Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2022/244/02

    Seoladh na gníomhaíochta breithiúnaí idir an 1 agus an 15 Meán Fómhair 2022

    IO C 244, 27.6.2022, p. 2–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 244/2


    Seoladh na gníomhaíochta breithiúnaí idir an 1 agus an 15 Meán Fómhair 2022

    (2022/C 244/02)

    Ag an gCruinniú Iomlánach an 1 Meitheamh 2022, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara go ndéanfaidh Breithiúna nua na Cúirte Ginearálta an mionn a ghlacadh os comhair na Cúirte Breithiúnais an 15 Méan Fómhair 2022 agus, dá dheasca sin, deimhnítear, i gcomhréir le hAirteagal 5, an tríú mír, den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go dtí go dtéann Breithiúna nua na Cúirte Ginearálta i mbun a ndualgas:

    beidh van der Woude, Uasal, ina Uachtarán ar an gCúirt Ghinearálta;

    beidh Papasavvas, Uasal, ina Leas-Uachtarán ar an gCúirt Ghinearálta;

    beidh Kanninen, Uasal, Tomljenović, Uasal, Gervasoni, Uasal, Spielmann, Uasal, Marcoulli, Uasal, da Silva Passos, Uasal, Svenningsen, Uasal, Costeira, Uasal, Kornezov, Uasal, De Baere ina nUachtaráin ar na Dlísheomraí ina bhfuil cúigear nó triúr Breithiúna;

    beidh feidhm fós ag an gcinneadh ar fhoirmíocht na nDlísheomraí an 20 Meán Fómhair 2019, arna leasú le cinneadh an 13 Eanáir 2022 (IO 2022 C 52, lch. 1), cinneadh an 4 Deireadh Fómhair 2019 maidir le sannadh na Breithiúna do Dhlísheomraí, arna leasú le cinneadh an 13 Eanáir 2022 (IO 2022 C 52, lch. 1), cinneadh an 10 Aibreán 2019 maidir le foirmíocht an Mhór-Dlísheomra (IO 2019 C 172, lch. 2), cinneadh an 10 Iúil 2019 maidir le modh ceapacháin Breithimh a rachaidh in ionad Breitheamh nach féidir leis feidhmiú (IO 2019 C 263, lch. 2) agus cinneadh an 4 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis na critéir chun cásanna a shannadh do Dlísheomraí (IO 2019 C 372, lch. 2).


    Top