This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0119
Case T-119/21: Judgment of the General Court of 27 April 2022 — Ramazazni Shadary v Council (Common foreign and security policy — Restrictive measures taken in view of the situation in the Democratic Republic of the Congo — Freezing of funds — Restriction on admission to the territories of the Member States — Retention of the applicant’s name on the lists of persons covered — Right to be heard — Proof that inclusion and retention on the lists is well founded — Manifest error of assessment — Continuation of the factual and legal circumstances which led to the adoption of the restrictive measures)
Cás T-119/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Ramazani Shadary v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha a rinneadh i dtaca leis an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – Reo na gcistí – Srianta le ligean isteach ar chríoch na mBallstát – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar liostaí na ndaoine atá i gceist – An ceart chun éisteacht a fháil – Cruthúnas gur cuí na hainmneacha a chuimsiú agus a choinneáil ar na liostaí – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Buanú na gcúinsí fíorasacha agus dlíthiúla ba bhun le glacadh na mbeart sriantach)

IO C 244, 27.6.2022, p. 34–34
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 244, 27.6.2022, p. 33–33
(GA)
27.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 244/33 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Ramazani Shadary v an Chomhairle
(Cás T-119/21) (1)
(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha a rinneadh i dtaca leis an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Reo na gcistí - Srianta le ligean isteach ar chríoch na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar liostaí na ndaoine atá i gceist - An ceart chun éisteacht a fháil - Cruthúnas gur cuí na hainmneacha a chuimsiú agus a choinneáil ar na liostaí - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Buanú na gcúinsí fíorasacha agus dlíthiúla ba bhun le glacadh na mbeart sriantach)
(2022/C 244/45)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Emmanuel Ramazani Shadary (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaí: S. Lejeune, i gcáil Gníomhaire)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí, sa chéad áit, Cinneadh (CBES) 2020/2033 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2020 L 419, lch. 30), agus, siosa dara háit, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2021 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir, a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean; |
2. |
Ordaítear do Emmanuel Ramazani Shadary na costais a íoc. |