EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0506

Cás T-506/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Saure v an Coimisiún (Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát chun vacsaíní COVID-19 a sheachadadh – Cuirí ar ríomhphost chuig cruinnithe an Bhoird Stiúrtha – Diúltú rochtain pháirteach a dheonú – Eisceacht a bhaineann le cosaint príobháideachais agus iomláine an duine aonair – Easpa tarchur riachtanach sonraí pearsanta ar mhaithe le leas an phobail – Airteagal 9(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725)

IO C 244, 27.6.2022, p. 37–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 244, 27.6.2022, p. 36–36 (GA)

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 244/36


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Saure v an Coimisiún

(Cás T-506/21) (1)

(Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát chun vacsaíní COVID-19 a sheachadadh - Cuirí ar ríomhphost chuig cruinnithe an Bhoird Stiúrtha - Diúltú rochtain pháirteach a dheonú - Eisceacht a bhaineann le cosaint príobháideachais agus iomláine an duine aonair - Easpa tarchur riachtanach sonraí pearsanta ar mhaithe le leas an phobail - Airteagal 9(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725)

(2022/C 244/49)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Hans-Wilhelm Saure (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Partsch, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Herrmann, G. Gattinara agus A. Spina, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 9 Meitheamh 2021, lenar diúltaíodh go páirteach dó rochtain ar dhoiciméid áirithe.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do Hans-Wilhelm Saure na costais a íoc.


(1)  IO C 412, 11.10.2021.


Top