EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0107

Cás T-107/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Amisi Kumba v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha a rinneadh i dtaca leis an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – Reo na gcistí – Srianta le ligean isteach ar chríoch na mBallstát – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist – An ceart chun éisteacht a fháil – Cruthúnas gur cuí na hainmneacha a chuimsiú agus a choinneáil ar na liostaí – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Buanú na gcúinsí fíorasacha agus dlíthiúla ba bhun le glacadh na mbeart sriantach)

IO C 244, 27.6.2022, p. 31–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 244, 27.6.2022, p. 30–30 (GA)

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 244/30


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Amisi Kumba v an Chomhairle

(Cás T-107/21) (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha a rinneadh i dtaca leis an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Reo na gcistí - Srianta le ligean isteach ar chríoch na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist - An ceart chun éisteacht a fháil - Cruthúnas gur cuí na hainmneacha a chuimsiú agus a choinneáil ar na liostaí - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Buanú na gcúinsí fíorasacha agus dlíthiúla ba bhun le glacadh na mbeart sriantach)

(2022/C 244/40)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Gabriel Amisi Kumba (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: B. Driessen agus H. Marcos Fraile, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí, sa chéad áit, Cinneadh (CBES) 2020/2033 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2020 L 419, lch. 30), agus, sa dara háit, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2021 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir, a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do Gabriel Amisi Kumba na costais a íoc.


(1)  IO C 128, 12.4.2021.


Top