Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0250

Cás C-250/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 11 Aibreán 2022 – Fallimento Villa di Campo Srl v Agenzia delle Entrate

IO C 266, 11.7.2022, p. 12–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

11.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 266/12


Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 11 Aibreán 2022 – Fallimento Villa di Campo Srl v Agenzia delle Entrate

(Cás C-250/22)

(2022/C 266/15)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Fallimento Villa di Campo Srl

Cros-achomharcóir: Agenzia delle Entrate

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagal 5(8) de Threoir 77/388/CEE (1) agus Airteagal 19 de Threoir 2006/112/CE (2) ar reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 20 de Fhoraithne an Uachtaráin Uimh. 131 an 26 Aibreán 1986, a leasaítear le pointí (1) agus (2) d’Airteagal 1(87)(a) de Dhlí Uimh. 205 an 27 Nollaig 2017 agus le hAirteagal 1(1084) de Dhlí Uimh. 145 an 30 Nollaig 2018, lena gceanglaítear ar na húdaráis chánach idirbhearta idir páirtithe a aicmiú ar bhonn faisnéis théacsúil atá sa chonradh ábhartha sin amháin agus lena gcuirtear cosc ar úsáid faisnéise eistrí (seachthéacsúla) (fiú má tá sí ann go hoibiachtúil agus má tá sí cruthaithe), agus mar thoradh air sin go bhfuil cosc iomlán ar na húdaráis chánach a chruthú go bhfuil soláthar eacnamaíoch, arb ionann é agus aistriú gnó, atá dosháraithe ann féin, briste síos go saorga i roinnt soláthairtí éagsúla – soláthairtí iolracha earraí – agus dá bhrí sin as a dtagann ceart chun CBL a asbhaint i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais?


(1)  Séú Treoir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánacha láimhdeachais – Comhchóras cánach breisluacha: aonbhonn measúnachta (IO L 145, 13.6.1977, lch. 1).

(2)  Treoir an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).


Top