Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0181

    Cás T-181/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – LG Electronics v EUIPO – Anferlux-Electrodomésticos (SmartThinQ) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SmartThinQ – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe SMARTTHING – Forais choibhneasta leis an diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001) – Liosta na n-earraí atá clúdaithe ag an marc níos luaithe a aistriú go teanga an cháis – Fíorúsáid an mhairc níos luaithe)

    IO C 244, 27.6.2022, p. 35–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 244, 27.6.2022, p. 34–35 (GA)

    27.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 244/34


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – LG Electronics v EUIPO – Anferlux-Electrodomésticos (SmartThinQ)

    (Cás T-181/21) (1)

    (Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SmartThinQ - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe SMARTTHING - Forais choibhneasta leis an diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001) - Liosta na n-earraí atá clúdaithe ag an marc níos luaithe a aistriú go teanga an cháis - Fíorúsáid an mhairc níos luaithe)

    (2022/C 244/47)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: LG Electronics, Inc. (Seoul, an Chóiré Theas) (ionadaí: M. Graf, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (iondadaí: M. Capostagno, Gníomhaire)

    Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Anferlux-Electrodomésticos, Lda (Vila Nova de Monsarros, an Phortaingéil)

    Ábhar

    Caingean arna tabhairt i gcoinne cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Feabhra 2021 (Cás R 1657/2020-4), maidir le himeachtaí neamhbhailíochta idir Anferlux-Electrodomésticos agus LG Electronics.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don achomharc.

    2)

    Ordaítear do LG Electronics, Inc. a chostais féin a íoc, chomh maith leis na costais a thabhaigh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO).


    (1)  IO C 217, 7.6.2021.


    Top