhm na Rúise.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndéantar neamhaird ar an gceart chun imeachtaí breithiúnacha éifeachtacha agus ar an oibleagáid atá ar an gComhairle cúiseanna a thabhairt. Éilíonn an t-iarratasóir gurb iad na foinsí amháin a sholáthraíonn an Chomhairle ná ailt preasa nó sleachta as suíomhanna ghréasáin agus mar sin nach féidir leis na critéir cruthúnais a thugann údar le smachtbhannaí a ghlacadh a chomhlíonadh.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndéantar neamhaird de phrionsabal na comhréireachta agus prionsabal na córa comhionainne. De réir an iarratasóra, níl aon nasc ábhartha idir é féin agus beartas na Rúise san Úcráin agus, dá bhrí sin, níl baint ag na smachtbhannaí le haon cheann de chuspóirí an Chinnidh agus Rialachán an 17 Márta 2014 (3).

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta. Maidir leis sin, maíonn an t-iarratasóir mídhleathacht na gcritéar faoi f) agus faoi g) den chinneadh agus de Rialachán an 17 Márta 2014 sa mhéid is go ndéantar neamhaird leo ar na hoibleagáidí atá ar an gComhairle faoi Airteagal 215(2) CFAE, chomh maith le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear ag líomhain sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra agus, go háirithe, ar an gceart chun maoine agus ar a shaoirse teacht agus imeacht.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear go ndéantar neamhaird ar chearta cosanta an iarratasóra sa mhéid nár chuir an Chomhairle in iúl dó ina haonar na téarmaí agus na cúiseanna sonracha lena áireamh ar liosta na ndaoine ar díríodh orthu leis na smachtbhannaí. Dá bharr sin, ní raibh an t-iarratasóir in ann a thuairimí orthu a chur in iúl.

7.

An seachtú saincheist dlí maidir le héileamh ar chúiteamh. Measann an t-iarratasóir go ndearnadh damáiste tromchúiseach dá chlú agus éilíonn sé cúiteamh ina leith.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 55).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 3).

(3)  Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 78, lch. 6).


Top