Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AE5586

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) (COM(2021) 802 final — 2021/0426 (COD))

    EESC 2021/05586

    IO C 290, 29.7.2022, p. 114–119 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 290/114


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)

    (COM(2021) 802 final — 2021/0426 (COD))

    (2022/C 290/18)

    Rapóirtéir:

    Mordechaj Martin SALAMON

    Comhairliúchán

    Parlaimint na hEorpa, 14.2.2022

    An Chomhairle, 9.2.2022

    Bunús dlí

    Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

    Dáta a glactha sa rannóg

    10.3.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    23.3.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    568

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    212/6/6

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh Treoir athmhúnlaithe maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (dá ngairtear “an Treoir maidir le FFF” anseo feasta) ós rud é go dtugtar aghaidh ann ar phríomhdhúshláin a sainaithníodh i dtuairimí CESE a eisíodh roimhe seo chun uirlisí a chur ar fáil arb é is aidhm dóibh an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus infheistíocht fhadtéarmach struchtúrach i réimse na tógála a leigheas, chun borradh a chur faoi athchóiriú na bhfoirgneamh is measa feidhmíocht go háirithe agus chun an tAontas a chur i dtreo córais téimh agus fuaraithe dhícharbónaithe.

    1.2.

    Tá CESE go huile agus go hiomlán i bhfách leis an gcur chuige seo de chuid an Aontais Eorpaigh chun timpeallacht thógtha ardcháilíochta atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá saor ó iontaisí a chothú, ós rud é gurb amhlaidh is éifeachtúla atá bearta ar leibhéal an Aontais chun dlús a chur leis an aistriú riachtanach seo.

    1.3.

    Measann CESE, i bhfianaise na méaduithe géara atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh le déanaí agus an ionchais go mbeidh praghsanna arda ann sa mheántéarma, ar a laghad, go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh straitéis a chur i bhfeidhm d’fhonn an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus deireadh a chur léi. Ní mór bearta praiticiúla a chur chun feidhme a bheidh dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú chun tithíocht chuibhiúil, inacmhainne agus shláintiúil a áirithiú do chách. Ní mór aistriú sábháilte aispeiste a áireamh i measc na mbeart sin.

    1.4.

    Tacaíonn CESE go mór le bunú íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh, go háirithe i gcás na bhfoirgneamh cónaithe is measa feidhmíocht. Céim shuntasach chun cinn is ea tabhairt isteach an phrionsabail sin ar leibhéal an Aontais.

    1.5.

    D’fhonn athchóirithe fadbhreathnaitheacha a spreagadh, tá CESE á iarraidh go ndéanfaí dul chun cinn níos cuimsithí maidir leis na ceanglais le haghaidh feabhsuithe a bheidh le bunú ón tosach a mbeidh amlíne níos soiléire agus níos iomláine idir seo agus 2050 ag gabháil leo.

    Ó tharla nach gcuirtear maoiniú nua ar fáil leis an Treoir maidir le FFF agus nach aon dóithín é na hathchóirithe is gá a mhaoiniú, measann CESE gur den ríthábhacht é go mbeadh an creat agus na huirlisí dá bhforáiltear sa Treoir maidir le FFF chun rochtain a fháil ar mhaoiniú poiblí agus baincéireachta oiriúnach dá bhfeidhm.

    1.6.

    Agus an ról lárnach atá acu ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh stoic foirgneamh a fheabhsú á chur san áireamh, is díol sásaimh do CESE gur cuireadh le ceanglais, iontaofacht agus úsáideacht na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh.

    1.7.

    Is geal le CESE an bhéim mhéadaithe atá curtha ar na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh agus na tuairiscí ar iarrachtaí na mBallstát an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú.

    1.8.

    Tacaíonn CESE le pasanna athchóirithe foirgneamh a bhunú faoi 2024, rud a fhágfaidh go mbeidh rochtain níos éasca ag tomhaltóirí ar fhaisnéis agus go mbeidh costais níos ísle le híoc acu agus athchóiriú a gcuid foirgneamh á phleanáil acu.

    1.9.

    Tá CESE á aithint gur gá a áireamh sa Treoir maidir le FFF ceanglais maidir le tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin ar feadh shaolré iomlán na bhfoirgneamh (monarú agus foirgniú, úsáid agus deireadh ré), ós rud é, i gcás tithe nua, go bhféadfadh an tionchar aeráide is mó a bheith ag baint le hábhair agus oibreacha foirgníochta. Leagann CESE béim air nach mór “foirgneamh atá saor ó astaíochtaí” a shainiú ar dhóigh a bhfágann gur féidir leis idirghníomhú ar an mbealach is fearr is féidir le córais fuinnimh máguaird agus go n-áirítear leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa leabaithe go léir. Ba cheart breathnú ar mheasúnuithe saolré mar threoiruirlisí a bhaineann go sonrach le tionscadal ina gcuirtear roghanna éagsúla ábhar agus teicnící i gcomórtas le chéile.

    1.10.

    Tá sé á iarraidh ag CESE go gcuirfí chun feidhme fíorphróiseas pobail um oiliúint agus uas-sciliú na n-oibrithe san earnáil tógála.

    2.   Cúlra

    2.1.

    Tá Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (an Treoir maidir le FFF) molta ag an gCoimisiún de bharr uaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Faoi chuimsiú na straitéise “Oiriúnach do 55”, is obair leantach í an Treoir maidir le FFF ar an straitéis “rabharta athchóiriúcháin”, straitéis ina leagtar amach an sprioc go ndéanfaí an ráta bliantúil athchóirithe fuinnimh d’fhoirgnimh a dhúbailt, ar a laghad, faoi 2030 agus ina leagtar béim ar an ngá atá leis na bearta rialála, maoinithe agus cumasúcháin is gá.

    2.2.

    Trí bhíthin na Treorach maidir le FFF, féachtar leis na bearta agus na huirlisí is gá a chur ar fáil laistigh de thrí réimse fócais na straitéise “rabhartha athchóiriúcháin”, mar atá, aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar na foirgnimh is measa feidhmíocht; foirgnimh phoiblí agus bonneagar sóisialta mar eiseamláirí; agus córais téimh agus fuaraithe a dhícharbónú.

    2.3.

    Tá sraith leasuithe agus ábhair bhreise molta i dtaobh na Treorach maidir le FFF, go sonrach:

    Ó 2030 amach, ní mór gur foirgneamh atá saor ó astaíochtaí a bheidh i ngach foirgneamh nua; ó 2027 amach ní mór gur foirgneamh atá saor ó astaíochtaí a bheidh i ngach foirgneamh poiblí nua.

    Tá ceanglas nua á chur ar na Ballstáit lena áirithiú go ndéanfar gach foirgneamh ar le comhlachtaí poiblí é agus gach foirgneamh neamhchónaithe a uasghrádú go dtí leibhéal aicme feidhmíochta fuinnimh F, ar a laghad, faoi 2027 agus go dtí leibhéal aicme feidhmíochta fuinnimh E, ar a laghad, faoi 2030. Ní mór gach foirgneamh cónaithe a uasghrádú go dtí leibhéal aicme feidhmíochta fuinnimh, ar a laghad, faoi 2030 agus go dtí leibhéal aicme feidhmíochta fuinnimh E, ar a laghad, faoi 2033. Le hathchalabrú na n-aicmí feidhmíochta fuinnimh, fágann na ceanglais sin go ndéanfar uasghrádú ar níos mó ná 15 % den stoc foirgneamh faoi 2033.

    An oibleagáid deimhniú feidhmíochta fuinnimh a fháil le haghaidh foirgnimh, leathnaítear raon feidhme na hoibleagáide sin ionas go gcuimsítear foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, foirgnimh a ndéantar conradh cíosa a athnuachan ina leith, maille leis na foirgnimh phoiblí uile. Maidir le foirgnimh nó aonaid foirgnimh a thairgtear lena ndíol nó lena ligean ar cíos, ní mór deimhniú feidhmíochta fuinnimh a bheith ann ina leith, agus ba cheart an aicme feidhmíochta fuinnimh agus an táscaire feidhmíochta fuinnimh a lua i ngach fógra tráchtála.

    Déanfar pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a chomhtháthú go hiomlán sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide chun inchomparáideacht a áirithiú agus dul chun cinn a rianú — lena n-áirítear treochláir chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáid breoslaí iontaise i gcóras téimh agus fuaraithe.

    Leis na pasanna athchóirithe foirgneamh, beidh rochtain ag tomhaltóirí ar fhaisnéis agus beidh costais níos ísle le híoc acu. Ar an dóigh sin, beidh sé níos fusa dóibh athchóiriú ar a bhfoirgneamh a phleanáil diaidh ar ndiaidh agus é mar aidhm acu foirgneamh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach.

    Iarrtar ar na Ballstáit gnéithe athchóiriúcháin a áireamh sna rialacha maidir le maoiniú poiblí agus príobháideach agus ionstraimí iomchuí a bhunú, go háirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal.

    Tugtar isteach clásal éagtha maidir le dreasachtaí airgeadais a thabhairt chun breoslaí iontaise a úsáid i bhfoirgnimh.

    Ní mór bonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha agus spás páirceála do rothair a sholáthar.

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.

    Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh Treoir athmhúnlaithe maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (dá ngairtear “an Treoir maidir le FFF” anseo feasta) ós rud é go dtugtar aghaidh ann ar na príomhdhúshláin a sainaithníodh i dtuairimí CESE a eisíodh roimhe seo chun uirlisí a chur ar fáil arb é is aidhm dóibh an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus infheistíocht fhadtéarmach struchtúrach i réimse na tógála a leigheas, chun borradh a chur faoi athchóiriú na bhfoirgneamh is measa feidhmíocht go háirithe agus chun an tAontas a chur i dtreo córais téimh agus fuaraithe dhícharbónaithe.

    3.2.

    Is fadhb uile-Aontais í an fhadhb a bhaineann le foirgnimh nach bhfuil inslithe i gceart nó atá inslithe go measartha agus a bhfuil córas téimh agus fuaraithe iontu a úsáideann breoslaí iontaise. In éagmais beartais chomhordaithe ar leibhéal an Aontais, is baolach nach ndéanfaidh na Ballstáit gníomhaíocht leordhóthanach i ngeall ar ábhair imní faoi chothroime iomaíochta.

    3.3.

    Ar an gcúis sin, tá CESE go huile agus go hiomlán i bhfách leis an gcur chuige seo de chuid an Aontais Eorpaigh chun timpeallacht thógtha ardcháilíochta atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus saor ó iontaisí a chothú. Is amhlaidh is éifeachtúla atá bearta ar leibhéal an Aontais chun dlús a chur leis an aistriú riachtanach seo. Ina theannta sin, ach cur chuige comhpháirteach a ghlacadh ar leibhéal an Aontais, is féidir leas a bhaint as an margadh inmheánach, amhail barainneachtaí scála agus an comhar teicneolaíoch idir na Ballstáit. Cuirtear ar fáil leis freisin tuilleadh cinnteachta d’infheisteoirí agus, tríd is tríd, tá sé mar bhonn taca faoin ról ceannasach a d’fhéadfadh a bheith ag an Eoraip agus ag cuideachtaí Eorpacha mar cheannródaithe domhanda agus mar chinn feadhna sa réimse sin.

    3.4.

    Measann CESE, i bhfianaise na méaduithe géara atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh le déanaí agus an ionchais go mbeidh praghsanna arda ann sa mheántéarma, ar a laghad, go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh straitéis a chur i bhfeidhm d’fhonn an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus deireadh a chur léi. Ní raibh 6,8 % de dhaoine ar fud an Aontais Eorpaigh (30,3 milliún duine) in ann cos a choinneáil le billí fóntais in 2018 agus, dá thoradh sin, bhí an baol ann go ngearrfaí a soláthar. De dheasca na bhforbairtí is déanaí, is measa fós an fhadhb sin sa lá atá inniu ann. Ní mór bearta praiticiúla a ghlacadh san fhadtéarma a bheidh dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú chun tithíocht chuibhiúil, inacmhainne agus shláintiúil a áirithiú do chách. Is práinní fós é sin mar go dtiocfaidh méadú ar chostais téimh agus fuaraithe a úsáideann breoslaí iontaise de bharr chostais mhéadaithe liúntais na scéime trádála astaíochtaí.

    3.5.

    Tacaíonn CESE go mór le bunú íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh, go háirithe i gcás na bhfoirgneamh cónaithe is measa feidhmíocht. Céim shuntasach chun cinn is ea tabhairt isteach an phrionsabail sin ar leibhéal an Aontais. Is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh, áfach, ar cheart an chuid eile d’fhoirgneamh cónaithe a bheith faoi réir caighdeáin a leagtar síos ar bhonn náisiúnta.

    3.6.

    Siúd is go dtacaíonn CESE leis go bhfuil béim leagtha ar an mbochtaineacht fuinnimh a dhíothú trí thús áite a thabhairt d’athchóiriú a dhéanamh ar na foirgnimh is measa feidhmíocht, níor cheart go mbeadh sé mar thoradh air sin nach ndéanfar athchóiriú ar fhoirgnimh chónaithe eile. Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí dul chun cinn níos cuimsithí maidir leis na ceanglais le haghaidh feabhsuithe a bheidh le bunú ón tosach a mbeidh amlíne níos soiléire agus níos iomláine idir seo agus 2050 ag gabháil leo. Ar an gcaoi sin, tabharfar léargas freisin d’úinéirí foirgnimh ar a mbeidh ag teastáil amach anseo d’fhonn athchóiriú a phleanáil ar an dóigh is costéifeachtaí is féidir.

    3.7.

    Ós uirlis lárnach anois iad deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, ní mór cur lena n-iontaofacht agus lena n-inúsáidteacht. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE na héilimh níos mó atá ann maidir leis na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ó thaobh iad a uasghrádú go formáid dhigiteach, ábhar agus modhanna ríomha ardcháilíochta agus mionsonraithe a bheith ag gabháil leo agus a inacmhainneacht, an rochtain orthu agus a bhfoilsiú a áirithiú. Ba cheart deimhniú feidhmíochta fuinnimh a bheith ar fáil i bhformáid pháipéir i gcónaí do na saoránaigh ar a mbeidh sé de dhíth.

    3.8.

    Is díol sásaimh do CESE go n-áireofar iarrachtaí gach Ballstáit an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú sna pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, ina dtuairisceoidh siad ar an laghdú ar líon na ndaoine atá i ngreim ag an mbochtaineacht fuinnimh agus ar an sciar den daonra atá ag maireachtáil i dtithíocht neamhleormhaith (e.g. ina bhfuil sileadh as ballaí nó as díon) nó a bhfuil dálaí neamhleormhaithe i dtaca le compord teirmeach ag cur as dóibh.

    3.9.

    Tacaíonn CESE le bunú pas athchóirithe foirgneamh faoi 2024 ach tá amhras air faoina éifeachtaí a bheidh sé, óir ní rud éigeantach é. A bhuí leis an bpas, beidh rochtain níos éasca ag tomhaltóirí ar fhaisnéis agus beidh costais le híoc acu agus athchóiriú a gcuid foirgneamh á phleanáil acu. Le bheith dearfach faoi, áirítear leis freisin tairbhí níos leithne a bhaineann le sláinte, compord agus a oiriúnaithe atá an foirgneamh don athrú aeráide.

    3.10.

    Ós rud é nach féidir leis an gcuid is mó de dhaoine atá i ngreim ag an mbochtaineacht fuinnimh ná d’úinéirí baile bhig na ceanglais mhaoinithe chun tús a chur le hathchóiriú a shásamh, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh an creat agus na huirlisí dá bhforáiltear sa Treoir maidir le FFF le haghaidh maoinithe oiriúnach dá bhfeidhm. Ní mór míniú agus treoir shoiléir maidir le gnéithe airgeadais an athchóirithe, lena n-áirítear úsáid creidmheasanna ar an leibhéal áitiúil, a áireamh sa mhéid sin. Tá CESE ag athdhearbhú na hachainí a rinne sé i dtuairim TEN/723 go ndéanfaí na scéimeanna éagsúla a aontú d’fhonn iad a dhéanamh níos soiléire agus níos inrochtana do na teaghlaigh agus na húdaráis phoiblí ar a bhfuil siad dírithe.

    3.11.

    Tá CESE á aithint gur gá a áireamh sa Treoir maidir le FFF ceanglais maidir le tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin ar feadh shaolré iomlán na bhfoirgneamh (monarú agus foirgniú, úsáid agus deireadh ré). Nuair a thógtar foirgnimh nua ísealfhuinnimh, d’fhéadfadh sé gurb iad na hábhair agus na hoibreacha foirgníochta a mbeidh an tionchar is mó acu ar an aeráid seachas úsáid an fhoirgnimh. Ba cheart breathnú ar mheasúnuithe saolré mar threoiruirlisí a bhaineann go sonrach le tionscadal ina gcuirtear roghanna éagsúla ábhar agus teicnící i gcomórtas le chéile.

    3.12.

    Leagann CESE béim air nach mór “foirgneamh atá saor ó astaíochtaí” a shainiú ar dhóigh a bhfágann gur féidir leis idirghníomhú ar an mbealach is fearr is féidir le córais fuinnimh máguaird agus go n-áirítear leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa leabaithe go léir ó úsáid na n-ábhar tógála agus láithreán foirgníochta.

    4.   Barúlacha sonracha

    4.1.

    Cé nach gcuirtear maoiniú nua ar fáil leis an Treoir maidir le FFF, leagtar síos léi ceanglais maidir le leibhéil mhaoinithe agus comhordú iarrachtaí airgeadais na mBallstát chun creat dlíthiúil agus airgeadais saincheaptha a cheapadh, a mbeidh tacaíocht airgeadais spriocdhírithe mar chuid de. Tá amhras á chaitheamh ag CESE, áfach, ar an mbeidh rochtain éasca ag na nuálaithe ionchasacha ar mhaoiniú. Dar leis, ní léir an leor an iarracht mhaoinithe iomlán i ngach Ballstát chun na spriocanna maidir le hathchóiriú foirgneamh a bhaint amach.

    4.2.

    Sa lá atá inniu ann, níos minice ná a mhalairt, ní féidir maoiniú agus deontais a eisíoc go dtí go mbeidh an t-athchóiriú fuinnimh curtha i gcrích, rud a fhágann go mbíonn sé deacair ag cuid mhór tomhaltóirí tús a chur leis an obair. Ar an ábhar sin, tá CESE á mholadh go sonrófaí sa téacs gur gá cuid de na costais, ar a laghad, a bhíonn le híoc ag tomhaltóirí ag an tús a chur ar fáil faoi scéimeanna maoiniúcháin.

    4.3.

    Tá CESE ag athdhearbhú na hachainí a rinne sé i dtuairim TEN/749 sciar suntasach den 37 % den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta atá curtha i leataobh le haghaidh tionscadail ghlasa a leithdháileadh ar thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh de réir an fhíoréilimh atá ann agus an fhíorghá atá leis i ngach Ballstát.

    4.4.

    Tá CESE den bharúil, má tá rath le bheith ar an Treoir maidir le FFF, gur cheart é a chur de cheangal ar na Ballstáit creataí rialála nach bhfuil oiriúnach dá bhfeidhm a choigeartú agus bacainní neamheacnamaíocha a bhaint. Go sonrach, fágann fadhb na ndreasachtaí deighlte nach mbíonn fonn ar úinéirí tí agus tionóntaí tabhairt faoi athchóirithe. San am céanna, is é a mheas gur gá tionóntaí a chosaint ar leibhéil dhíréireacha chíosa tar éis an athchóirithe, trí thacaíocht cíosa nó trí uasteorainneacha ar mhéaduithe cíosa.

    4.5.

    Tá CESE den tuairim gur mithid na hairteagail sa Treoir maidir le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a athrú ó bhonn. I bhfianaise an taithí atá faighte maidir le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar fud na hEorpa, is léir gur gá roinnt coigeartuithe riachtanacha a dhéanamh orthu agus tá cuid díobh siúd san áireamh sa togra faoi chaibidil.

    4.6.

    Tá CESE á aithint, má táthar chun dul chun cinn a dhéanamh, go mbeidh ar na Ballstáit cáilíocht, iontaofacht agus inacmhainneacht na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh a áirithiú agus go mbeidh orthu rialuithe a dhéanamh agus córas rialaithe dea-fheidhmiúil a bhunú.

    Measann CESE gur feabhsuithe luachmhara iad na nithe seo a leanas: gur giorraíodh tréimhse bhailíochta an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh go 5 bliana i gcás an stoic foirgneamh is measa feidhmíocht, an ceanglais gur gá saineolaithe a bheith cáilithe nó deimhnithe agus neamhspleách agus an ceanglas sainráite nach mór cuairt a thabhairt ar an láthair sula n-eiseofar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh.

    4.7.

    Tá CESE á mholadh go mbeadh an deimhniú feidhmíochta fuinnimh níos úsáidí do thomhaltóirí ach faisnéis mar seo a leanas a áireamh ann:

    (a)

    a bhfuil fágtha de shaolré an chórais téimh, meánchostas oibreacha, agus;

    (b)

    sonraí teagmhála an ionaid ilfhreastail is gaire.

    4.8.

    Tá CESE i bhfách leis an togra cuíchóiriú a dhéanamh, ar leibhéal an Aontais, ar na haicmí feidhmíochta fuinnimh (A-F) faoin deimhniú feidhmíochta fuinnimh agus teimpléid choiteanna a bhunú. Is díol sásaimh iad freisin na ceanglais maidir le bunachair sonraí a bhunú a mbeidh rochtain éasca orthu ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe foirgneamh agus táscairí ullmhachta cliste, mar aon le faisnéis a aistriú ó bhunachair sonraí náisiúnta chuig an bhFaireachlann um Stoc Foirgneamh.

    4.9.

    Tá CESE á thabhairt dá aire gur gá an pas athchóirithe foirgneamh a bheith ag teacht leis na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh chun iomarcaíocht agus costais bhreise neamhriachtanacha a sheachaint.

    4.10.

    Tá CESE ag athdhearbhú na hachainí a rinne sé in TEN/723 go ndéanfaí an Fhaireachlann um an mBochtaineacht Fuinnimh a neartú a thuilleadh agus go mbunófaí dlúthchomhar leis an bhFaireachlann um Stoc Foirgneamh.

    4.11.

    Beidh rochtain ar chomhairle, faisnéis, cúnamh pleanála agus treoir airgeadais ríthábhachtach do shaoránaigh na hEorpa. I láthair na huaire, meastar nach gcabhraíonn ionaid ilfhreastail ach le thart ar 100 000 úinéir tí in aghaidh na bliana chun athchóiriú fuinnimh a dhéanamh, ach d’fhéadfaí cuidiú le tuairim is 2 000 000 úinéir in aghaidh na bliana faoi 2030 (1). Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí ionaid ilfhreastail a fhorbairt agus a chomhordú ar dhóigh níos fearr, go dtabharfaí maoiniú leordhóthanach dóibh, go ndéanfaí dea-chleachtais a roinnt ar bhonn trasteorann agus go ndéanfadh an Coimisiún faireachán níos dlúithe orthu.

    4.12.

    Tacaíonn CESE le leathnú an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an dréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh agus tá sé á mholadh aige go luafaí eagraíochtaí tomhaltóirí go sonrach ann, ós iadsan is fearr atá in ann measúnuithe a dhéanamh agus aiseolas a chur ar fáil maidir leis an úsáid atá á baint ag tomhaltóirí as na cláir agus na hionstraimí airgeadais.

    4.13.

    Tá CESE á thabhairt dá aire treisiú Tháscaire na hUllmhachta Cliste trí na sainmhínithe, na ceanglais agus an chomhroinnt sonraí is gá a bhunú. Is oth leis, áfach, nach bhfuil foirgnimh chónaithe san áireamh leis sin go fóill agus nár tugadh isteach fós na spriocanna a bheidh le baint amach.

    4.14.

    I bhfianaise na n-infheistíochtaí móra, na nuálaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo agus na leibhéal gníomhaíochta níos airde sna hearnálacha ábhartha, tiocfaidh méadú mór ar an ngá a bheidh le lucht saothair a bhfuil scileanna acu, a bhfuil athsciliú déanta acu agus a bhfuil uas-sciliú déanta acu. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an ceanglas atá ar na Ballstáit oideachas agus oiliúint a chur chun cinn agus a mhaoiniú lena áirithiú go mbeidh lucht saothair oilte san earnáil tógála. Is mór aige freisin an ceanglas comhfhreagrach go n-aireofaí forléargas ar na cumais in earnálacha na foirgníochta, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh inathnuaite sa phlean athchóirithe foirgneamh náisiúnta. Tá sé á iarraidh ag CESE go gcuirfí chun feidhme fíorphróiseas pobail um oiliúint agus uas-sciliú na n-oibrithe san earnáil tógála.

    4.15.

    Faoi mar a rinne sé i dtuairim CCMI/166, tá CESE á iarraidh athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbainfear substaintí díobhálacha le linn athchóiriú foirgneamh, agus leagann sé béim ar an ngá atá le haispeist a aistriú go sábháilte.

    4.16.

    D’fhonn an éilimh níos mó ar bhonneagar athluchtaithe atá feicthe cheana sa lá atá inniu ann, tá sé á mholadh ag CESE leibhéal na gceanglas a ardú, lena n-áirítear pointí athluchtaithe cliste a shuiteáil i bhfoirgnimh neamhchónaithe níos luaithe, roimh 2027, b’fhéidir.

    4.17.

    Tríd is tríd, is dócha go gcuirfear faisnéis, comhairle agus maoiniú le haghaidh athchóirithe ar fáil ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. Ina cheann sin, faoin Treoir maidir le FFF, táthar ag súil go dtabharfaidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ceannaireacht le dea-shampla ó thaobh a bhfoirgnimh a uasghrádú. Dá bhrí sin, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach aird agus iarrachtaí a dhíriú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ar an gcomhordú agus an chomhoibriú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus féachaint freisin ar acmhainneacht tionscnamh amhail Cúnant na Méaraí.

    4.18.

    D’fhonn níos mó ná tuairisciú amháin a dhéanamh agus bearta a spreagadh maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide roimh 2030, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún uasluachanna a leagan síos i bhfad roimh 2030 le haghaidh astaíochtaí CO2 in aghaidh an mhéadair chearnaigh in aghaidh na bliana, a choigeartófar le haghaidh criosanna aeráide.

    4.19.

    Tacaíonn CESE le leathnú an tsainmhínithe ar “fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite” chun go n-áireofaí níos mó foinsí fuinnimh leis, go háirithe fuinneamh comhthimpeallach a mbaintear leas as le feistí leictreacha amhail teaschaidéil. Tá sé á mholadh, áfach, go sainaithneofaí bithmhais agus bithghás mar fhoinsí fuinnimh atá inathnuaite go páirteach óir ní féidir ach cuid an-bheag den bhithmhais a úsáidtear nó den bhithghás a tháirgtear a mheas mar fhoinsí fuinnimh atá go hiomlán inathnuaite. D’fhéadfaí fuinneamh leachtach inathnuaite (bithbhreoslaí agus breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch) a chumhdach faoin sainmhíniú seo nuair a úsáidfear é go teoranta i dtréimhse shealadach i gcás nach ann do roghanna malartacha. D’fhéadfaí iarscríbhinn nua a chur leis an Treoir i gcás ina gcinntear tionchar na bhfoirmeacha éagsúla bithmhaise, an táirgthe bithgháis agus an fhuinnimh leachtaigh ar an aeráid.

    4.20.

    Chomh maith le hastaíochtaí a dhéanann dochar don aeráid agus, gan beann ar an iompróir fuinnimh, ní mór neamhaird a dhéanamh de thruailleáin aeir chlasaiceacha, amhail ábhar cáithníneach/deannach atmaisféarach, NOx agus cinn eile.

    4.21.

    Leagann CESE béim air gur gá breithniú cáiréiseach a dhéanamh ar na héifeachtaí praiticiúla a bhaineann le húsáid an tsainmhínithe roghnaithe ar “foirgneamh atá saor ó astaíochtaí”, is é sin foirgneamh a bhfuil éileamh íseal fuinnimh aige agus inar gá an fuinneamh go léir atá ag teastáil a tháirgeadh ar an láthair nó sna córais áitiúla téimh nó fuaraithe ceantair atá nasctha leis. Faoin sainmhíniú seo:

    (a)

    rialaítear an foirgneamh, i bprionsabal, mar “oileán” nach bhfuil nasctha go maith leis an gcóras leictreachais máguaird, toisc nach gceadaítear ach raon teoranta foinsí fuinnimh inathnuaite seachtracha a úsáid go sainráite;

    (b)

    ní áirítear leis astaíochtaí gás ceaptha teasa leabaithe ó úsáid ábhar tógála ná astaíochtaí ón láithreán foirgníochta.

    4.22.

    Tá sé á mholadh ag CESE leictreachas a tháirgtear go seachtrach ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite a chur ar comhchéim le táirgeadh leictreachais ar an láthair d’fhoirgnimh atá saor ó astaíochtaí. Leis an “clásal éalaithe” atá ag deireadh mhír I d’Iarscríbhinn II, ní chruthófar na dálaí ginearálta chun aistriú náisiúnta costéifeachtúil a dhéanamh chuig foirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh ná chun soláthar fuinnimh inathnuaite a chur ar fáil le haghaidh córais fuinnimh. Tá sé i bhfad níos saoire, in aghaidh an aonaid fuinnimh a tháirgtear, an córas fuinnimh foriomlán a leathnú le haonaid mhóra ná aonaid bheaga a chur i ngach bhfoirgnimh aonair. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcásanna nach féidir le foirgnimh a leictreachas féin a thairgeadh (ó ghrianfhuinneamh/ó fhuinnimh gaoithe). Chomh maith leis sin, ach solúbthacht a bheith ag baint leis an gcóras leictreachais, beidh costais níos ísle ann do na foirgnimh féin agus don chóras ina iomláine.

    4.23.

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún deireadh a chur le fóirdheontais do shuiteálacha breosla iontaise a dheonú ó 2027 ar aghaidh. Is díol suntais an méid sin do CESE, ós rud é go bhfágann sé, le tréimhse dhímheasa réasúnta 15 bliana, go dtabharfar fóirdheontais do shuiteálacha nach mór deireadh a chur leo de réir a chéile faoi 2040 ar a dhéanaí. Dá bhrí sin, tá sé á mholadh go láidir ag CESE an spriocdháta a thabhairt chun cinn go dtí 2025 ar a dhéanaí.

    An Bhruiséil, 23 Márta 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/423a4cad-df95-11eb-895a-01aa75ed71a1/language-en


    Top