Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0093

    Cás T-93/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Bealtaine 2022 – Creaticon v EUIPO – Paul Hartmann (SK SKINTEGRA THE RARE MOLECULE) (Trádmharc de chuid AE – Imeachtaí freasúra – Clárú idirnáisiúnta lena n – ainmnítear an tAontas – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SK SKINTEGRA THE RARE MOLECULE – Focalmharc náisiúnta SKINTEGRITY roimhe sin – Foras coibhneasta le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois])

    IO C 266, 11.7.2022, p. 22–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    11.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 266/22


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Bealtaine 2022 – Creaticon v EUIPO – Paul Hartmann (SK SKINTEGRA THE RARE MOLECULE)

    (Cás T-93/21) (1)

    (Trádmharc de chuid AE - Imeachtaí freasúra - Clárú idirnáisiúnta lena n – ainmnítear an tAontas - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SK SKINTEGRA THE RARE MOLECULE - Focalmharc náisiúnta SKINTEGRITY roimhe sin - Foras coibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois])

    (2022/C 266/25)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Creaticon d.o.o. (Zagreb, an Chróit) (ionadaí: P. Krmpotić, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Raponi agus V. Ruzek, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Paul Hartmann AG (Heidenheim, an Ghearmáin)

    Maidir le:

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar cinneadh an chúigiú Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 2 Nollaig 2020 (Cás R 847/2020-5) a chur ar neamhní agus a leasú.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Creaticon d.o.o. na costais a íoc.


    (1)  IO C 138, 19.4.2021.


    Top