This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CA0466
Case C-466/20: Judgment of the Court (Fourth Chamber) of 19 May 2022 (request for a preliminary ruling from the Bundesgerichtshof — Germany) — HEITEC AG v HEITECH Promotion GmbH, RW (Reference for a preliminary ruling — Trade marks — Directive 2008/95/EC — Article 9 — Regulation (EC) No 207/2009 — Articles 54, 110 and 111 — Limitation in consequence of acquiescence — Concept of ‘acquiescence’ — Interruption of the period of limitation in consequence of acquiescence — Sending of a warning letter — Date of interruption of the period of limitation in the event of a court action being initiated — Effects of limitation — Application for damages, the provision of information and destruction of goods)
Cás C-466/20: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 19 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – HEITEC AG v HEITECH Promotion GmbH, RW (Iarraidh ar réamhrialú – Trádmharcanna – Treoir 2008/95/CE – Airteagal 9 – Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 – Airteagail 54, 110 agus 111 – Teorainn ama toilithe – Coincheap an toilithe – Idirbhriseadh na teorann ama – Fógra foirmiúil – Dáta briseadh na teorann ama i gcás go gcuirfear tús le himeachtaí dlí – Éifeachtaí na teorann ama – Iarratais ar dhámhachtain damáistí, ar sholáthar faisnéise agus ar dhíothú earraí)
Cás C-466/20: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 19 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – HEITEC AG v HEITECH Promotion GmbH, RW (Iarraidh ar réamhrialú – Trádmharcanna – Treoir 2008/95/CE – Airteagal 9 – Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 – Airteagail 54, 110 agus 111 – Teorainn ama toilithe – Coincheap an toilithe – Idirbhriseadh na teorann ama – Fógra foirmiúil – Dáta briseadh na teorann ama i gcás go gcuirfear tús le himeachtaí dlí – Éifeachtaí na teorann ama – Iarratais ar dhámhachtain damáistí, ar sholáthar faisnéise agus ar dhíothú earraí)
IO C 266, 11.7.2022, p. 5–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
11.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 266/5 |
Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 19 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – HEITEC AG v HEITECH Promotion GmbH, RW
(Cás C-466/20) (1)
(Iarraidh ar réamhrialú - Trádmharcanna - Treoir 2008/95/CE - Airteagal 9 - Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 - Airteagail 54, 110 agus 111 - Teorainn ama toilithe - Coincheap an toilithe - Idirbhriseadh na teorann ama - Fógra foirmiúil - Dáta briseadh na teorann ama i gcás go gcuirfear tús le himeachtaí dlí - Éifeachtaí na teorann ama - Iarratais ar dhámhachtain damáistí, ar sholáthar faisnéise agus ar dhíothú earraí)
(2022/C 266/06)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: HEITEC AG
Cosantóir: HEITECH Promotion GmbH, RW
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní mór Airteagal 9 de Threoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna agus Airteagail 54, 110 agus 111 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail a léiriú sa chaoi nach gcuireann gníomh, ar nós fógra foirmiúil lena gcuireann dílseánach trádmhairc ní ba luaithe nó cirt ní ba luaithe i gcoinne úsáid trádmhairc ní ba dhéanaí gan na bearta is gá a dhéanamh le teacht ar réiteach faoi cheangal an dlí, foirceann ar an toiliú agus, dá réir, ní dhéantar idirbhriseadh ar an tréimhse theorann dá dtagraítear sna forálacha úd. |
2) |
Ní mór Airteagal 9 de Threoir 2008/95 agus Airteagail 54, 110 agus 111 de Rialachán Uimh. 207/2009 a léiriú sa chaoi gurb é is brí leo nach bhféadfaí caingean arna tabhairt ag dílseánach trádmhairc ní ba luaithe nó ceart eile ní ba luaithe a fhéachann le neamhbhailíocht trádmhairc ní ba dhéanaí a dhearbhú nó le cur i gcoinne a úsáidte a mheas mar chosc ar na cearta dá dtagraítear sna forálacha sin, nuair a taisceadh na doiciméid a bhaineann le tabhairt na caingne, i gcás nár chomhlíon an doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí, cé gur comhdaíodh é roimh dháta éaga na tréimhse teorann, de bharr easpa díchill ar thaobh an iarratasóra, ceanglais an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le seirbheáil agus nár tugadh chun rialtachta é go dtí i ndiaidh an dáta sin ar chúiseanna is inchurtha i leith an iarratasóra. |
3) |
Ní mór Airteagal 9 de Threoir 2008/95 agus Airteagail 54, 110 agus 111 de Rialachán Uimh. 207/2009 a léiriú sa chaoi gurb é is brí leo ná nuair a chuirtear cosc ar dhílseánach thrádmhairc ní ba luaithe nó chirt ní ba luaithe iarratas neamhbhailíochta maidir le trádmharc ní ba dhéanaí a dhéanamh nó ar iarratas ar chealú úsáide an trádmhairc sin a dhéanamh, coisctear chomh maith leis an gcosc sin ar dhílseánach an trádmhairc ní ba luaithe nó ceart eile ní ba luaithe éilimh choimhdeacha nó éilimh lena mbaineann a dhéanamh cosúil le héileamh ar dhámhachtain damáistí, ar sholáthar faisnéise nó ar dhíothú earraí. |