Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0202

    Cás C-202/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Judicial da Comarca do Porto Juízo Local Cível da Maia (an Phortaingéil) a taisceadh an 15 Márta 2022 – WH, NX v TAP — Transportes Aéreos Portugueses, SGPS, S.A.

    IO C 244, 27.6.2022, p. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 244, 27.6.2022, p. 16–16 (GA)

    27.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 244/16


    Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Judicial da Comarca do Porto Juízo Local Cível da Maia (an Phortaingéil) a taisceadh an 15 Márta 2022 – WH, NX v TAP — Transportes Aéreos Portugueses, SGPS, S.A.

    (Cás C-202/22)

    (2022/C 244/20)

    Teanga an cháis: an Phortaingéilis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Tribunal Judicial da Comarca do Porto Juízo Local Cível da Maia

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: WH, NX

    Cosantóir: TAP — Transportes Aéreos Portugueses, SGPS, S.A.

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1.

    Más rud é, ag féachaint d’Airteagail 5(1)(c); 6(1); 7(1), agus 8(1)(b) de Rialachán Uimh. 261/2004 (1) gur chóir go mbeadh moill mhór ar iompar go dtí an ceann scríbe i mbus arna chur ar fáil ag aeriompróir oibríochta do phaisinéirí a chaill nasceitilt faoi réir cúitimh sa chaoi céanna le moill eitilte.

    2.

    Más rud é, ag féachaint d’Aithris 14 agus d’Airteagal 7(3) de Rialachán Uimh. 261/2004, gur ionann briseadh síos an bhus agus an riachtanas bus ionaid a chur ar fáil le linn an turais go dtí an ceann scríbe agus imthoisc urghnách a scaoilfeadh an t-iompróir ón oibleagáid cúiteamh a íoc leis na paisinéirí i gcás moill fhada ó thaobh am sroichte réamh-mheasta nó intuartha an bhus ag an gceann scríbe de.


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).


    Top