EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0241

Cás T-241/22: Caingean arna tabhairt an 2 Bealtaine 2022 – Juvin v an Pharlaimint

IO C 244, 27.6.2022, p. 40–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 244, 27.6.2022, p. 39–40 (GA)

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 244/39


Caingean arna tabhairt an 2 Bealtaine 2022 – Juvin v an Pharlaimint

(Cás T-241/22)

(2022/C 244/55)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Hervé Juvin (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: F. P. Vos, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh D-301936 ón nGrúpa um Thacaíocht Daonlathais agus Chomhordú Toghcháin an 3 Márta 2022, lena n-eisiatar an tUasal Hervé Juvin ó aon rannpháirtíocht i dtoscaireachtaí breathnóireachta toghcháin de Pharlaimint na hEorpa go dtí deireadh a théarma mar fheisire (2019-2024), a neamhniú;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa EUR 3 000 a íoc leis an iarratasóir, ar bhonn Airteagal 87 et seq. de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó cosúil leo siúd ar a bhfuiltear ag brath in T-196/22, Mariani v an Pharlaimint.


Top