Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0568

    Cás T-568/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – MF v eu-LISA (Seirbhís Shibhialta – Foireann shealadach – Post líonta a éilíonn imréiteach slándála – Imréiteach diúltaithe ag an údarás slándála náisiúnta – Foirceannadh an chonartha – Gan iarraidh ar éisteacht – An ceart chun éisteacht a fháil de réir bhrí Airteagal 11(5)(b) de Chinneadh 2015/444)

    IO C 244, 27.6.2022, p. 26–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 244, 27.6.2022, p. 25–25 (GA)

    27.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 244/25


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – MF v eu-LISA

    (Cás T-568/20) (1)

    (Seirbhís Shibhialta - Foireann shealadach - Post líonta a éilíonn imréiteach slándála - Imréiteach diúltaithe ag an údarás slándála náisiúnta - Foirceannadh an chonartha - Gan iarraidh ar éisteacht - An ceart chun éisteacht a fháil de réir bhrí Airteagal 11(5)(b) de Chinneadh 2015/444)

    (2022/C 244/33)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: MF (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

    Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (ionadaithe: M. Chiodi, Gníomhaire, le cúnamh ó A. Duron agus D. Waelbroeck, Dlíodóirí)

    Ábhar

    Trína caingean faoi Airteagal 270 CFAE, arna taisceadh ag Clárlann na Cúirte Ginearálta an 4 Meán Fómhair 2020, iarrann an t-iarratasóir, sa chéad áit, go ndéanfaí cinneadh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) an 29 Deireadh Fómhair 2019 lena bhfoirceanntar a chonradh fostaíochta a chur ar neamhní agus, sa dara háit, a mhéid is gá, cinneadh eu-LISA an 26 Bealtaine 2020 lena ndiúltaítear dá ghearán an 29 Eanáir 2020, a chur ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don achomharc.

    2)

    Ordaítear do MF na costais a íoc.


    (1)  IO C 399, 23.11.2020.


    Top