This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0304
Case T-304/22: Action brought on 24 May 2022 — Fridman v Council
Cás T-304/22: Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2022 – Fridman v an Chomhairle
Cás T-304/22: Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2022 – Fridman v an Chomhairle
IO C 257, 4.7.2022, p. 52–52
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 257, 4.7.2022, p. 48–48
(GA)
4.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 257/48 |
Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2022 – Fridman v an Chomhairle
(Cás T-304/22)
(2022/C 257/67)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Mikhail Fridman (Londain, An Ríocht-Aontaithe) (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh 2022/337 (1) ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir, a chur ar neamhní; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 (2) ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir, a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre saincheisteanna dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid measúnaithe. Maíonn an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, nach gcomhlíonann aon chuid den fhianaise a thug an Chomhairle ar aird ceanglais chásdlí na hEorpa I dtaobh chaighdeán agus cháilíocht na fianaise agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil aon cheann de dhearbhuithe chúiseanna na Comhairle dea-bhunaithe agus dá bhrí sin nach féidir leo critéir a) agus d) de Chinneadh 2014/145/CBES sa leagan atá i bhfeidhm an tráth sin a shásamh, critéir dá dtagraítear go sainráite ag an gComhairle ina réasúnaíocht. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear pléadáil mhídhleathach an chritéir sin mar gheall ar shárú dúbailte ar phrionsabal na comhréireachta. Measann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an critéar ar a raibh an Chomhairle ag brath go follasach míchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú agus, ar an dara dul síos, go raibh an fhéidearthacht ann úsáid a bhaint as modhanna nach bhfuil chomh sriantach sin. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear easpa bunúis dlí, ar an bhforas nach bhfuil nasc leordhóthanach bunaithe idir an chatagóir daoine aonair a chumhdaítear leis an gcritéar sin agus Cónaidhm na Rúise. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe, ar an bhforas nár bhunaigh an Chomhairle gur fear gnó tábhachtach an t-iarratasóir, ná go bhfuil tionchar aige, ná go bhfuil sé gníomhach in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shubstaintiúil ioncaim do rialtas Chónaidhm na Rúise. |
(1) Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 59, lch. 1).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 58, lch. 1).