EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0714

Cás C-714/20: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Commissione tributaria provinciale di Venezia – an Iodáil) – U.I. Srl v Agenzia delle dogane e dei monopoli – Ufficio delle dogane di Venezia (Tarchur chun réamhrialú – Aontas custaim – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 201 – Daoine inchánacha – CBL ar allmhairiú – Cód Custaim an Aontais – Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 – Airteagal 77(3) – Dliteanas comhpháirteach agus leithleach an ionadaí indírigh custaim agus na cuideachta allmhairíochta – Dleachtanna custaim)

IO C 244, 27.6.2022, p. 9–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 244/9


Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Commissione tributaria provinciale di Venezia – an Iodáil) – U.I. Srl v Agenzia delle dogane e dei monopoli – Ufficio delle dogane di Venezia

(Cás C-714/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Aontas custaim - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 201 - Daoine inchánacha - CBL ar allmhairiú - Cód Custaim an Aontais - Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 - Airteagal 77(3) - Dliteanas comhpháirteach agus leithleach an ionadaí indírigh custaim agus na cuideachta allmhairíochta - Dleachtanna custaim)

(2022/C 244/11)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Commissione tributaria provinciale di Venezia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: U.I. Srl

Cosantóir: Agenzia delle dogane e dei monopoli – Ufficio delle dogane di Venezia

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagal 77(3) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a léirmhíniú amhail, dar leis an bhforáil sin amháin, nach bhfuil an t-ionadaí indíreach custaim freagrach ach as dleachtanna custaim atá iníoctha i leith earraí a dhearbhaigh sé do chustaim, agus, ina theannta sin, nach bhfuil sé freagrach as CBL ar allmhairiú na n-earraí sin;

2.

Ní mór Airteagal 201 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha a léirmhíniú amhail nach féidir freagracht as cáin bhreisluacha a íoc i leith allmhairí a leagan ar an ionadaí indíreach custaim, go comhpháirteach agus go leithleach leis an allmhaireoir, in éagmais forálacha náisiúnta lena gceaptar nó lena n-ainmnítear an t-ionadaí go soiléir agus go sainráite mar dhuine atá freagrach as an gcáin sin a íoc, nó lena n-aithnítear é ar an gcaoi chéanna.


(1)  Arna thaisceadh an 24/12/2020.


Top