EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0257

Cás T-257/22: Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – Yanukovych v an Chomhairle

IO C 257, 4.7.2022, p. 36–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 257, 4.7.2022, p. 32–33 (GA)

4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/32


Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – Yanukovych v an Chomhairle

(Cás T-257/22)

(2022/C 257/47)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Oleksandr Viktorovych Yanukovych (Cathair Pheadair, an Rúis) (ionadaí: B. Kennelly, Abhcóide Sinsearach)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/376 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/375 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (2) a chur ar neamhní sa mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir; agus

a ordú don Chomhairle costais an iarratasóra sa chaingean seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nár dhearbhaigh an Chomhairle, ná nárbh fhéidir léi, cinneadh (cinntí) na n-údarás Úcránach ar a raibh sí ag brath agus í ag glacadh le háireamh an iarratasóra, i gcomhréir lena chearta bunúsacha AE chun cearta na cosanta agus chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle earráidí measúnaithe follasacha agus í ag meas ar sásaíodh critéar an ainmnithe. Go háirithe, ghlac an Chomhairle le hábhair arna gcur ar fáil ag Údaráis na hÚcráine gan scrúdú cuí agus/nó gan na míchruinnis arna aithint ag an iarratasóir a chur san áireamh. Ba chóir don Chomhairle seiceálacha breise a dhéanamh agus tuilleadh fianaise a iarraidh ó Údaráis na hÚcráine i bhfianaise na mbarúlacha arna dtíolacadh ag an iarratasóir agus an fhianaise shaorthach dár sholáthar sé, ach bhí fiosrúcháin teoranta na Comhairle easnamhach ar an méid a bhí ag teastáil. Mar thoradh ar sin, ní ann d’aon bhunús fíorasach daingean do Smachtbhannaí 2022.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh cearta maoine an iarratasóra faoi Airteagal 17(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha AE, sa mhéid, i measc nithe eile, gur srian gan údar, neamhriachtanach agus neamhréireach iad na bearta sriantacha ar na cearta úd, mar gheall ar an méid seo a leanas: (i) níl rud ar bith ann a thabharfadh le fios go meastar gur aistríodh aon chiste a líomhnaítear go ndearna an t-iarratasóir mí-leithghabháil orthu lasmuigh den Úcráin; (ii) ba leormhaith agus leordhóthanach go soiléir bearta inmheánacha na hÚcráine, agus (iii) tá bearta sriantacha tar éis a bheith i bhfeidhm le hocht mbliana agus tá siad, athuair, dá bhforchur ar bhonn imscrúdú réamh-thrialach atá, déanta na fírinne soiléire, dulta in éag agus/nó a bhfuil marbhántacht iomlán air ar a laghad, agus, maidir le ceann acu, nach bhfuil an Chomhairle tar éis féachaint le brath ar aon cheann acu le linn ceachtar den dá bhliain roimhe sin.


(1)  IO 2022, L 70, lch. 7.

(2)  IO 2022, L 70, lch. 4.


Top