EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0252

Cás T-252/22: Caingean arna tabhairt an 9 Bealtaine 2022 – Timchenko v an Chomhairle

IO C 244, 27.6.2022, p. 45–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 244, 27.6.2022, p. 44–45 (GA)

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 244/44


Caingean arna tabhairt an 9 Bealtaine 2022 – Timchenko v an Chomhairle

(Cás T-252/22)

(2022/C 244/61)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Gennady Nikolayevich Timchenko (An Ghinéiv, an Eilvéis) (ionadaithe: T. Bontinck, A. Guillerme, L. Burguin, S. Bonifassi agus E. Fedorova, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/337/CBES (1) ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 a neamhniú a mhéid a liostaíonn sé an t-iarratasóir in Uimh. 694 den iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 (2) an 28 Feabhra 2022 a neamhniú a mhéid a liostaíonn sé an t-iarratasóir in Uimh. 694 den iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin;

a ordú don Chomhairle 1 000 000 euro a íoc mar sholáthar i ndáil leis an damáiste neamhábhartha a bhain don iarratasóir;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus na gceart bunúsach.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid shoiléir mheasúnaithe, go háirithe maidir leis an bhforas a bhaineann leis an gcaidreamh idir an t-iarratasóir agus an tUachtarán Putin, stádas an iarratasóra mar scairshealbhóir in Volga Group agus a stádas mar scairshealbhóir in Bank Rossiya.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.

5.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar na Conarthaí, go háirithe prionsabal na saorghluaiseachta do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus na rialacha maidir leis an mbunús dlí is infheidhme.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 59, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 58, lch. 1).


Top