Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0516

    Cás T-516/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Mandelay v EUIPO – Qx World (QUEST 9) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais QUEST 9 – Sean-fhocalmharc de chuid an Aontais QUEX – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001 – Airteagail 95 agus 97 de Rialachán 2017/1001)

    IO C 244, 27.6.2022, p. 25–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 244, 27.6.2022, p. 24–25 (GA)

    27.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 244/24


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Mandelay v EUIPO – Qx World (QUEST 9)

    (Cás T-516/20) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais QUEST 9 - Sean-fhocalmharc de chuid an Aontais QUEX - Foras coibhneasta le diúltú - Dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001 - Airteagail 95 agus 97 de Rialachán 2017/1001)

    (2022/C 244/32)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Mandelay Magyarország Kereskedelmi Kft. (Mandelay Kft.) (Szigetszentmiklós, an Ungáir) (ionadaithe: V. Luszcz, C. Sár agus É. Ulviczki, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Ivanauskas agus V. Ruzek, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO:: Qx World Kft. (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: Á. László agus B. Mező, Dlíodóirí)

    Ábhar

    Caingean arna tabhairt i gcoinne cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Meitheamh 2020 (cás R 1900/2019-2), maidir le himeachtaí freasúra idir QX WORLD agus Mandelay.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Mandelay Magyarország Kereskedelmi Kft a chostais féin a íoc chomh maith le costais Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus costais QX WORLD Kft.


    (1)  IO C 339, 12.10.2020.


    Top