EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0250

Cás T-250/22: Caingean arna tabhairt an 6 Bealtaine 2022 – Indetec v an Coimisiún agus páirtithe eile

IO C 244, 27.6.2022, p. 44–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 244, 27.6.2022, p. 43–44 (GA)

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 244/43


Caingean arna tabhairt an 6 Bealtaine 2022 – Indetec v an Coimisiún agus páirtithe eile

(Cás T-250/22)

(2022/C 244/60)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ingeniería para el Desarrollo Tecnológico, SL (Indetec) (Valencia, an Spáinn) (ionadaí: J. Navas Marqués, abogado)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA), Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (EISMEA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

de bhun Airteagal 263 CFAE, rún dar dáta an 10 Márta 2022 agus uimhir thagartha Ares (2022) 1775149 ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA) (dá ngairtear “EASME” anois) ar gníomhaireacht tharmligthe de chuid an Choimisiún Eorpaigh atá inti, a chur ar neamhní;

a dhearbhú, de bhun Airteagal 272 CFAE, gur chuir an t-iarratasóir clásal II.9.1 de Choinníollacha Ginearálta an Chomhaontaithe Deontais don chlár LIFE (1) a síníodh an 10 Meitheamh 2016 idir EASME agus, i measc páirtithe eile, an páirtí seo, a raibh ionadaíocht chuí déanta air don síniú sin ag an tairbhí comhordaithe INNOTECNO, i bhfeidhm go cruinn;

a ordú don Choimisiún Eorpach, trína ghníomhaireacht EASME, an tsuim iomlán de € 335 900,00 a íoc leis an iarratasóir chun a oibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh de réir Chomhaontú Deontais an chláir LIFE a síníodh an 10 Meitheamh 2016 idir EASME agus, i measc páirtithe eile, an páirtí seo, a raibh ionadaíocht chuí déanta air don síniú sin ag an tairbhí comhordaithe INNOTECNO;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go sonrach ar Airteagal 298 de agus ar Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir le hoibleagáid an dea-riaracháin.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 202(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 (2).

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart na cosanta.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chlásal II.9.I de Choinníollacha Ginearálta an Chomhaontaithe Deontais.


(1)  Clár de chuid an Aontais Eorpaigh ar mhaithe leis an gComhshaol agus maidir le Gníomhú ar son na hAeráide.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


Top