EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62019CA0451

Cásanna uamtha C-451/19 agus C-532/19: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia de Castilla-La Mancha – an Spáinn) – Subdelegación del Gobierno en Toledo v XU (C-451/19), QP (C-532/19) (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 20 CFAE – Saoránacht an Aontais Eorpaigh – Saoránach an Aontais nár fheidhmigh a shaoirse gluaiseachta riamh – Iarratas ar chárta cónaithe do bhall teaghlaigh ar náisiúnach tríú tír é – Diúltú – Oibleagáid maidir le hacmhainní leordhóthanacha atá ar shaoránach an Aontais – Oibleagáid ar chéilí cónaí le chéile – Leanbh ar saoránach de chuid an Aontais é – Dlí agus cleachtas náisiúnta – Teachtadh éifeachtach na bpríomhcheart a thugtar do náisiúnaigh an Aontais – Díth)

IO C 244, 27.6.2022, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 244/3


Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia de Castilla-La Mancha – an Spáinn) – Subdelegación del Gobierno en Toledo v XU (C-451/19), QP (C-532/19)

(Cásanna uamtha C-451/19 agus C-532/19) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 20 CFAE - Saoránacht an Aontais Eorpaigh - Saoránach an Aontais nár fheidhmigh a shaoirse gluaiseachta riamh - Iarratas ar chárta cónaithe do bhall teaghlaigh ar náisiúnach tríú tír é - Diúltú - Oibleagáid maidir le hacmhainní leordhóthanacha atá ar shaoránach an Aontais - Oibleagáid ar chéilí cónaí le chéile - Leanbh ar saoránach de chuid an Aontais é - Dlí agus cleachtas náisiúnta - Teachtadh éifeachtach na bpríomhcheart a thugtar do náisiúnaigh an Aontais - Díth)

(2022/C 244/03)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de Castilla-La Mancha

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Subdelegación del Gobierno en Toledo

Cosantóirí: XU (C-451/19), QP (C-532/19)

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 20 CFAE a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar Bhallstát iarratas ar athaontú teaghlaigh arna thíolacadh chun leasa náisiúnach de thríú tír a dhiúltú, ar ball teaghlaigh é de shaoránach an Aontais a bhfuil náisiúntacht an Bhallstáit sin aige agus nár fheidhmigh a cheart chun saorghluaiseachta riamh, ar an bhforas aonair nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an saoránach sin de chuid an Aontais dó féin agus don bhall sin dá theaghlach gan a bheith ina ualach ar an gcóras náisiúnta cúnaimh shóisialaigh, gan scrúdú a dhéanamh an bhfuil caidreamh spleáchais idir an saoránach sin de chuid an Aontais agus an ball sin dá theaghlach de chineál go gcuirfí iallach ar an saoránach céanna de chuid an Aontais críoch an Aontais Eorpaigh ina hiomláine a fhágáil agus go mbainfí de, dá bhrí sin, teachtadh éifeachtach na bpríomhcheart a thugtar dó mar náisiúnach an Aontais.

2)

Ní mór Airteagal 20 CFAE a léirmhíniú sa chaoi, ar thaobh amháin, nach ann do chaidreamh spleáchais, lena dtugtar údar maith le ceart cónaithe díorthaithe a dheonú faoin Airteagal sin, d’aon toisc go bhfuil ar náisiúnach de Bhallstát is duine fásta é nár fheidhmigh a cheart chun saorghluaiseachta riamh agus a chéile is duine fásta agus is náisiúnach de thríú tír, cónaí le chéile, faoi na hoibleagáidí a eascraíonn as pósadh faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil náisiúntacht ag an saoránach den Aontas ann agus ina ndearnadh an pósadh agus, ar an taobh eile, nuair is leanbh mionaoiseach é an saoránach de chuid an Aontas, nach mór don mheasúnú maidir leis an gcaidreamh spleáchais a bheith ann, lena dtabharfaí údar maith le deonadh do thuismitheoir an linbh seo, ar náisiúnach tríú tír é, ceart chun cónaithe díorthaithe faoin airteagal sin, a bheith bunaithe ar chúinsí uile an cháis arna gcur san áireamh, ar mhaithe le leas an linbh. Nuair a chónaíonn an tuismitheoir sin go cobhsaí leis an tuismitheoir eile, ar saoránach an Aontais é, den leanbh mhionaoiseach sin, tá toimhde infhrisnéise ann go bhfuil caidreamh spleáchais den sórt sin.

3)

Ní mór Airteagal 20 CFAE a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil caidreamh spleáchais ann, a thabharfadh údar maith le ceart cónaithe díorthaithe a dheonú, faoin Airteagal sin, chun leasa an linbh mhionaoisigh, ar náisiúnach de thríú tír é, den chéile, ar náisiúnach de thríú tír é féin, de shaoránach den Aontas nár fheidhmigh a shaoirse gluaiseachta riamh, sa chás go saolaítear, as an bpósadh idir an saoránach sin den Aontas agus a chéile, leanbh, atá ina shaoránach den Aontas agus nár fheidhmigh an tsaoirse gluaiseachta riamh, agus go gcuirfí iallach ar an leanbh sin críoch an Aontais a fhágáil, ina hiomláine, dá gcuirfí iallach ar an leanbh mionaoiseach, ar náisiúnach tríú tír é, críoch an Bhallstáit lena mbaineann a fhágáil.


(1)  IO C 432, 23.12.2019


Top