Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0315

    Cás T-315/22: Caingean arna tabhairt an 27 Bealtaine 2022 – Yayla Türk v EUIPO – Marmara Import-Export (Sütat)

    IO C 276, 18.7.2022, p. 19–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    18.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 276/19


    Caingean arna tabhairt an 27 Bealtaine 2022 – Yayla Türk v EUIPO – Marmara Import-Export (Sütat)

    (Cás T-315/22)

    (2022/C 276/28)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Yayla Türk Lebensmittelvertrieb GmbH (Krefeld, an Ghearmáin) (ionadaithe: J. Bühling agus D. Graetsch, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Marmara Import-Export GmbH (Ratingen, an Ghearmáin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: an t-iarratasóir

    Trádmharc atá faoi cheist: focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Sütat” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 5 414 561

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 2 Márta 2022 i gCás R 1184/2021-5

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    diúltú don iarratas ó Marmara Import-Export GmbH an 17 Meitheamh 2020 le haghaidh cealú i dtaca le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 44 583 C;

    mar mhalairt air sin: an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO le haghaidh éisteacht eile agus cinneadh;

    a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear iad siúd arna dtabhú sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.

    Saincheisteanna dlí

    Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (EU) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    Sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil.


    Top