Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TB0645

    Cás T-645/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Aibreán 2022 – Bloom v an Pharlaimint agus an Chomhairle (Caingean le haghaidh neamhniú – An comhbheartas iascaigh – Rialachán (AE) 2021/1139 – An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe – Tacaíocht airgeadais i mbainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit – Oibríochtaí nó caiteachas neamh-incháilithe – Maoluithe ó neamh-incháilitheacht – Comhlachas a chosnaíonn an comhshaol muirí – Gníomh reachtach – Easpa cúraim leithligh – Easpa cúraim dhírigh – Ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil – Neamh-inghlacthacht)

    IO C 266, 11.7.2022, p. 28–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    11.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 266/28


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Aibreán 2022 – Bloom v an Pharlaimint agus an Chomhairle

    (Cás T-645/21) (1)

    (Caingean le haghaidh neamhniú - An comhbheartas iascaigh - Rialachán (AE) 2021/1139 - An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe - Tacaíocht airgeadais i mbainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit - Oibríochtaí nó caiteachas neamh-incháilithe - Maoluithe ó neamh-incháilitheacht - Comhlachas a chosnaíonn an comhshaol muirí - Gníomh reachtach - Easpa cúraim leithligh - Easpa cúraim dhírigh - Ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil - Neamh-inghlacthacht)

    (2022/C 266/35)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Bloom (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: C. Saynac agus L. Chovet-Ballester, Dlíodóirí)

    Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: G. Ricci agus I. Terwinghe, i gcáil Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: F. Naert agus A. Nowak-Salles, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Iarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE agus lena n-iarrtar go ndéanfaí Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (IO 2021 L 247, lch. 1) a neamhniú.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don achomharc toisc é a bheith neamh-inghlactha.

    2)

    Ní gá rialú a dhéanamh ar iarratas ar idiragairt an Choimisiúin Eorpaigh a thuilleadh.

    3)

    Iompróidh Bloom a chostais féin agus iad siúd arna dtabhú ag Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.

    4)

    Iompróidh an Coimisiún a chostais féin a bhaineann lena iarratas ar idiragairt.


    (1)  IO C 481 an 29.11.2021.


    Top