Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AE6507

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/760 a mhéid a bhaineann le raon feidhme sócmhainní agus infheistíochtaí incháilithe, ceanglais maidir le comhdhéanaimh agus éagsúlú punainne, iasachtaíocht airgid thirim agus rialacha ciste eile a mhéid a bhaineann le ceanglais a bhaineann le húdarú, beartais infheistíochta agus coinníollacha oibriúcháin cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha (COM(2021) 722 final — 2021/0377 (COD))

    EESC 2021/06507

    IO C 290, 29.7.2022, p. 64–67 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 290/64


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/760 a mhéid a bhaineann le raon feidhme sócmhainní agus infheistíochtaí incháilithe, ceanglais maidir le comhdhéanaimh agus éagsúlú punainne, iasachtaíocht airgid thirim agus rialacha ciste eile a mhéid a bhaineann le ceanglais a bhaineann le húdarú, beartais infheistíochta agus coinníollacha oibriúcháin cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha

    (COM(2021) 722 final — 2021/0377 (COD))

    (2022/C 290/11)

    Rapóirtéir:

    Pierre BOLLON

    Comhairliúchán

    Parlaimint na hEorpa, 14.2.2022

    Comhairle an Aontais Eorpaigh, 22.3.2022

    Bunús dlí

    Airteagail 114 agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    An rannóg atá freagrach

    Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

    Dáta a glactha sa rannóg

    3.3.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    23.3.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    568

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    111/1/0

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Tá CESE ag tacú go láidir leis an athbhreithniú cothrom atá beartaithe ar an Rialachán maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmacha Eorpacha (ELTIFanna), ós rud é nár bhain an fhormáid roimhe sin a spriocanna beartaithe amach. Tá gá ar leith le hathrú ar acmhainní airgeadais agus ar choigilteas i dtreo infheistíochtaí fadtéarmacha ar mhaithe le téarnamh “iar-COVID” a bheidh cuimsitheach ar bhonn sóisialta agus ar mhaithe leis an aistriú digiteach agus an aistriú aeráide. Is cinnte go mbeidh athbhreithniú domhain ar Rialachán ELTIF fíorthábhachtach chun an méid sin a bhaint amach. Tá súil ag CESE, dá bhrí sin, nach dtabharfar ceanglais nua rialála isteach mar thoradh ar an bpróiseas glactha, ar ceanglais iad lena lagófaí an iarracht i dtreo tuilleadh simplíochta a mhol an Coimisiún mar is ceart.

    1.2.

    Is togra tráthúil ábhartha é “ELTIF 2” a d’fhéadfadh borradh suntasach a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoi chruthú post san Aontas. Is cistí fadtéarmacha iad ELTIFanna a bhaineann tairbhe as “pas Eorpach” a bheith acu. Ní mór ról suntasach a bheith acu maidir le maoiniú an aistrithe aeráide agus an aistrithe dhigitigh araon, maidir le bonneagar iompair agus sóisialta a fhorbairt, agus maoiniú tionscadal tithíochta, chomh maith le maoiniú a dhéanamh, ar ndóigh, ar chuideachtaí beaga agus meánmhéide san Eoraip, go háirithe cuideachtaí nuálacha agus gnólachtaí nuathionscanta.

    1.3.

    Ar an drochuair, níl meastachán sách cruinn ar fáil ag an bpointe seo maidir leis an easnamh domhanda atá ann i dtaca le maoiniú fadtéarmach. Ní mór obair a dhéanamh fós ar an leibhéal Eorpach chun meastachán níos cruinne a fháil, ach níl amhras ar bith ach go bhfuil maoiniú mór de dhíth, ar fiú roinnt trilliún euro é.

    1.4.

    Thar aon ní eile, tá béim láidir á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé an t-aistriú bunriachtanach chuig geilleagar Eorpach ar lú go mór a lorg carbóin (agus a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de ar deireadh) a chistiú, agus ar a thábhachtaí atá an “Straitéis maidir leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a mhaoiniú”. Ní mór sonraí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) agus sonraí airgeadais a dhéanamh níos inrochtana, go háirithe trí thionscadal an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh (ESAP) agus, go mór mór tríd an rialáil agus an mhaoirseacht is gá a dhéanamh ar sholáthraithe sonraí.

    1.5.

    Tá feabhsuithe spriocdhírithe ar infheistíochtaí incháilithe i dtogra “ELTIF 2” ón gCoimisiún Eorpach. Cuirfidh an méid sin le punanna infheistíochta ELTIFanna agus cothófar fás eacnamaíoch agus iomaíochas. Ina theannta sin, beidh siad in ann raon geografach níos leithne infheistíochtaí laistigh den Eoraip a chumhdach.

    1.6.

    Tá CESE ag tacú le dídhreasachtaí áirithe a bhí ann roimhe seo a laghdú maidir leis an rochtain ar ELTIFanna atá ag infheisteoirí miondíola, nach féidir leo leas a bhaint faoi láthair as na torthaí ar infheistíochtaí fadtéarmacha. Dá bhrí sin, chomhlánódh ELTIFanna rath reatha na nGnóthas le haghaidh Comhinfheistíocht in Urrúis Inaistrithe (GCUInna). Is beart tábhachtach é sin, go háirithe ós rud é go neartaítear cosaint infheisteoirí leis an nasc nua láidir leis na “measúnuithe oiriúnachta” éigeantacha faoin Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II) agus leis an soiléiriú ar na rialacha maidir le coimhlintí leasa. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go láidir an athuair go ndéanfaí oideachas d’infheisteoirí a fhorbairt ar fud na hEorpa.

    1.7.

    Bheadh CESE i bhfabhar ELTIFanna atá “neamhiata” (mar aon le cinn “iata”) — i.e. ELTIFanna a d’fhéadfadh a bheith mór agus éagsúlaithe agus a d’fhéadfadh fuascailtí (agus suibscríbhinní) a cheadú tar éis tréimhse fógra, ar choinníoll, go bhfuil na féidearthachtaí sin leagtha amach go soiléir sna doiciméid a thugtar do na cliaint agus a ndéanann an t-údarás náisiúnta inniúil faireachán orthu. Chun cabhrú leo iad a dhéanamh níos “leachtaí”, ba cheart é a bheith de chumas ag na ELTIFanna sin suas le 50 % (agus b’fhéidir níos mó fós) a infheistiú i sócmhainní éagsúlaithe agus rialacha GCUInna á n-urramú acu. Chuideodh sé go mór freisin dá méadófaí a thuilleadh an leibhéal infheistíochta a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcistí eile.

    1.8.

    Ós rud é go bhfuil ar ELTIFanna cloí go docht leis na rialacha atá leagtha amach i Rialachán Eorpach, d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach beart dearfach eile a dhéanamh, is é sin measúnú a dhéanamh ar a fhiúntaí agus a indéanta a bheadh sé ceadú dóibh leas a bhaint as cód ISIN (Uimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta) “.eu”, rud a chuirfeadh feabhas ar a n-infhaighteacht agus ar a n-infheictheacht thar theorainneacha. Is díol sásaimh é ról láidir a bheith ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) taobh leis na rialtóirí náisiúnta gníomhacha maidir le caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh, cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus an obair mhaoirseachta a chomhordú.

    1.9.

    Tá sé tábhachtach incháilitheacht ELTIFanna do chuntais choigiltis, do chonarthaí árachais saoil aonadnasctha, do scéimeanna coigiltis d’fhostaithe agus, dar ndóigh, do shásraí scoir amhail an Táirge Pinsin Uile-Eorpach a éascú. Ag an am céanna, d’fhéadfadh an togra reatha le haghaidh athmhúnlú ar Threoir Sócmhainneacht 2 agus an t-athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Treoir maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORP) dreasacht a chur san áireamh do ghnóthais árachais agus pinsean infheistíocht a dhéanamh in ELTIFanna.

    1.10.

    Agus ar ndóigh, ba cheart d’infheisteoirí Eorpacha a bhfuil ELTIFanna acu a bheith in ann tairbhe a bhaint as an gcóireáil cánach is fearr a thugann a dtír chónaithe maidir lena gcuid coigilteas. Ba cheart d’infheisteoirí fadtéarmacha tairbhe a bhaint ar fud na hEorpa as rialacha cánach atá cobhsaí agus dreasacht-bhunaithe.

    2.   Achoimre ar an togra ón gCoimisiún

    2.1.

    Is creat Eorpach le haghaidh cistí infheistíochta malartacha é “Rialachán ELTIF” d’infheistíochtaí fadtéarmacha, amhail tionscadail bhonneagair shóisialta agus iompair, réadmhaoin agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Bunaítear le Rialachán ELTIF rialacha aonfhoirmeacha maidir le húdarú, beartais infheistíochta agus coinníollacha oibríochta agus margú ELTIFanna.

    2.2.

    Beartaítear le creat rialála ELTIF infheistíochtaí fadtéarmacha i sócmhainní den chineál sin a dhéanann infheisteoirí institiúideacha agus miondíola a éascú agus foinse airgeadais mhalartach neamhbhainc a sholáthar don fhíorgheilleagar.

    2.3.

    Is é is aidhm don athbhreithniú seo glacadh ELTIFanna ar fud an Aontais a mhéadú ar mhaithe le geilleagar an Aontais agus infheisteoirí. Ar an gcaoi sin, thacófaí le forbairt leanúnach Aontas na Margaí Caipitil (CMU) arb é is aidhm dó freisin an rochtain atá ag cuideachtaí de chuid an Aontais ar mhaoiniú fadtéarmach atá níos cobhsaí, níos inbhuanaithe agus níos ilghnéithí a éascú.

    2.4.

    Ó glacadh bunchreat dlíthiúil ELTIF i mí Aibreáin 2015, níor údaraíodh ach 67 ELTIF (ó mhí Feabhra 2022) a raibh líon réasúnta beag glansócmhainní faoi bhainistíocht ag gabháil leo (meastar tuairim agus EUR 2,4 billiún in 2021). Níl sainchónaí ar chistí údaraithe ELTIF den sórt sin ach i gceithre Bhallstát (Lucsamburg, an Fhrainc, an Iodáil agus an Spáinn) agus ní raibh aon ELTIF intíre sna Ballstáit eile.

    2.5.

    Cé gur creat réasúnta nua fós é ELTIF, tugtar le fios sna sonraí margaidh atá ar fáil nár tháinig méadú chomh mór sin ar fhorbairt an mhargaidh agus a raibh coinne leis.

    2.6.

    Bunaithe ar an meastóireacht ar fheidhmiú chreat dlíthiúil ELTIF agus ar aiseolas ó na páirtithe leasmhara, is beag a dhéanann na rialacha cistí sriantacha agus na bacainní iontrála le haghaidh infheisteoirí miondíola de bhuntáistí ELTIFanna agus mar gheall ar an éifeacht chomhcheangailte sin, laghdaítear fóntas, éifeachtacht agus tarraingteacht chreat dlíthiúil ELTIF le haghaidh bainisteoirí agus infheisteoirí. Tá na srianta sin ina bpríomhchúiseanna nár éirigh le ELTIF méadú suntasach a dhéanamh agus barr a gcumais a bhaint amach i ndáil le hinfheistíochtaí a chur i dtreo an fhíorgheilleagair.

    2.7.

    I dtaca leis sin, leis an athbhreithniú ar chreat rialála ELTIF féachtar le dlús a chur le glacadh ELTIFanna agus le feabhas a chur ar tharraingteacht ELTIFanna trí athruithe spriocdhírithe a dhéanamh ar rialacha an chiste. Ciallaíonn sé sin go háirithe go leathnófar raon feidhme na sócmhainní agus na n-infheistíochtaí incháilithe lena gceadófar rialacha cistí níos solúbtha lena n-áirítear straitéisí ciste cistí a éascú agus na bacainní gan údar lena gcuirtear cosc ar infheisteoirí miondíola rochtain a fháil ar ELTIFanna a laghdú, go háirithe an ceanglas maidir leis an infheistíocht tosaigh EUR 10 000 agus an ceanglas maidir leis an tairseach chomhiomlán 10 % le haghaidh infheisteoirí miondíola a bhfuil punanna airgeadais faoi bhun EUR 500 000 acu.

    2.8.

    Ina theannta sin, is é is aidhm don togra struchtúr ELTIF a dhéanamh níos tarraingtí trí rialacha cistí roghnacha a éascú i ndáil le ELTIFanna a dháiltear ar infheisteoirí gairmiúla amháin. Tugtar isteach leis an athbhreithniú ar chreat dlíthiúil ELTIF sásra roghnach um ionú leachtachta chun leachtacht bhreise a sholáthar d’infheisteoirí ELTIF agus d’infheisteoirí a shuibscríobh le déanaí gan gá le tarraingt anuas ó chaipiteal ELTIFanna. Leis an togra, féachtar lena áirithiú go gcuirtear coimircí iomchuí i dtaca le cosaint infheisteoirí ar bun.

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.

    Tá CESE ag tacú go láidir leis an athbhreithniú cothrom atá beartaithe ar Rialachán ELTIF, ós rud é nár bhain an fhormáid roimhe sin a spriocanna beartaithe amach. Ba dhíol sásaimh an t-athbhreithniú sin agus cuireadh in iúl cheana sa tuairim ó CESE Aontas na Margaí Caipitil (1) gur bunchloch é de phlean gníomhaíochta nua Aontas na Margaí Caipitil.

    3.2.

    Go deimhin, de bhreis ar fheabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar shábháilteacht mhargaí caipitil na hEorpa, tá gá ar leith le hathrú ar acmhainní airgeadais agus ar choigilteas i dtreo infheistíochtaí fadtéarmacha ar mhaithe le téarnamh “iar-COVID” a bheidh cuimsitheach ar bhonn sóisialta agus ar mhaithe leis an aistriú digiteach agus an aistriú aeráide. Is cinnte go mbeidh athbhreithniú domhain ar Rialachán ELTIF fíorthábhachtach chun an méid sin a bhaint amach. Tá súil ag CESE, dá bhrí sin, nach dtabharfar ceanglais nua rialála isteach mar thoradh ar an bpróiseas glactha, ar ceanglais iad lena lagófaí an iarracht i dtreo tuilleadh simplíochta a mhol an Coimisiún mar is ceart.

    3.3.

    Is cistí fadtéarmacha iad ELTIFanna ar féidir iad a mhargú agus suibscríobh dóibh ar bhonn trasteorann ar fud an Aontais, toisc go mbaineann siad tairbhe as “pas Eorpach” a bheith acu. Beidh siad in ann ról suntasach a bheith acu maidir le bonneagar (amhail iompar agus fuinneamh) a fhorbairt, tithíocht a thabhairt cothrom le dáta, taighde agus forbairt a mhaoiniú, agus maoiniú a dhéanamh ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta san Eoraip (infheistíochtaí nach mbaineann leas i gcoitinne as an leachtacht a chuirtear ar fáil trí liostú ar mhargaí airgeadais), rud a chuireann cruthú post chun cinn.

    3.4.

    Thar aon ní eile, tá béim láidir á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé an t-aistriú bunriachtanach chuig geilleagar Eorpach a bheidh cuimsitheach agus ar lú go mór a lorg carbóin (agus a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de ar deireadh) a chistiú, agus ar a thábhachtaí atá an “Straitéis maidir leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a mhaoiniú”, go háirithe an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach agus an tacsanomaíocht shóisialta atá beartaithe. Ní mór sonraí ESG agus sonraí airgeadais a dhéanamh níos inrochtana, go háirithe trí thionscadal an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh (ESAP) agus, go mór mór tríd an rialáil agus an mhaoirseacht is gá a dhéanamh ar sholáthraithe sonraí. Ba cheart dlús a chur freisin leis an obair ar lipéid ESG chun treoir a thabhairt d’infheisteoirí ELTIF.

    3.5.

    Sa togra ón gCoimisiún Eorpach “ELTIF 2” atá dea-chalabraithe agus comhréireach, áirítear feabhsuithe spriocdhírithe ar infheistíochtaí incháilithe, mar is ceart. Leis sin, cuirfear tacaíocht níos láidre ar fáil don fhás agus don iomaíochas trí ELTIFanna. Dá bhrí sin, beidh líon suntasach díobh níos éagsúlaithe, mar go leathnófar punanna infheistíochta ELTIFanna, rud a mhéadóidh líon na ndeiseanna. I gcásanna eile, díreofar ar infheistíochtaí tábhachtacha. Ina theannta sin, mar thoradh ar na hathruithe, beidh ELTIFanna in ann raon geografach níos leithne infheistíochtaí laistigh den Eoraip a chumhdach.

    3.6.

    Tá CESE ag tacú le dídhreasachtaí áirithe a bhí ann roimhe seo a laghdú maidir leis an rochtain ar ELTIFanna atá ag infheisteoirí miondíola. I bhfianaise mhéid ollmhór an choigiltis nach féidir leas a bhaint as torthaí ar infheistíochtaí fadtéarmacha sa lá atá inniu ann, is beart tábhachtach é sin, go háirithe i gcomhthéacs rátaí úis ísle (cé go bhfuil siad ag méadú i gcásanna áirithe) agus i gcomhthéacs brúnna boilscitheacha. Ó thaobh infheisteoirí a chosaint, tá sé an-tábhachtach raon níos leithne de shócmhainní incháilithe agus straitéisí infheistíochta a sholáthar, rud a bheidh níos éifeachtaí ná na srianta mionsonraithe ó 2015, a raibh sé de mhíbhuntáiste acu an tairiscint cistí d’infheisteoirí, bídís institiúideach nó miondíola araon, a theorannú go mór. Is díol sásaimh do CESE an nasc nua láidir leis na “measúnuithe oiriúnachta” éigeantacha faoin Treoir maidir le MiFID II agus leis an soiléiriú ar na rialacha maidir le coimhlintí leasa. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go láidir an athuair go ndéanfaí oideachas d’infheisteoirí a fhorbairt ar fud na hEorpa.

    3.7.

    Tá cineál ELTIF amháin a bhfuil saintréithe aige atá cosúil le cistí “iata”. Maidir leis an gcineál ciste sin, is é an bealach traidisúnta chun leachtacht a chur ar fáil d’infheisteoirí, mar atá beartaithe, ná úsáid a bhaint as sásraí roghnacha um ionú leachtachta lena ndíoltar sócmhainní ar an margadh tánaisteach. I ndáiríre, áfach, is iondúil go mbíonn sé deacair nó dodhéanta i gcleachtas fiú na sásraí sin a chur chun feidhme, go háirithe nuair a bhíonn “cruthaitheoirí margaidh” gann (riosca a tugadh chun suntais i dtuairim CESE an 16 Deireadh Fómhair 2013, agus a tháinig chun cinn ar an drochuair).

    3.8.

    Is é sin an fáth go mbeadh CESE i bhfabhar, anuas ar ELTIFanna iata, ELTIFanna atá “neamhiata” (2) a chur i bhfeidhm, i.e. ELTIFanna a d’fhéadfadh a bheith mór agus éagsúlaithe agus a d’fhéadfadh fuascailtí (agus suibscríbhinní freisin) a cheadú go tréimhsiúil (dhá uair sa bhliain, cuir i gcás) tar éis tréimhse fógra (90 lá mar shampla), ar choinníoll go bhfuil na féidearthachtaí sin leagtha amach go soiléir ag an mbainisteoir ELTIF sna doiciméid a thugtar do na cliaint agus a ndéanann an t-údarás náisiúnta inniúil faireachán orthu. Is céim dhearfach chun tosaigh an togra ón gCoimisiún maidir le breis soiléireachta a chur ar fáil sna Caighdeáin Theicniúla Rialála maidir le céatadán aistarraingthe na fuascailte agus ba cheart cloí leis sin amach anseo. Chun cabhrú leo iad a dhéanamh níos “leachtaí”, ba cheart é a bheith de chumas ag ELTIFanna neamhiata suas le 50 % (agus b’fhéidir níos mó fós) a infheistiú i sócmhainní éagsúlaithe agus rialacha GCUInna á n-urramú acu. Chuideodh sé go mór freisin dá méadófaí a thuilleadh an leibhéal infheistíochta a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcistí eile.

    3.9.

    Ba mhaith le CESE go ndéanfaí na cistí a thiomsófar trí ELTIFanna a infheistiú i ngeilleagar an Aontais go bunúsach, i gcomhthéacs na hiomaíochta géire ar an leibhéal domhanda agus i gcomhthéacs an ghá atá leis an dá aistriú a mhaoiniú. Ar an drochuair, níl meastachán sách cruinn ar fáil ag an bpointe seo maidir leis an easnamh atá ann i dtaca le maoiniú fadtéarmach. Dá bhrí sin, ní mór obair a dhéanamh fós ar an leibhéal Eorpach chun meastachán níos cruinne a fháil, ach níl amhras ar bith ach go bhfuil maoiniú mór de dhíth, ar fiú roinnt trilliún euro é (céatadán íseal aon digite d’olltáirgeacht intíre an Aontais Eorpaigh, más amhlaidh go gcuirtear san áireamh na riachtanais atá ann maidir leis an aeráid agus an inbhuanaitheacht, maidir le cothromas agus FBManna nuálacha agus gnólachtaí nuathionscanta, maidir leis an mbonneagar iompair agus, thar aon rud eile, an bonneagar sóisialta.

    3.10.

    Ós rud é go bhfuil ar ELTIFanna cloí go docht leis na rialacha atá leagtha amach i Rialachán Eorpach, d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach beart dearfach eile a dhéanamh, is é sin measúnú a dhéanamh ar a fhiúntaí agus a indéanta a bheadh sé ceadú dóibh leas a bhaint as cód ISIN “.eu”, rud a chuirfeadh feabhas ar a n-infhaighteacht agus ar a n-infheictheacht thar theorainneacha. Is díol sásaimh do CESE, i ndáil leis sin, neartú chlár na ELTIFanna mar a mhol an Coimisiún. Tá CESE ag iarraidh go mbunófar agus go bhforfheidhmeofar rialacha soiléire uile-Aontais le ceannaireacht éifeachtach ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí i ndlúthchomhar leis na rialtóirí náisiúnta gníomhacha. Ní mór a áirithiú leis na rialacha, go háirithe, go n-ionchorpróidh bainisteoirí ELTIF uirlisí cuí bainistíochta leachtachta sna cistí a sheolann siad agus go soláthróidh siad faisnéis shoiléir chruinn maidir le táillí agus rioscaí, mar a fhoráiltear cheana féin leis an Rialachán maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) agus maidir le reachtaíocht MiFID.

    3.11.

    Tá sé tábhachtach incháilitheacht ELTIFanna do chuntais choigiltis, do chonarthaí árachais saoil aonadnasctha, do scéimeanna coigiltis d’fhostaithe agus, dar ndóigh, do shásraí scoir amhail an Táirge Pinsin Uile-Eorpach a éascú. Ag an am céanna, d’fhéadfadh dreasacht do ghnóthais árachais agus pinsean infheistiú in ELTIFanna a bheith san áireamh sa togra reatha le haghaidh athmhúnlú ar Threoir Sócmhainneacht 2 agus san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Treoir IORP.

    3.12.

    Agus ar ndóigh, ba cheart d’infheisteoirí Eorpacha a bhfuil ELTIFanna acu a bheith in ann tairbhe a bhaint as an gcóireáil cánach is fearr a thugann a dtír chónaithe maidir lena gcuid coigilteas. Ar an drochuair, i roinnt mhaith tíortha Eorpacha, is minic a thugtar tosaíocht fhioscach do choigilt ghearrthéarmach ar shócmhainní leachtacha, rud a chuireann an teachtaireacht mhícheart chuig infheisteoirí gur fearr díriú ar an leachtacht fiú nuair a d’fhéadfaidís díriú níos mó ar an bhfadtéarma. Ar aon chuma, ba cheart d’infheisteoirí fadtéarmacha tairbhe a bhaint as rialacha cánach atá cobhsaí agus dreasacht-bhunaithe.

    An Bhruiséil, 23 Márta 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  IO C 155, 30.4.2021, lch. 20.

    (2)  Mar atá beartaithe faoi láthair sa scéim um Chiste Sócmhainní Fadtéarmacha atá ar na bacáin sa Ríocht Aontaithe. Bhí an tuairim chéanna ag formhór na bhfreagróirí ar thuarascáil an Choimisiúin ar an measúnú tionchair (féach lch. 73).


    Top