Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0276

    Cás C-276/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 22 Aibreán 2022 – Edil Work 2 S.r.l., S.T. S.r.l v STE S.a.r.l.

    IO C 266, 11.7.2022, p. 16–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    11.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 266/16


    Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 22 Aibreán 2022 – Edil Work 2 S.r.l., S.T. S.r.l v STE S.a.r.l.

    (Cás C-276/22)

    (2022/C 266/19)

    Teanga an cháis: an Iodáilis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Corte suprema di cassazione

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Achomharcóirí: Edil Work 2 S.r.l., S.T. S.r.l

    Cros-achomharcóir: STE S.a.r.l.

    An cheist a tharcuirtear

    An gcuireann Airteagail 49 agus 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh cosc ar Bhallstát inar bunaíodh cuideachta (cuideachta faoi dhliteanas teoranta) ar dtús forálacha a dhlí náisiúnta a bhaineann le hoibriú agus le bainistiú na cuideachta a chur i bhfeidhm ar an gcuideachta sin i gcás ina gcoimeádann an chuideachta sin, tar éis a hoifig chláraithe a aistriú agus a bheith athchorpraithe faoi dhlí an Bhallstáit cinn scríbe, a lárionad gníomhaíochtaí sa Bhallstát tionscnaimh agus ina bhfuil éifeacht chinntitheach ag an ngníomh bainistíochta i dtrácht ar ghníomhaíochtaí na cuideachta?


    Top