Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021IE3673

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Gníomhaíocht an Aontais maidir leis an tréimhse tar éis COVID-19: téarnamh níos fearr a bhaint amach a bhuí leis an spórt (tuairim féintionscnaimh)

    EESC 2021/03673

    IO C 290, 29.7.2022, p. 6–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 290/6


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Gníomhaíocht an Aontais maidir leis an tréimhse tar éis COVID-19: téarnamh níos fearr a bhaint amach a bhuí leis an spórt

    (tuairim féintionscnaimh)

    (2022/C 290/02)

    Rapóirtéir:

    Pietro Vittorio BARBIERI

    Cinneadh ón Tionól Iomlánach

    23.3.2021

    Bunús dlí

    Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta

     

    Tuairim féintionscnaimh

    Rannóg atá freagrach

    Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

    Dáta a glactha sa rannóg

    7.3.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    24.3.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    568

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    148/0/0

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    I ngeall ar cé chomh fada agus a mhair an phaindéim, a raibh tionchar tromchúiseach aici ar earnáil iomlán an spóirt agus go háirithe ar chumainn spóirt áitiúla, rud a d’fhág gur caitheadh a lán saoráidí a dhúnadh, tá gá anois le cur chuige straitéiseach maidir le ról an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a athbheochan agus a chur chun cinn chun sochaí níos athléimní agus níos inbhuanaithe a thógáil. Ní mór rogha den sórt sin a thuiscint mar chuid den phróiseas téarnaimh eacnamaíoch agus shóisialta níos leithne, agus iarracht á déanamh spriocanna a aithint le go mbeidh earnáil an spóirt in ann déileáil níos fearr leis na géarchéimeanna uile atá ag éirí níos coitianta sa saol.

    1.2.

    Ní mór an spórt agus an ghníomhaíocht choirp a chomhtháthú i straitéisí forbartha eacnamaíche agus sóisialta, agus naisc thrasearnála níos leithne a chruthú, go háirithe leis an tsláinte phoiblí, leis an oideachas agus leis an gcuimsiú sóisialta. Tá an spórt ina mheán don inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil, rud a thacaíonn leis an bpróiseas téarnaimh trí dheiseanna nua fostaíochta agus gnó atá bunaithe ar an spórt a chruthú. Beidh sé tábhachtach freisin an t-idirphlé sóisialta a chothú maidir le dea-bhail agus gníomhaíocht choirp ag an obair, agus na comhpháirtithe sóisialta a rannpháirtiú ann. Sin é an fáth a dteastaíonn sé ó CESE go ndéanfaí staidéir ina léirítear an nasc idir an spórt agus dea-bhail ghinearálta an duine.

    1.3.

    Maidir leis an scoil agus na céimeanna éagsúla den oideachas, nuair a bhítear á theagasc do chailíní agus do bhuachaillí conas déileáil le tasc agus conas foghlaim agus fás, is gá gach rud a theagasc dóibh freisin faoin gcaoi lena gcorp a úsáid agus a bhogadh. Is é atá i gceist leis an gcorpoideachas scoile a athbheochan, maidir le súgradh, áineas agus ildisciplíneacht, uirlis dhosháraithe a chruthú chun torthaí a sholáthar, suaimhneas a chruthú, foghlaim conas maireachtáil le daoine eile agus, thar aon ní eile, dul chun cinn oideachasúil a dhéanamh agus stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn. Is é a chiallaíonn sin luach an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a aithint ar an mbealach céanna a aithnítear luach ábhar eile, go háirithe san oiliúint a chuirtear ar an nglúin óg, agus aird ar leith á tabhairt ar limistéir intíre agus limistéir atá faoi mhíbhuntáiste de thoradh tosca geografacha.

    1.4.

    Leagadh amach i gConradh Liospóin an ghné Eorpach a bhaineann le luach sóisialta agus eacnamaíoch an spóirt. Tar éis na héigeandála sláinte, beidh sé riachtanach na luachanna a léirítear sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp a dhéanamh níos sofheicthe sa pholaitíocht Eorpach, agus lánurraim a thabhairt dóibh mar a dhéantar i gcás beartais Eorpacha eile. Ní beartais chomhtháthaithe amháin a theastaíonn, mar sin, ach fíorphróiseas cumhachtaithe, eadhon fís maidir le hathrú dáiríre sa spórt ina gcuirtear béim mhór ar an tionchar a bheadh aige sin ar dhea-bhail daoine agus ar an gcáilíocht saoil.

    1.5.

    Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin:

    1.5.1.

    an ráta díothachta spóirt — i.e. an ráta eisiaimh maidir le tairbhe a bhaint as leas riachtanach, an ceart chun spórt a chleachtadh — a áireamh i liosta innéacsanna Eurostat chun díth ábhartha a thomhas;

    1.5.2.

    an maoiniú uile ón Aontas don tréimhse 2021-2027 a chur ar fáil d’earnáil an spóirt, is cuma an faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach atá sé, trí ghlacadh leis an spórt agus an ghníomhaíocht choirp mar infheistíocht i ndea-bhail an duine aonair agus an phobail;

    1.5.3.

    foráil a dhéanamh maidir le méadú ar sciar an mhaoinithe a leithdháiltear ar an spórt agus ar an gcomhar trasearnála, lena n-áirítear an spórt, sa chlár Erasmus+. Toisc an maoiniú don spórt a bheith laghdaithe go mór, ní as na cistí comhtháthaithe amháin ba cheart an maoiniú sin a sholáthar ach as acmhainní atá curtha in áirithe do shnáitheanna éagsúla an Chiste Téarnaimh freisin. Ina theannta sin, bheadh sé inmhianaithe acmhainní a athdháileadh ar bhealach níos fearr idir an spórt ardfheidhmíochta agus an spórt sóisialta;

    1.5.4.

    pleananna a fhorbairt chun cabhrú leis an spórt i gcás géarchéimeanna agus éigeandálaí (eacnamaíocha, sóisialta agus sláinte), lena n-áirítear na pleananna ullmhúcháin dóibh, agus na foirmeacha simplithe riaracháin a theastaíonn chun déileáil le maorlathas trom, go háirithe i gcás cumainn spóirt áitiúla. Is tosaíocht é, dá bhrí sin, tacaíocht a chur ar fáil go háirithe chun tacú le cumainn spóirt áitiúla, óir tá tábhacht leis an leibhéal áitiúil chun daoine faoi mhíchumas nó daoine leochaileacha a chuimsiú agus caidreamh tábhachtach idirchultúrtha a chur chun cinn;

    1.5.5.

    tacaíocht a spreagadh do líonraí saoránachta gníomhaí chun na cuspóirí sin a bhaint amach ar an leibhéal áitiúil, trí chomhpháirtíochtaí agus pleanáil choiteann idir beartais phoiblí agus líonraí, d’fhonn tús a chur le nuálaíochtaí sóisialta éagsúla, agus leas á bhaint as an taithí sa bhainistíocht chomhroinnte agus as an gcoimhdeacht chiorclach. Rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí sóisialta a spreagadh.

    2.   Barúlacha ginearálta

    2.1.

    Agus an phaindéim ag tabhairt ár ndúshláin i gcónaí, agus sinn fós ag troid chun beatha daoine agus slite beatha a chosaint, níor cheart dearmad a dhéanamh gurb iad na roghanna a dhéanaimid anois a chinnfidh na córais shocheacnamaíocha a bheidh ann amach anseo mar aon leis an saol a bheidh ag saoránaigh na hEorpa.

    2.2.

    Tá sé léirithe ag an éigeandáil sláinte nach féidir, de thoradh chineál ilghnéitheach na bhfadhbanna a bhfuil orainn dul i ngleic leo, leibhéil athléimneachta a bhaint amach lena ndéanfaí córais shocheacnamaíocha an Aontais a dhaingniú ina n-iomláine. Tá gá le gníomhaíocht chun ár sochaí a chur in oiriúint do ghéarchéimeanna agus d’athruithe, trí shamhlacha athléimneachta a chur chun cinn atá bunaithe ar an gcumas géarchéimeanna a thuar agus leas a bhaint as na “uirlisí” iomchuí chun dul i ngleic leis na géarchéimeanna sin.

    2.3.

    De thoradh phaindéim COVID-19, tá athrú tagtha ar an méid a bhfuil súil leis go heacnamaíoch, go sóisialta agus ar bhonn sláinte sna blianta amach romhainn, agus tá athrú tagtha freisin, dá réir sin, ar an gcur chuige i leith straitéisí forbartha agus comhtháthaithe. Ní mór dúinn rogha a dhéanamh coinneáil lena raibh á dhéanamh againn i gcónaí, nó an pharaidím atá mar bhonn agus mar thaca ag na beartais forbartha agus chomhtháthaithe a athrú agus a chur in oiriúint, i bhfianaise na bhfadhbanna a tháinig chun solais agus na taithí a fuarthas le linn ghéarchéim COVID-19.

    2.4.

    Tá saol an spóirt ina iomláine ar fud na hEorpa thíos le géarchéim COVID-19, ach ní mór dúinn a chur i bhfios go láidir go raibh ar earnáil áitiúil an spóirt aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna agus na dúshláin ba mheasa. Bhí tionchar ag an ngéarchéim sa spórt ar dhaoine óga go háirithe, trí theorainn a bheith curtha leis an “ceart” atá acu spórt agus gníomhaíocht choirp a chleachtadh. Ar an gcaoi chéanna, bhí tionchar ag an ngéarchéim sláinte ar earnáil iomlán na gcumann spóirt agus an tionscail spóirt, agus beidh an tionchar sin le sonrú ar théarnamh na hearnála, fiú sa mheántéarma.

    3.   Ról an spóirt i bpróisis na forbartha agus an chomhtháthaithe

    3.1.

    Leis an spórt, cuirtear ar chumas na sochaí sibhialta a cuid acmhainní a úsáid ar bhealach dearfach agus, ar an gcuma sin, cur le luachanna dearfacha na sochaí trí chur chuige uathúil ilghnéitheach a chuireann leis an dea-bhail choirp agus mheabhrach; maolaítear ar na fadhbanna sóisialta freisin trí phobail atá éagsúil ó thaobh cultúir de a thabhairt le chéile. Tá an spórt ina mheán don inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil faoi na dálaí atá mínithe sa tuairim seo. Cuireann sé le hathnuachan agus tarraingteacht na réigiún agus na gceantar áitiúil agus tacaíonn sé leis an bpróiseas téarnaimh tríd an bhféidearthacht deiseanna nua fostaíochta agus gnó atá bunaithe ar an spórt a chruthú.

    3.2.

    Maidir leis an ngné eacnamaíoch, is féidir leis an spórt cabhrú le cineálacha nua gnó teacht ar an bhfód nó na cinn atá ann cheana a neartú, trí nuálaíocht shóisialta agus theicneolaíoch a chothú. Cabhraíonn an spórt freisin le deiseanna nua fostaíochta a chruthú, lena n-áirítear trí oiliúint fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil do dhaoine óga. Is uirlis atá sa spórt lenar féidir cur le sláinte agus scileanna oibrithe agus, ós rud é go mbraitheann sé, den chuid is mó, ar rannpháirtíocht an duine, is bealach éifeachtach é chun cur leis an bhfostaíocht ar an leibhéal áitiúil.

    3.3.

    Maidir leis an ngné shóisialta, fágann an spórt gur féidir teagmháil a dhéanamh le raon leathan grúpaí sóisialta, na difríochtaí eatarthu a shárú, pobail áitiúla a thabhairt le chéile agus grúpaí sóisialta leochaileacha a rannpháirtiú i saol an phobail. Ina theannta sin, is féidir le tionscadail spóirt cabhrú chun athbheochan shóisialta a spreagadh i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste amhail bruachbhailte uirbeacha, nó ceantair thuaithe agus intíre i réigiúin na hEorpa.

    3.4.

    Maidir leis an ngné chomhshaoil, is uirlis straitéiseach é an spórt chun cuspóirí a bhaint amach mar fhreagairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Is uirlis é an spórt lenar féidir an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus athnuachan ghlas na gceantar uirbeach a chur chun cinn d’fhonn oiriúnú don athrú aeráide. Má dhéantar an bonneagar spóirt a athrú go saoráidí spóirt atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de (1), cabhróidh sé — mar aon le heagrú imeachtaí ag a bhfuil lorg íseal carbóin — le cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil a bhaint amach. Ar deireadh, is bealach iontach iad imeachtaí spóirt chun teachtaireachtaí dearfacha faoin gcomhshaol a scaipeadh agus a chraobhscaoileadh.

    3.5.

    Ainneoin go bhfuil an spórt aitheanta sna príomhstraitéisí idirnáisiúnta uile (Clár Oibre 2030; Beartas Comhtháthaithe 2021-2027; Plean Gníomhaíochta Domhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir leis an ngníomhaíocht choirp, 2018-2030) mar phríomhuirlis chun cuspóirí na forbartha, na hinbhuanaitheachta agus an chomhtháthaithe a bhaint amach, is oth leis an gCoiste gur léir nár cuireadh an cur chuige sin chun feidhme ina iomláine ina lán Ballstát, agus go gcaitear, ina lán cásanna, go fóill leis an spórt mar chaitheamh aimsire.

    3.6.

    Tá an baol ann, de dheasca thionchar ghéarchéim COVID-19 ar chúrsaí spóirt, gur laghdú a thiocfaidh ar na deiseanna spórt a chleachtadh nó nach bhféadfar spórt a chleachtadh. In éagmais bearta sonracha agus “nuálacha” lenar féidir dul i ngleic go héifeachtach leis na fadhbanna agus réitigh orthu a aimsiú, beidh tionchar tubaisteach ag na hiarmhairtí éagsúla ar tréithe iad den ghné shóisialta agus eacnamaíoch a bhaineann leis an gcás baolach sin, agus beidh teorainn le gníomhaíochtaí áirithe atá riachtanach chun an cháilíocht saoil, an dea-bhail agus sláinte daoine a áirithiú. Fágfaidh an cás sin go mbeidh a lán comhlachtaí, comhlachas agus gnólachtaí atá gníomhach i réimse an spóirt i mbaol a ndruidte, agus, ní hamháin sin, ach cruthófar fadhb shóisialta a bhaineann le cáilíocht saoil daoine agus fadhb eacnamaíoch a bhaineann leis an easpa foinse ioncaim acu siúd a mhaireann ar an obair sin. Ar an gcaoi chéanna, mar gheall ar an gcruatan eacnamaíoch atá mar thoradh ar an ngéarchéim, ní bheidh sé ar chumas a lán daoine íoc as táillí spóirt a leanaí, ná as a dtáillí spóirt féin, rud a mbeidh tionchar diúltach aige ar an dea-bhail choirp agus ar an tsláinte.

    3.7.

    I gcás grúpaí leochaileacha den phobal, amhail daoine faoi mhíchumas, is amhlaidh a fhágfaidh na rioscaí a bhaineann leis an díothacht spóirt go rachaidh cásanna atá tromchúiseach cheana féin in olcas agus, i mBallstáit áirithe, is i bhfoirm srianta sistéamacha a tharlóidh sin. I réimse na meabhairshláinte go sonrach, d’fhág an phaindéim gur laghdaíodh go mór líon na n-úsáideoirí, na mball teaghlaigh, na n-oibreoirí, na saoránach agus na gcumann spóirt a ghlacann páirt ghníomhach i seirbhísí agus ranna atá dírithe ar an meabhairshláinte. Is é a thoradh sin nach mbíonn sé de dheis ag daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu spórt a chleachtadh mar bhealach chun caidreamh dlúthpháirteach a chruthú agus a chothabháil, caidreamh atá tábhachtach chun an leithlisiú agus imeallú a tharlaíonn de thoradh an ghalair sin a chomhrac. Tá baint ag an dea-bhail chomhchoiteann le gach duine, seachas leo siúd amháin atá ag tabhairt agus ag fáil cóireála.

    3.8.

    I bhfianaise na laincisí móra ar dheiseanna sóisialta, rud a raibh tionchar mór aige ar leanaí agus ar dhaoine óga, ba cheart deiseanna spóirt agus gníomhaíochta coirp, oideachais agus oiliúna, a athbheochan, agus, chun leanaí agus déagóirí a chosaint, díriú ar shábháilteacht na n-áiteanna sin ina gcleachtar an spórt. Is réimse den saol é an spórt trína mbíonn líon mór leanaí agus a múinteoirí, a dteicneoirí agus a gcóitseálaithe i dteagmháil le chéile gach lá. Tá an réimse sin ar cheann de na timpeallachtaí is íogaire maidir le forbairt choirp agus mheabhrach na ndaoine a chleachtann spórt agus is gá beartais shonracha a ghlacadh sa réimse sin chun deis a thabhairt dóibh leas a bhaint as na tairbhí ar fad is féidir a bhaint as an spórt a chleachtar i dtimpeallacht chosanta. Ní spórt ar ais nó ar éigean ba cheart a bheith i gceist leis an spórt do chách.

    3.9.

    Tá baint ag an ngníomhaíocht choirp rialta le haosú gníomhach freisin agus is féidir ról lárnach a bheith aici maidir le feabhas a chur ar chumas daoine scothaosta feidhmiú agus ar cháilíocht saoil daoine scothaosta. Thairis sin, cuirtear le héifeachtaí na gníomhaíochta coirp nuair a bhíonn daoine scothaosta páirteach, ag an am céanna, i ngníomhaíochtaí sóisialta agus táirgiúla. Tá ról coisctheach ag an spórt, dá bhrí sin, le go mbeidh oibrithe sláintiúil agus aclaí nuair a rachaidh siad ar pinsean.

    3.10.

    Chun an ghníomhaíocht choirp a fhorbairt don oiread daoine agus is féidir, tá gá le nuálaíochtaí sóisialta agus sochaíocha freisin, agus ba cheart don tsochaí shibhialta eagraithe agus do na comhpháirtithe sóisialta a bheith ar thús cadhnaíochta sna nuálaíochtaí sin. Tá ríthábhacht leis an ngné “laethúil”, le rithim oibrithe, mac léinn agus daltaí a chur san áireamh, agus leis an gcumas áiteanna a shamhlú ina bhféadfadh tuismitheoirí gníomhaíocht choirp a dhéanamh ag an am céanna lena gclann. Le linn na paindéime, d’éiríomar cleachtach arís ar bheith i mbun aclaíochta amuigh faoin aer, rud trínar féidir treochtaí nuálacha amhail an spórt uirbeach agus tuaithe a chur chun cinn, chun spásanna áirithe a athbheochan agus solúbthacht na spásanna sin a chomhroinnt. Tá an-ghá leis an nuálaíocht shóisialta agus ba cheart an nuálaíocht sin a chur chun cinn agus a spreagadh chun dul i ngleic leis an gcás nach mbíonn a ndóthain ama ag formhór na ndaoine spórt a chleachtadh, fiú nuair ba mhian leo sin a dhéanamh.

    3.11.

    Ba cheart béim a leagan ar ról na saoráidí áitiúla príobháideacha (ionaid spóirt), a bhfuil an acmhainn iontu oibriú le gnólachtaí agus le saoráidí eile (e.g. ionaid do dhaoine faoi mhíchumas) eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus comhchláir á bhforbairt ar mhaithe le hoibrithe agus le gach saoránach.

    3.12.

    Tá ról tábhachtach ina leith sin ag an tsochaí shibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta uile, toisc gur féidir leo, trí rannpháirtíocht na saoránach agus an t-idirphlé sóisialta a spreagadh, straitéisí a chur chun cinn maidir leis an gcáilíocht saoil san ionad oibre, lena n-áirítear mar chuid de chomhaontuithe cómhargála, nó feachtais a sheoladh chun oibrithe a spreagadh síntiús a fháil in ionaid spóirt agus/nó i gcumainn spóirt, nó oibrithe na hearnála spóirt a spreagadh a leasanna féin a chosaint, nó tréimhsí sosa a thabhairt isteach san ionad oibre le gur féidir le hoibrithe bogadh thart. Ba cheart béim a leagan ar an ról atá ag gairmithe sláinte, agus ag múinteoirí a bhíonn ag obair le leanaí óga, chun cur leis an eolas atá ag an bpobal ar chleachtadh spóirt agus an cleachtadh spóirt a chur chun cinn, agus ba cheart an ról sin a neartú, d’fhonn cultúr nua a chruthú agus fostóirí a spreagadh dreasachtaí a thabhairt dá bhfostaithe chun spórt a chleachtadh.

    3.13.

    Maidir le gné na hinscne, tá an Chairt Eorpach um Chearta na mBan sa Spórt (2) ina plean oibre lenar féidir leanúint d’oideachas a chur ar fáil maidir le difríochtaí agus maidir le gníomhaíochtaí nua a thriail, trí leanúint den idirphlé agus den chomhar idir na geallsealbhóirí éagsúla, go háirithe maidir leis an gcumarsáid, a bhfuil caidreamh níos dlúithe idir mná agus na meáin le sonrú ina leith le fada, chun teanga iriseoireachta mheasúil agus chúramach a chur chun cinn, ar mhaithe le cultúr spóirt ina ndéantar gach cineál foréigin, idirdhealaithe agus éagothroime eacnamaíche a chomhrac, agus cultúr gníomhaíochta coirp níos fáiltí agus níos cuimsithí a chothú.

    4.   An spórt i gClár Oibre 2030

    4.1.

    Is teanga uilíoch atá sa spórt, a thugann daoine, pobail agus cultúir le chéile, agus is iad luachanna na huilíochta agus an chomhréitigh luachanna an spóirt. Is uirlis thábhachtach é an spórt lenar féidir cabhrú chun timpeallachtaí níos tuisceanaí atá dírithe ar an inbhuanaitheacht a dhéanamh dár sochaithe. Cabhraíonn an spórt le cuspóirí Chlár Oibre 2030 a bhaint amach trí sheasamh le prionsabail an mheasa, na tuisceana, an chuimsithe agus an idirphlé agus, ar an gcaoi sin, cur le forbairt agus lánsástacht an duine, gan beann ar aois, gnéas, tionscnamh, creideamh ná tuairim.

    4.2.

    Ainneoin ghné fhollasach thrasearnála an spóirt trínar féidir tacú le cur chun feidhme na bprionsabal atá cumhdaithe i gClár Oibre 2030, is ríléir go gcabhróidh an spórt níos mó le cuspóirí áirithe ná cuspóirí eile as na 17 gcuspóir atá i gClár Oibre 2030 a bhaint amach.

    4.3.

    Is réimse é an spórt nach bhfuil freagracht ar an Aontas ina leith ach le tréimhse measartha gearr; níor tugadh isteach an cúram sin gur tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. Tá an tAontas freagrach as beartas fianaisebhunaithe a fhorbairt, agus as an gcomhar a chothú agus tionscnaimh a bhainistiú chun tacú leis an ngníomhaíocht choirp agus leis an spórt ar fud na hEorpa. Sa tréimhse 2014-2020, cuireadh líne bhuiséid ar leith ar fáil den chéad uair faoin gclár Erasmus+ (3) chun tacú le tionscadail agus líonraí i réimse an spóirt. Sa tréimhse 2021-2027, leanfar de ghníomhaíochtaí an Aontais chun tacú leis an spórt agus neartófar iad.

    5.   An spórt agus an beartas comhtháthaithe

    5.1.

    Tá an tAontas ar a dhícheall ag iarraidh breis cothroime agus oscailteachta a bhaint amach i gcomórtais spóirt agus cosaint níos fearr a thabhairt d’ionracas morálta agus coirp an té a chleachtann spórt, agus an cineál spóirt atá á chleachtadh á chur san áireamh freisin. Tá an tAontas dírithe, go háirithe, ar thrí réimse gníomhaíochta sa spórt: 1) ról sóisialta an spóirt; 2) gné eacnamaíoch an spóirt; 3) creat polaitiúil agus dlíthiúil earnáil an spóirt. Maidir leis na réimsí sin, chomh maith leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí airgeadais a bhainistítear go díreach, cuireann an tAontas úsáid agus comhlántacht na ndeiseanna a chuirtear ar fáil tríd an mbeartas comhtháthaithe chun cinn.

    5.2.

    Fágann an spórt agus an ghníomhaíocht choirp gur féidir teagmháil a dhéanamh le raon leathan grúpaí sóisialta, na difríochtaí eatarthu a shárú, pobail áitiúla a thabhairt le chéile agus grúpaí sóisialta eisiata a rannpháirtiú i saol an phobail. Lena chois sin, is féidir le tionscadail spóirt cabhrú le líon mór cuspóirí polaitiúla a bhaint amach: an nuálaíocht a chothú; athbheochan uirbeach a chur chun cinn; an fhorbairt tuaithe a spreagadh agus cur leis an infheistíocht náisiúnta i réigiúin na hEorpa.

    6.   An spórt agus Plean Gníomhaíochta Domhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir leis an ngníomhaíocht choirp, 2018-2030

    6.1.

    Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta Domhanda maidir leis an ngníomhaíocht choirp do 2018-2030 (4) na cuspóirí straitéiseacha atá le baint amach trí ghníomhaíochtaí beartais chun an easpa gníomhaíochta coirp i measc daoine fásta agus déagóirí a laghdú 15 % ar bhonn domhanda faoi 2030. Leagtar béim sa Phlean ar an ngá atá le cur chuige trasearnála iomlánaíoch agus ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i mbeartais shóisialta, chultúrtha, eacnamaíocha, chomhshaoil agus oideachais, etc., chun an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn agus chun cuidiú le go leor de spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) 2030 a bhaint amach. Ba cheart a chur san áireamh i straitéisí cur chun feidhme an Phlean gach ceann de na tosca cinntitheacha a mbíonn tionchar acu ar an stíl mhaireachtála agus a bhfuil sé mar aidhm acu gníomhaíochtaí éifeachtacha a chothú maidir leis an tsláinte a chur chun cinn ó dhearcadh trasearnála agus trí chur chuige comhtháite.

    6.2.

    Is saincheist chasta é cur chun cinn na gníomhaíochta coirp. Teastaíonn ceannaireacht láidir agus bearta beartais ó earnáil na sláinte, rud atá ríthábhachtach ar an leibhéal náisiúnta, ach freisin cuid mhór teagmhála le hearnálacha eile, amhail an t-oideachas, an cultúr, an t-iompar, an phleanáil uirbeach agus an geilleagar. D’fhonn an ghníomhaíocht choirp a mhéadú agus iompraíocht neamhghníomhach a dhíspreagadh, tá sé riachtanach aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna comhshaoil agus sóisialta, agus ar fhadhbanna sonracha ar leith, a bhaineann leis an neamhghníomhaíocht choirp agus bearta éifeachtacha agus inbhuanaithe a chur chun feidhme tríd an gcomhar idir earnálacha éagsúla ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Is gá sin a dhéanamh i gcomhréir leis an gcur chuige trasearnála lenar féidir bearta a dhéanamh chun iompraíocht mhíshláintiúil a athrú, trí aghaidh a thabhairt ar stíleanna maireachtála ar leith agus trí dhálaí comhshaoil agus sóisialta a chruthú lenar féidir athrú iompraíochta a spreagadh.

    7.   Ó straitéisí go cleachtas

    7.1.

    Ainneoin gur léir gur féidir leis an spórt agus leis an ngníomhaíocht choirp cabhrú le spriocanna na forbartha, na hinbhuanaitheachta agus an chomhtháthaithe a bhaint amach, tá sé an-deacair fós cistí Eorpacha a cháiliú agus a chur ar fáil do thionscnaimh atá dírithe ar an spórt a chur chun cinn agus a neartú. Is é an phríomhchúis leis sin nach bhfuil an spórt san áireamh mar réimse soiléir infheistíochta sna rialacháin atá mar bhonn le beartas comhtháthaithe 2021-2027. Dá ndéanfaí an spórt a lua go soiléir i gcláir cur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe, ní hamháin go gcuirfí bealach soiléir ar fáil do na sruthanna maoinithe spóirt sin, ach dhéanfaí obair na n-údarás bainistithe cistí a shimpliú freisin maidir le tionscadail atá dírithe ar “an spórt agus gníomhaíocht choirp” a fhormheas.

    7.2.

    Chun béim a leagan ar an nádúr straitéiseach atá sa spórt maidir le straitéisí forbartha agus comhtháthaithe a chur chun feidhme, leagtar amach san fhoscríbhinn thíos anailís ar an gcomhleanúnachas idir cuspóirí Chlár Oibre 2030 agus cuspóirí bheartas comhtháthaithe 2021-2027 agus na bearta a d’fhéadfaí a chur chun feidhme tríd an spórt.

    An Bhruiséil, 24 Márta 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  Proposal for a Council Recommendation on education for environmental sustainability [Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hoideachas ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht comhshaoil].

    (2)  European Charter of Women’s Rights in Sports.

    (3)  Erasmus+ Performance.

    (4)  Global action plan on physical activity 2018-2030.


    Top