Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0327

    Cás T-327/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Group Nivelles v EUIPO – Easy Sanitary Solutions (Draeinchainéal cithfholcadáin) (Dearadh Comhphobail – Imeachtaí maidir le cealú – Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear draeinchainéal cithfholcadáin – Iardhearadh a rinneadh tar éis thaisceadh an iarratais ar dhearbhú neamhbhailíochta – Airteagal 28(1)(b)(v) de Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 – Cumhacht mheasúnaithe an Bhoird Achomhairc – Raon feidhme – Airteagal 63(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Imeachtaí ó bhéal agus bearta fiosrúcháin – Airteagail 64 agus 65 de Rialachán Uimh. 6/2002 – Forais neamhbhailíochta – Gné shainiúil – Airteagal 6 agus Airteagal 25(1)(b) de Rialachán Uimh. 6/2002 – Iardhearadh a aithint – Dearadh iomlán níos luaithe – Saintréithe an dearaidh atá faoi chonspóid a chinneadh – Comparáid fhoriomlán)

    IO C 244, 27.6.2022, p. 25–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 244, 27.6.2022, p. 24–24 (GA)

    27.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 244/24


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Group Nivelles v EUIPO – Easy Sanitary Solutions (Draeinchainéal cithfholcadáin)

    (Cás T-327/20) (1)

    (Dearadh Comhphobail - Imeachtaí maidir le cealú - Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear draeinchainéal cithfholcadáin - Iardhearadh a rinneadh tar éis thaisceadh an iarratais ar dhearbhú neamhbhailíochta - Airteagal 28(1)(b)(v) de Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 - Cumhacht mheasúnaithe an Bhoird Achomhairc - Raon feidhme - Airteagal 63(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Imeachtaí ó bhéal agus bearta fiosrúcháin - Airteagail 64 agus 65 de Rialachán Uimh. 6/2002 - Forais neamhbhailíochta - Gné shainiúil - Airteagal 6 agus Airteagal 25(1)(b) de Rialachán Uimh. 6/2002 - Iardhearadh a aithint - Dearadh iomlán níos luaithe - Saintréithe an dearaidh atá faoi chonspóid a chinneadh - Comparáid fhoriomlán)

    (2022/C 244/31)

    Teanga an cháis: an Ollainnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Group Nivelles NV (Gingelom, an Bheilg) (ionadaí: J. Jonkhout, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Folliard-Monguiral agus G. Predonzani, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Easy Sanitary Solutions BV (Oldenzaal, an Ísilitír) (ionadaí: F. Eijsvogels, Dlíodóir)

    Maidir le:

    Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an triú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Márta 2020 (cás R 2664/2017-3), maidir le himeachtaí maidir le cealú idir Group Nivelles agus Easy Sanitary Solutions.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean;

    2.

    Ordaítear do Group Nivelles NV na costais a íoc.


    (1)  IO C 240 an 20.7.2020.


    Top