Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0264

    Cás T-264/22: Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – Suichi v EUIPO– Michael Kors (Switzerland) International (MK MARKTOMI MARKTOMI)

    IO C 244, 27.6.2022, p. 47–48 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 244, 27.6.2022, p. 46–47 (GA)

    27.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 244/46


    Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – Suichi v EUIPO– Michael Kors (Switzerland) International (MK MARKTOMI MARKTOMI)

    (Cás T-264/22)

    (2022/C 244/64)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Lin Suicha (Zhejiang, an tSín) (ionadaí: J. Donoso Romero, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Michael Kors (Switzerland) International GmbH (Manno, an Eilvéis)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: An t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

    Trádmharc faoi cheist: marc fíortha MK MARKTOMI MARKTOMI de chuid an Aontais Eorpaigh – trádmharc Uimh. 17 946 599 de chuid an Aontais Eorpaigh

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de chuid EUIPO an 10 Márta 2022 i gcás R 1899/2021 – 1

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an méid ar tugadh le fios go léir mar chuid dá cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a dhiúltú ina iomláine;

    a ordú do EUIPO agus don idiragraí na costais a íoc.

    Saincheist dlí

    Sárú ar Airteagal 60(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top