This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CA0265
Case C-265/20: Judgment of the Court (Seventh Chamber) of 5 May 2022 (request for a preliminary ruling from the Hof van beroep te Antwerpen — Belgium) — FN v Universiteit Antwerpen and Others (Reference for a preliminary ruling — Social policy — Part-time work — Directive 97/81/EC — Framework Agreement on part-time work concluded by UNICE, CEEP and the ETUC — Clause 4.1 — Principle of non-discrimination — Part-time academic staff — Automatic permanent appointments reserved for academic staff members holding a full-time teaching post — Calculation of the percentage of a full-time workload to which a part-time workload corresponds — No requirements)
Cás C-265/20: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Hof van beroep te Antwerpen – an Bheilg) – FN v Universiteit Antwerpen e.a. (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Obair pháirtaimseartha – Treoir 97/81/CE – Creat-Chomhaontú CES, UNICE agus CEEP ar obair pháirtaimseartha – Clásal 4(1) – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – Foireann acadúil pháirtaimseartha – Ceapachán buan uathoibríoch arna fhorchoimeád do chomhaltaí na foirne acadúla a bhfuil cúram teagaisc lánaimseartha orthu – Céatadán ualach oibre lánaimseartha a bhfuil ualach oibre páirtaimseartha ag teacht leis a ríomh – Easpa ceanglas)
Cás C-265/20: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Hof van beroep te Antwerpen – an Bheilg) – FN v Universiteit Antwerpen e.a. (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Obair pháirtaimseartha – Treoir 97/81/CE – Creat-Chomhaontú CES, UNICE agus CEEP ar obair pháirtaimseartha – Clásal 4(1) – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – Foireann acadúil pháirtaimseartha – Ceapachán buan uathoibríoch arna fhorchoimeád do chomhaltaí na foirne acadúla a bhfuil cúram teagaisc lánaimseartha orthu – Céatadán ualach oibre lánaimseartha a bhfuil ualach oibre páirtaimseartha ag teacht leis a ríomh – Easpa ceanglas)
IO C 244, 27.6.2022, p. 5–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
27.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 244/5 |
Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Hof van beroep te Antwerpen – an Bheilg) – FN v Universiteit Antwerpen e.a.
(Cás C-265/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Obair pháirtaimseartha - Treoir 97/81/CE - Creat-Chomhaontú CES, UNICE agus CEEP ar obair pháirtaimseartha - Clásal 4(1) - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe - Foireann acadúil pháirtaimseartha - Ceapachán buan uathoibríoch arna fhorchoimeád do chomhaltaí na foirne acadúla a bhfuil cúram teagaisc lánaimseartha orthu - Céatadán ualach oibre lánaimseartha a bhfuil ualach oibre páirtaimseartha ag teacht leis a ríomh - Easpa ceanglas)
(2022/C 244/06)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Hof van beroep te Antwerpen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: FN
Cosantóirí: Universiteit Antwerpen, Vlaamse Autonome Hogeschool Hogere Zeevaartschool, PB, ZK, NG, ZN, UM
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní mór clásal 4(1) den Chomhaontú maidir le hobair pháirtaimseartha, arna thabhairt i gcrích an 6 Meitheamh 1997, mar a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 i ndáil leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha arna thabhairt i gcrích ag UNICE, CEEP agus ETUC, arna leasú le Treoir 98/23/CE ón gComhairle, an 7 Aibreán 1998 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht agus ar chleachtais náisiúnta lena ndéanfar comhalta den fhoireann acadúil a bhfuil cúram teagaisc lánaimseartha air a cheapadh go huathoibríoch ar bhonn buan, gan aon chúis oibiachtúil seachas an cúram sin a bheith air go lánaimseartha, fad is atá comhalta den fhoireann acadúil a bhfuil cúram páirtaimseartha air á cheapadh ar bhonn buan nó á fhostú ar bhonn sealadach. |
2) |
Ní mór an Chreat-Chomhaontú maidir le hobair pháirtaimseartha, arna thabhairt i gcrích an 6 Meitheamh 1997, mar a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 97/81, arna leasú le Treoir 98/23, a léirmhíniú sa chaoi nach leagtar síos leis, mar dhualgas ar an bhfostóir a fhostaíonn oibrí páirtaimseartha, aon cheanglas maidir leis an modh chun an céatadán is ionann an t-ualach oibre páirtaimseartha sin i gcomparáid le hualach oibre lánaimseartha inchomparáide, a ríomh. |